School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 263
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar ainm air ó shoin an Reacht Nua agus deantar féastuighthe (?) mar chommóradh do lá Nodlag. Bionn an Oidhche Nodlag againn ar an 24adh Nodlag / Oidhche an 24adh Lae, agus an lá a theacht roimh an oidhche.
Lá Fheil' Stiopháín:- Seo é an lá tar éís lá Nodlag. Téígheann na daoine óga amach leis an dreóilín agus bíonn fear ceóíl leo, le h-aghaidh seinm in 'chaon teach á rachaidh siad; agus nuair a bhéas siad ag fágháíl an tige déárfaidh siad an rann seo:Dreóilín Dreóilín rí na n-éan
Is mór a mhuiriín is beag é féín
Éirigh suas a bhean an tighe
Agus beir ar láimh na sgeine buidhe
Is gearr an buillín thrí 'na chroidhe
Is tabhair a chuid fhéin do'n dreóilín.Tugann bean an tighe arán nó piosaí airgid do na gasúir annsin. Bíonn Pota gloine leis na buachaillí agus nead ann agus istigh sa neid deir siad tá an dreóilín.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female