School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin chuaid fear ó Éirinn go Sasana ag lorg oibre. Thug feilméar obair dó. Bhí neart fear ag obair sa bhfeilm seo. B'é deireadh an Fóghmhair a bhí ann. Bhí an aimsir te go leór agus bhí gach fear ag obair go cruaidh ag sábháilt na mbarrai.Lá amháin tháinig an dúil san ól ag fear aca agus híl sé gur mhaith an rud dul go dtí an siopa agus buidéal uisge betha a cheannach. Ní raibh aon airgead aige agus ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé. Sa deireadh (?) chuimhnigh sé ar rud eicínt a dhéanamh. Céard a rinne sé acht imtheacht go dtí an gcruach mhór fhéir a bhí ag an bhfeilméar agus tosnú ar é a leagadh. Níorbh fhada dhó ag gabháil do'n obair so nuair a gaibh an feilméar an treó. "Cé'n fáth a bhfuil tú ag leagadh na cruaiche sin" ars' an feilméar. "Táim creachta" ars an sclábhuidhe "Chaill mé mo sparán san bhféar agus bhí ceathrachadh punt ann. "Tair anuas" ars an feilméar agus nuair a bheidh mé ag tarraingt na cruaiche abhaile geóbhaidh mé an sparán agus tabharfaidh mé duit é. "Ó ars an fear "ní rachaidh mé abhaile anocht go bhfuighidh mé é" "Tair anuas" ars an feilméar, go feargach. "Tiocfaidh mé anuas"(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Paidín
- Gender
- Male