Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 557](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_557.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 557
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 557
- XML “Scéal - An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus thug tuistiún dó.
"Aon impidhe a iarrfhas tú anois geobhfaidh tú é" arsan sean fhear. "Tá go maith" arsa Seán. "Einne a gabhfas isteach i mo "Budget" nár fhágaidh sé é go mbainfhidh mise luaidheacht a thurais as". Shoruigh uait arsan sean fhear "nár iarr rud níos fearr, ach geobhfaidh tú é sin".
Bhuail Seán an bothair arís agus cé casadh leis ach sean-fhear eile. Chuir Seán a lámh in a phóca agus thug tuistiún dó. Aon impidhe a iarrfhas tú anois geobhfaidh tú anois é arsan sean-fhear. "Tá go maith" arsa Seán. "Gan aon duine buaidh fhagháil orm ag imirt cárdaí "Mo léan nár iarr tú rud níos feárr" ach geobhfaidh tú sin" arsan sean-fhear
D'Imtigh sé leis agus níorbh fhada gur casadh an tríomhadh duine leis. Thug sé an tuistiún deiridh dó agus dubhairt an fear déirce leis go bfuighbheadh sé aon impidhe a iarrfadh sé. "Tá garrdha ag mo mháthair" arsa Seán "agus éinne a gabhfas isteach ann nár fhágaidh sé é go mbainfhidh mise luaidheacht a thurais as" "Tá go maith" arsan sean fear "geobhfhaidh tú sin."
Bhuail Seán bóthair arís agus bhí sé ag siubhail leis go dtáinig sé go dtí an tom(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cordubh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mhaigh Eo