School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 326
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Bríde”
- XML “Sean-Nósannaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tábla téigheann sé amach.
Bheireann sé na feaga leis agus ag teacht ar leic a’ dorais do déireann sé, “gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, fosclaigidh bhur súilibh agus leigigidh isteach Bríghid”. Freagrann bean a toighe, “sé beatha”. Sgairteann seisean ath uair, “gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, fosclaigidh bhur súilibh agus leigigidh isteach Bríghid”. Freagrann sise, “sé beatha, sé beatha”.
Sgairteann seisean an tríomhadh h-uair, gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, fosclaigidh bhur súilibh, agus leigigidh isteach Bríghid. Freagrann bean a’ toighe, “sé beatha na mná uaisle”.
Annsin fágann sé na feaga faoi’n tábla go mbíonn an tae thart. Nuair a bhíos an tae thart gnídheann gach duine de’n teaghlach cros. Nuair a bhíos na crosanna deánta fágtar san fhuinneoig iad. Lá thar na bharach cuirtear uisge coisreactha ortha. - Sean Nósannaí.
Nuair a cuirtear an t-uisge coisreactha ar na crosanna, cuirtear ceann acu i gcionn a toighe. Cuirtear annsin é mar sciath le linn gaoithe móire agus toirnighe.
Cuirtear ceann san stábla le gach tinneas agus aicídeacha a coingbheailt ar shiubhal ón capall.(continues on next page)- Informant
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Goirt Sháile, Co. Donegal