Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- BAILE an DOICHILL - Baile Mhór Ráíthinis amhlaidh nac raibh Muinntir Mhór-Ráithín ró-carthannach ró chineálta, agus ba spíd leó aon rud, greim bidh nó deoch athabhairt i n-aisge. Ní cuirtí fíorcaon fáílte roimh aoinne, no ní réídtightí fleadh no féasta don chuairteóir mar a deántaoi i n-áiteacha eile, is dócha gurbh'n an t-ádhbhar an t-ainm sin a bhaisteadh air."Baile Mhór-Ráithín,
Baile gan greann,
Ith do bhricfeasta,
Sár a dtéíghidh tú ann."Balle dubh ar chúl an tsrótha;
Na mná gan teanga gan ceist.
MUING an DOICHILLabha bheag a ritheann tridh an mbaile gus snigheann sé isteach i gCuan an Inbhir Mhóír:
MANTRACH:Seanfhothrach agus é suidhthe ar fhearann Mhicil Ui Mhurchadha.
GARRDHA CHAITLÍNAr fhearann Mhichil Mhic Chomamara.
MUING Abha beag san mbaile
PÁIRC an CHILLÍNPairc ina bhfuil an Cillín in a gcuirtear na paístí gan baisteadh. Tá sé i bhfogus gabhaltais Eamoin Ui Ghacháin.
GARRDHA UÍ DHUBHGHÁÍNTá sé ar thalamh Eamoin Úi Thuathchair. Ba le fear go raibh an t-ainm an Dubhghánach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Bairéad
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Maigh Raithin, Co. Mayo