Cuardach téacs
Déantar cuardach ar chúig chatagóir ábhair sa chuardach téacs:
- sonraí na míreanna (teideal nó céad líne na míre, eolas breise) ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- sonraí na scoileanna (suíomh na scoile, ainm na scoile, ainm múinteora, uimhir rolla) ó Bhailiúchán na Scol
- sonraí na scéalta (teideal nó céad líne an scéil, ainm agus gairm bheatha an bhailitheora/an fhaisnéiseora, seoltaí i bhformáid uimhir ID ó logainm.ie) ó Bhailiúchán na Scol
- téacs na scéalta tras-scríofa ó Bhailiúchán na Scol a sholáthair Meitheal Dúchas.ie
- sonraí grianghraif (eolas cartlainne, eolas breise, uimhir thagartha) ón mBailiúchán Grianghraf
Is féidir aistriú ó chatagóir go catagóir ach leas a bhaint as na táib os cionn na dtorthaí.
Tabhair faoi deara nach cuardach ‘cliste’ é seo. Ní chuirtear foirmeacha infhillte san áireamh (mar shampla, ní aimseofar 'blianta' trí 'bliain' a chuardach), agus ní aithnítear leaganacha malartacha den fhocal céanna (ní aimseofar 'feilm' trí 'feirm' a chuardach). Is féidir * a chur ag deireadh na míre cuardaigh chun gach focal nó frása dár tús na míre sin a chuardach, mar shampla, aimseofar ‘áite’, ‘áiteacha’, ‘áiteanna’, ‘áitiúil’ etc. trí ‘áit*’ a chuardach.
Ní thugtar aird sa chuardach ar shínte fada a bheith ann nó as.
Is féidir cuardach i measc braislí sloinnte a dhéanamh anseo.