School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 202
  3. XML “Fear ag Baint Aitinn”
  4. XML “An Bhean Shaibhir”
  5. XML “An Rud is Annamh is Iontach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a dtiocfaidh is a dtáinig riamh, imtheochaidh mise agus tusa, agus beidh an t-aiteann ag fás in ár ndiaidh. Annsan leig an feirmeoir do an t-aiteann a bhaint. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian d'aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Bhean Saidhbhir
    Bhí bean ann fadó, agus bhí sí an-shaidhbhir, nuair a bhí sí timcheall 90 blian d'aois thuit sí tinn. Bhí cailín aimsire aici, agus bhíodh sí ag tabhairt aireachais di. Bhí sí an-thinn ar fad, annsan bhí sí ag fág[h]ail bháis agus dubhairt sí leis an gcailín go raibh 10,000 púnt sa seomra 'na raibh sí. Dubhairt sí léi é a d'fhág[h]ailt agus é a bheirbhiú in bainne agus go n'ólfhadh sí é.
    'Sé an rud a dhein an cailín ná an £10,000 a choimeád, agus dhein sí an bainne a bheirb[h]iú agus chuir sí púnt ime sa mbainne chun é a dhéanamh bhuidhe. Thug sí di é agus d'ól sí é, annsan fuair sí bás, agus bhí an £10,000 ag an cailín. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian d'aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.