School: Dubhloch

Location:
Dumha Locha, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 541

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 541

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhloch
  2. XML Page 541
  3. XML “Na Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhíodar timcheall agus leath-bhealaighe thuit hata an fhir seo amach agus chrom sé ós cionn an bháid le'n é a fhághail agus thuit sé amach. Ní raibh aon t-sábháilt air agus cé'n áít a fritheadh é ach ag béil sruthláin bhig a bhí ag teacht ó thobar na Fáile Móíre.
    Nuair a théígheann daoine ann téigheann síad naoi n-uaire ar a nglúnaibh gan brógaí ná stocaí ortha, agus caithfidh síad an paidrín páírteach a rádh trí h-uaire ag dul thart dóíbh. Más go duine tinne a gníonns síad an turas tugann siad buidéal de'n uisge leo, agus tugann síad dhó é le n-ól agus déanann siad comhartha na croise air leis. Deirtear muna bhfágann duine biorán nó rud eicínt mar sin in a dhiaidh go gcaillfidhe sé rud eicínt níos luachmhara sul a shroichfidhe sé an teach.
    Tá tobair eile i gCarn agus an chaoi céadhna a déantar an turas ann is a ndéantar é ag Fál Mór. An tAthar Ó Cathain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Mhurchada
    Gender
    Female
    Address
    Loch na hOilí, Co. Mayo
    Informant
    Bean Seáin Bairéad
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Age
    70
    Address
    Loch na hOilí, Co. Mayo