Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’innis sí do mhac an Ríogh caidé dubhairt an fathach leithe.
“Níl sé ach ag cur i gceill”, ars’a mac an Ríogh agus thig leat-sa amarach blátha deasa a chur thart timcheall an chrainn agus leigint ort fhéin go bhfuil meas mór agat air”.
Ar maidín lá thar na bharach nuair a d’éirigh an fathach rinn mac an Ríogh fígheadhóir do fhéin agus chuaidh sé i bhfolach. Fuair an fathach a bhricfeasta agus d’imthigh sé amach a sheilg. Chuaidh mal an Ríogh ann a chrochaidheacht féin ar ais agus thoisigh sé fhéin agus inghean Ríogh Chnoc an Óir a chur deiseacht fá bhun an chrainn.
Tháinic an fathach ‘n-a bhaile tráthnóna agus thug sé fá dear caidé bhí deanta ag an chailín óg. Chuir sé lúthghair mhór air agus shaoil sé go raibh grádh mór aici air.
“Bhal, sin obair i n-aiscidh”, ars’ an fathach, “ná níl mo chroidhe-sa anns an chrann sin ar chor a’ bith. An bhfeiceann tú an teach iarainn sin thall?” ar’ seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall