School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 054
- XML “Coiníní sa Churra”
- XML “Naomh Pádraig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dé chúis ná raibh sé marbh aige. "Níl mé chun é a marbhú" arsa Seán Ó Loinnsigh leis. "Ní fuilir" arsa Fudge "marbhóchaidh mé anois é" arsa sé ag breith ar an gunna. " Má dhéanann tú" arsa an fear eile " beidh beirt sínte ag breith ar an ramhan". Bhí an bean ag éisteacht leo. Rug sí ar an madra agus thóg sí anáirde ar a baclainn é. Chaith an tiarna imeacht leis gan an madra a marbhú. Lá eile ina dhiaidh sin thug sé turus eile go dtí an Churra. Bhí Seán Ó Loinnsigh ag obair fé crann úill. Bhí gealbháin ináirde ar an gcrann. Chonaic an tiarna na gealbháin. Thug sé fé's na héineacha agus cuid mór des na gráinneacha isteach i gcabhail Seáin Uí Loinnsigh. D'imigh an tiarna gan stró ná focal.
Bhí driothár de Sheán ina chónaí sa Gráinsigh agus nuair a d'airigh sé cad a bhain dá driothár bhí buile air. Bhí roinnt talmhan aige Fudge sa Ghráinsigh leis agus bhíodh sé ann go min-minic. Oíche amháin bhí sé ag gabháilt timpeall na h-áite. Chonaic an Loinnsigh é. Fuair sé camán agus nuair a bhí Fudge ag teacht amach bearna na páirce bhuail sé fé bhun na cluaise é agus thug a dhá chois ináirde. Caith a mhuintir teacht fén a dhein le drae. Thugadar abhaile go dtí Cnoc na gCaorach é. Bhí sé ina fear macánta ón lá sin amach. - Bhí Naomh Pádruig uair ag teagasc agus ag craobhscaoileadh an creidimh i lár na h-Éireann. Bhí draoi san áit duine mór ba eadh é agus gach aon oidhche lasadh sé solus agus aoinne(continues on next page)
- Informant
- Liam Ó Loinnsigh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- c. 65
- Address
- Curragh, Co. Waterford