Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Tá poll ar rigín an toighe a rachadh seabhac isteach air. Tá leomhan istigh anns an teach. Tá colamán istigh sa leomhan. Tá uibh istigh sa cholamán agus tá eochair istigh san uibh agus go dtí go mbualtar mise isteach sa chroidhe leis an eochair sin, ní thig mé mharbhughadh. Agus ar an tséala sin níor fhéad tusa éad ar bith a bheith ort”.
    I gcionn tamaill chuaidh an fathach a luighe agus nuair a chuaidh tháinic mac an Ríogh ann a chrochaidheacht fhéin agus d’innis inghean Ríogh Chnoc an Óir nach mar sin a bhí amhlaidh.
    D’éirigh an fathach go luath ar maidín fuair a bhricfeasta agus d’imthigh amach a sheilg. Níor luaithe imthighthe é ná bhog mac an Ríogh leis, amach a bhreathnughadh na háite. Tháinic sé fhad leis an teach iarainn, chuaidh suas ar rigín an toighe agus chonnaic sé an bealach le ghabhail isteach.
    Rinn sé fígheadóir de fhéin agus chuaidh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal