School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 178

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 178

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 178
  3. XML “Daoine Cáiliúla - Seán Ó Móráin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ina chomhnuidhe i mBárr Altaig, tuairim cúig míle ó'n sgoil seo, tá ceathramha bliadhan ó shion. Sé an t-ainm abhí air na Séan Ó Móráín. Fear an-láidir abhí ann. Lá amháín bhí air a dhul go Béal-Átha-an-Fheadha le h-aghaidh mála mineadh. Chuaidh sé amach le ualach féir chuig na beithidhigh ar maidin. Nuair a tháinig sé isteach ghléas sé é fhéin agus chuaidh sé go Béal-Átha-an-Fheadha. Cheannuigh sé an mála mineadh agus d'iomchar sé abhaile é a ghuailne agus bhí sé sa mbaile arís in-am le féar a thabhairt do na beithidhigh i gcóir na h-oidhche. Ní bhíodh aon faitchios air san oidche. Thigeadh sé anuas go Sratih-an-tSeaghal tráthnóna le h-aghaidh mála coirce agus bhíodh sé a deich a chlog nuair a bhíodh sé sa mbaile arís treasna an bhogaigh. Bhíodh air a dhul amach le fear chuig na beithidhigh annsin. Fear an-mhór abí ann; bhí timcheall 6 troighthe ar aoirde.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Mháille
    Gender
    Female
    Address
    Sraith an tSeagail, Co. Mayo
    Informant
    Pádraig Ó Máille
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male