Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 169
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr Tighearna Talmhan sa bparóíste seo cupla bliadan ó shin. Seo iad an t-ainm abhí ortha, Cartar, Seán Breatnach, Major Bingim. Bhí Cartar mar tighearna talmhan ós cionn Dubh agus Polla Capaill agus Baile Glais.Ba é Seán Breathnach an Tighearna Talmhan abhí ós cionn Sean-Achaidhe agus ba é Major Bingim abhí mar Tighearna Talmhan ar Puirt-an-Iasgaigh agus Achaidh an Glaisín.Bhí Seán Breathnach agus Major Bingim an chruaidh don na daoine agus mar geall ar sin bhí grán ag na daoine ortha. Bhí Cartar an-cóir don na daoine; níor iarr sé cíos ar aon baintreabhaigh san gceanntar seo go mbéádh (?) chlann ábalta a dheánamh len a thuilleadh agus nuair a fuair sé bás bhí brón ar na daoine.Nuair nach raibh cíos íochta ag na daoine eile do cuir Seán Breathnach agus Major Bingim iad as a seilbh agus cuaidh (?) sin go Meáracá agus fuair cuid den na daoine bás. Bhí cogadh in Iorrus ós cionn leith bliadhan ó shin. Bhí báílle ann agus níor thug na daoine na cíosta dó agus dubairt sé len na Gárdaí dul amach agus an chíos a bhailiú agus cuaidh na Gárdaí amach agus bhí cogadh acú san Inbhir agus do chaith siad a lán piléar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maire Ní Naillín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Naillín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo