Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 502
- XML “Gleann na nGad”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleann na nGad
Baile san dtaobh thuaidh de Chroc a’ Cháibín is eadh é seo. Tá sceacha, beaga (rileógaí) ag fás ar thaobh an chruic annseo, agus tá fréamhacha fada, ríghne fuatha. Fadó thagadh daoine ón gceantar thart air chun adbhair rópaí do sholáthar dóibh féin mar ní raibh téide le fághail an t-am sin.
Tigeann siad go fóil chun adbar pota ghliomaigh fághail mar níl crainn nó sceach ag fás sa gceantar.Gleann – Gad.Bí trí ainmneacha ar an áit seo fad ó: “Gleann Gad gan Dia”, “Gleann Gad gan bhiadh”, agus “Gleann an Ghainimh.”
Tugadh Gleann Gad gan Dia air an bpíosa de atá ar an dtaobh theas, mar bhiodh na daoine ón áit sin ag obair leis, agus ró mhuintearach leis an mhinistéir ghallda, agus ní raibh meas(leanann ar an chéad leathanach eile)