Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 161b
- XML “Longworthy”
- XML “Inis Glóire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé a bhean, gus gur mharbhuigh sé féin na diaidh sin.
Do thug Seámus Ó Maolálaigh, (Cnoc na Sean Bhóth, Béal a' Muirthid) an cúnntas seo thuas dom. Sean fhear seadh Seámas, agus tá sé beagnach octó bliadhain d'aois. Rugadh agus tógadh i gCnoc an Seanbhoth é, agus do chaith sé a shaoghal ar fad ann ac dhá bliadhain a chaith sé in Ameiriceá nuair abhí sé ina fhear óg. Seán Ó Dubhtaigh (Príomh oide) - Oilean beag i bparóiste na Cille Móíre, i mbarúntacht Iorruis, seadh Inis Glóíre.
Tá an fothrach is ársa da bhfuil i nIorras san oileán sin, sean teampall abhí ann fadó.Deirtear gurbh é Naomh Breándán a thógh an teampall sin san séamhadh aois.Tá cnámha i gceann des na fuinneógaibh i lathair na h-uaire agus sé tuairim na ndaoine gurabh iad sin cnáimhe Naomh Breándáin. Pé uair a théigheann na daoine go dtí an oileán sin tugtar gradam fe leith dos na cnáimhaibh sin. Tá tobar san oileán agus má thógann bean uisge as an tobar éireóchadh sí salach agus mudaighthe. "Bhí mé ann uair amáin," asra (?) Pat agus bhí bean ar thog (?) a ghabháil síos le deoch uisge d'fhagháil, nuair aghlaoidh fear as an oileán uirthi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pat Ó Maolfhábhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- Cnocán na Líne, Co. Mayo