School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 380
- XML “Na Colmáin Bhána”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag piocadh ann.Bhreathnaigh sé iad go géar agus sa deireadh chonnaic sé ceann aca 'piocadh faoina eiteoig. Ar a bhomaite chuir sé méar air ag rádh 'Seo do mhac".
Bhí sé ag dul dá thabhairt leis ach dubhairt an fear ruadh go gcaithfeadh se é a phiocadh arís. Thug sé leis é isteach i mboightheach a raibh trí fichid bológ ann.Bhreathnaigh an fear bocht go géar iad agus comh luath agus a chonnaic sé ceann aca ag tochas a chluaise lena adharc chuir sé méar air ag rádh " Seo mo mhac".
Bhí sé ag tabhairt leis a mhic, ach chuir an fear ruadh bac air arís. " Fóill, fóill!", arsa seisean, caithfidh tú é a phiocadh an tríomhadh huair. Thug sé leis é amach go léana mór ar a raibh trí fichid each. Bhreathnaigh an fear bocht go géar iad agus nuair a chonnaic sé ceann aca ag bualadh clinc dá chruth ar an talamh chuir sé méar air ag rádh" Seo mo mhac".
"Níl tu níos fearr nó an té a mhúin tú," arsa an fear beag.Shaoruigh tú(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mhac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Loch Eirg, Co. Donegal