Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Coiníní sa Churra”
  4. XML “Naomh Pádraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dé chúis ná raibh sé marbh aige. "Níl mé chun é a marbhú" arsa Seán Ó Loinnsigh leis. "Ní fuilir" arsa Fudge "marbhóchaidh mé anois é" arsa sé ag breith ar an gunna. " Má dhéanann tú" arsa an fear eile " beidh beirt sínte ag breith ar an ramhan". Bhí an bean ag éisteacht leo. Rug sí ar an madra agus thóg sí anáirde ar a baclainn é. Chaith an tiarna imeacht leis gan an madra a marbhú. Lá eile ina dhiaidh sin thug sé turus eile go dtí an Churra. Bhí Seán Ó Loinnsigh ag obair fé crann úill. Bhí gealbháin ináirde ar an gcrann. Chonaic an tiarna na gealbháin. Thug sé fé's na héineacha agus cuid mór des na gráinneacha isteach i gcabhail Seáin Uí Loinnsigh. D'imigh an tiarna gan stró ná focal.
    Bhí driothár de Sheán ina chónaí sa Gráinsigh agus nuair a d'airigh sé cad a bhain dá driothár bhí buile air. Bhí roinnt talmhan aige Fudge sa Ghráinsigh leis agus bhíodh sé ann go min-minic. Oíche amháin bhí sé ag gabháilt timpeall na h-áite. Chonaic an Loinnsigh é. Fuair sé camán agus nuair a bhí Fudge ag teacht amach bearna na páirce bhuail sé fé bhun na cluaise é agus thug a dhá chois ináirde. Caith a mhuintir teacht fén a dhein le drae. Thugadar abhaile go dtí Cnoc na gCaorach é. Bhí sé ina fear macánta ón lá sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Naomh Pádruig uair ag teagasc agus ag craobhscaoileadh an creidimh i lár na h-Éireann. Bhí draoi san áit duine mór ba eadh é agus gach aon oidhche lasadh sé solus agus aoinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Loinnsigh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 65
    Seoladh
    An Currach, Co. Phort Láirge