Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Ardmore, Co. Waterford
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 055
- XML “Naomh Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhuchadh an solus sin gheobhadh sé bás. Bhí muinntir na h-aite go léir fé'n a chos aige. Sé an ainm a bhí ag na daoine air ná an t-Sicín. Bheul an lá seo bhuail buachaill aimsire le Naomh Pádruig agus bhíodar ag cainnt. Dubhairt an buachaill le Naomh Pádruig gur mhaith leis an creideamh a ghlacadh agus bheith in aonfeacht leis acht go raibh eagla air go bhfaigheadh sé bás - sin go gcuirfeadh an t-Sicín chun báis é. 'Ná bac san' arsa Naomh Pádruig múchfadh-sa an solus ar sin. 'Ní maith liom san a fheiscint' arsa an buachaill aimsire bheadh eagla orm. 'Nuair a thiocfadh an t-am' arsa Pádrauig is féidir leat do shuile a dhúnadh. Nuair a tháinig an t-am do lasadh an solus dubhairt Naomh Pádruig leis an mbuachaill a shúile a dhúnadh annsan. Thóg sé leabhar amach agus thosnuigh ag léigheamh do mhúch an solus. Do lasadh an solus an dara uair agus do mhúch Naomh Pádruuig é Do lasadh an tillomhodh uair é agus do mhúch Naomh Pádruig aríst é agus ní bhfaighfaidhe é lasadh níos mó.
"Cá mbeidh tú id shuan anocht, arsa an buachaill le Naomh Pádruig "Níl aon áit agam chun luighe" arsa Pádruig. Tair abhaile liom-sa arsa an buachaill agus tabharfaidh mo mhaighistir cead luighe dhuit". Chuadar, chuir an maighistir fáilte rómpa, fuaireadar suipéir breagh. Nuair a bhí an suipear ithte dubhairt an maighistir ná raibh aon slighe codalta aige do N. Pádruig. "Gheobhaidh sé teacht in aonfeacht liom-sa" arsa an buachaill agus chuaidh. Nuair a d'eirigh an garsún ar maidin dubhairt sé le Naomh Pádruig fuineach in a luighe agus dhein.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Loinnsigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- Curragh, Co. Waterford