Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 230
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...”
Thíos faoi tá liosta nó cnuasacht de na h-ainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na h-ailpreácha atá san fhaill a shíneann ó Ghob Dubh Mhíola (?) (atá suidhthe ar bheál an Chuain Daill ar an dtaoibh dheis) go Gob Chaisil atá suidthe i gCreagán an Líne.N.B. Tá "Cuan Dall" díreach ar an dtaobh thuaidh de Sgoil Shean-Achaid.
UAIGH a' TAIRBH:-uchais an-fhada caol seadh an uchais seo, sí an ceann is goire do Ghob Dubh Mhíola. Sé a dubhairt an sean fhear gur bádhadh tarbh ann , agus gurabh uaidh sin ar h-ainmnigheadh é. Ní mhoide (?) gur mar sin athárla, mar bhí an talamh atá buailte leis an bhfaill i seilbh Carson agus do bíodh tréád mór ag fosaidheacht ar an talamh sin.
UAIGH SHUIBHÁIN NÍ CHUINN:- Bhí bean san gcomharsanacht gurbh ainm Siubhain Ní Chuinn dhí. Is amhlaidh gur imthigh sí síos i dtreó na faille lena cuid bó a chruinniú. Bhí ceann des na buaibh ann a bhí an fhiadhain, agus chuaidh sé de sciúir (?) i dtreo na faille, ceád a rinne Siubhán greim a bhreith ar iarbail na bó ag iarraidh í a tharraingt siar, ach b'é a thála nó gur tharraing an bó Siubhan bhocht isteac san ailp san fairrge go bhfuair an pluais an t-ainm dá bhárr sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Maolálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo