Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 556
- XML “Scéal - An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an [!] bealach seo arís" ar seisean.
Bhí sé ag imtheacht agus ag imtheacht go ndeachaidh sé go Baile Átha Cliath. Bhí an toirtín ithte aige faoi seo agus ní raibh pinghean ruadh in a phóca aige.
"Mo léan géarr nár fhan mé sa mbaile. Bfhearr an troid ná an t-uaigneas" ar seisean leis féin.
Tíos i gcoirnéal na sráide casadh scata tinncéirí air. Bhuail siad orra ag comhrádh. "Má thigeann tú síos liom-sa go ceann lá agus bliadhna beidh ceird mhaith agat" ars an tinncéir leis. "Sé is fada liom go bhfuair mé an seans, Tá an caill orm leis an ocras" arsa Seán
Tugadh síos é go ceann lá agus bliadhain agus nuair a bhí an lá agus an bhliadhain caithte chuir sé roimhe imtheacht. Dubhairt duine aca leis nach tinncéirí é gan "Budget" abheith aige. Dubhairt fear eile go gcaithfheadh sé maide droighin abheith aige agus dubhairt an tríomhadh duine nach tinncéirí a bheadh ann gan airgead. Tugadh "Budget" agus maide droighinn dó agus thug 'chaon aca tuistiún dó.
Bhuail sé amach aríst agus ní fada abhí siubhalta aige gur casadh sean-fhear siubhail leis agus d'iarr seisean déirce air. Chuir Seán a lámh in a phóca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cordubh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mayo