Cuardach téacs

Líon na dtras-scríbhinní: 84
  1. Seanphóstaí

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Breathnach
    Faisnéiseoir
    Éilís Ní Chadhla

    Sean-Phósdaí

    Bhíodh fear éigin i ngach ceanntar a mbhíod taithighe aige ar daoine a thabhairt le ceile cun cleamhnas no pósadh a dhéanamh eatorra. Saghas céirde ag daoine airighthe ba ead i seo.
    Chuireadh an duine seo aithne ar fear óg go mbíod feirm aige agus bean ag teastáil uaid, agus ar chailín óg éigin go mbíodh spréidh oireamhnach aicí. Theigeadh sé cun cainnte leis na seandaoine agus thugadh sé le na chéile iad. Sin mar a déantaoi an cleamhnas fadó, agus ba iad na seandaoine a dhéineadh é. Thugadh muintir an cailín spréidh do mhuinthir an bhuachalla agus geibheadh an buacaill an feirm agus an cailín mar mnaoi. Ba minic na bíod áit ag an mbhuachaill 'ná ag an gcailín ar a chéile go mbíodh an cleamhnas socrair eatorra.
    Dar ndóig bhíodh daoine bochta gan talamh, gan spréidh ann agus dhéinidís siud Cleamhnas eathorra

  2. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Maoilearca

    feoil aca an oidhche seo.
    Nuair a bhíonn fear ó gag pósadh gheobhann se cárta uisge beatha agus tugann sé do bheirt fhear é. Téigheann an bheirt fhear go dtí teach an chailín óig agus iarrann an cailín ó gar a h-athair agus a máthair. I gcionn cúpla lá gheibheann siad scéala go bhfuil siad réidh le cleamhnas a dhéanamh nó mar a mbíonn siad sasta cuireann siad scéala chuige gá eitheach. Annsin má bhíonn siad sasta teigheann gaolta an fhir óig agus gaolta an chailín le cheile agus imeasg óil agus ithe deanann siad cleamhnas. Mara mbíonn spré ag an gcailín óg gheobhann sí talamh no earraidhe éigin eile. Go h-iondamhail gheobhann ba agus airgead. Tar éis a bpósta bíonn bainfheis aca i detach an fhir óig nó i dteach an chailin óig. Más i detach an chailín a bhíonn an bhainfheas ní théigheann sí abhaile go ceann míosa no má théigheann deirtear nach mbéas an lánamhain mí rathamar. I ndheireadh na míosa bíonn bainfhéis beag eile aca. Go h-iondamhail ní tugtar an spre don fhear óg go mbíonn an

  3. Pósanna

    Teanga
    Gaeilge

    Má tá beirt a dul a posadh bíonn an posadh ann roimh Cairigis agus ní bhionn posadh ar bith in dhiaidh mart na hinide. Deirtear annseo gur é Dia hAoine an lá is fearr chun posadh a dhéanamh.
    Má tá fear a lorg mna ní théigheann sé féin go teac an cailin ar chor ar bith acht cuireann sé beirt fhear eile cun an cleamhnas a dhéanamh. Bionn buidéal uisge beatha leo. Óltar é fhaid is a bhionns an cleamhnas 'gá dhéanamh aca. Faoi an spre a bhionns an cainnt ar fad airgead má tá sé le fághail agus muna mbeadh an meid "stoc" beithidhigh ata a gabhail leithi.
    Tá nos ar fud na háite seo go foill go dtéigheann na clamairi go dti an bainneas gan cuireadh gan iarraidh agus ar an adbhar sin chuireann sean gioblacha agus

  4. Pósadh

    Teanga
    Gaeilge

    Rud an-coitchianta do beadh cleamhnas fadó. Thagadh fear ion-posta agus beirt nó triúr d'fhearaibh eile leis chuig teach mná ion-phosta agus shocruighidís cleamhnas le muinntir na lánamhan. Tugtaí spré do'n mhnaoi dá mbéadh a muinntir sásta le saidhbhreas agus le maoin an fhir a bhéádh dá fiafruighe. Socruightí lá an phósta agus na bainfhéise annsin agus ní cur sios ná innseacht sgéil ar an méid ullmhucháin bhíodh fá na gcoinne. Lá an phosta théigheadh an fear go dtí tigh na mná agus bhíodh fleadh agus féasta aca ar feadh tamaill. Annsin thugaidís a n-aghaidh ar Theach an Phoabail.


    Tugtaí "Dragún" ar an ngluaiseacht a bhíodh futha ó theach na bainfhéise go Teach-a' Phobail agus thar n-ais airíst go teach an fhir. Bhíodh marcaigh agus cárranna agus rothair ag an "Dragan". Ní h é amháin go mbíodh marcaigh capall ann ach bhíodh aos óg ar asail ann freisin agus a leithéid de choimhlint is a bhíodh ag na marcaigh ag iarraidh a chéile a shárú. Bhíodh gléas ceoil (boiscín cheoil) ag duine de lucht na gcárr agus dá gcastaí aoinne leo sa tslighe, nó, dá mbéadh an "Dragan" ag dul tar teach ar bith tosnuightí ag seinnt ar an mboiscín cheoil agus geallaim-se dhuit gur annsin a bhíodh an gleo i ndáríribh. Nuair a thagadh an Dragan in amharc tighe na lánamhana

  5. Ag déanamh an chleamhnais

    Chuaidh beirt fhear ‘un tighe oidhche amháin le cleamhnais a dhéanamh. Ba ghortach na daoine muinntir a tighe. Bhí an pota ar a teinidh leis an leite a dhéanmh do’n tsuipéir. Nuair a chuaidh na choimightheacha isteach chuir bean a tighe tuilleadh uisge san phota. Char bhfada gur brisead' uisge sa phota. Char fada gur briseadh suas an cleamhnas agus d’imthigh na fir. Ar a mball baineadh an tuilleadh uisge as a phota. Cha deachaidh na fir i bhfad go dtáinig athrughadh intinne ortha agus d’iompuigh siad arís. Chuaidh an t-uisge insan phota arís. Thosnuigh siad ag béiceadh ar an chrodh agus anois shaoilfeá go raibh an rud uilig críochnuighthe, ach ar mhimidhe eile bhí sé briste suas níos measa ná bhí ariamh. Anois bhíodh siad ‘na seasamh ar an úrlár, agus arís bhíodh siad ‘na suidhe. Agus bhí an pota ar a’ teinidh ag goil agus ag déanamh dramhadáin ar feadh an ama uilig, óir ba mhór le bean a’ tighe an tuilleadh leite a chailleamhaint leóbhtha, muna mbéadh an cleamhnas déanta eatortha agus char chuir sí gráinne mine air go fóill.

  6. Pósadh

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire de Burton
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Concúbhair
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    pinsinéir

    Ós cíonn céad blian ó shoin, bhí fear ina chómhnaidhe i gCúil, agus b’é an ainm a bhí air ná Seán Ó Concúbhair, agus bhí sé chun pósta le Bríghid Ní Néill ó Currach Mór.

    Bhí feirm mhaith talmhan ag Seán, agus do dhein a athair cleamhnas, le athair Bhríghid, agus b’é an cleamhnas é ná dathad púnt do thabhairt dó, agus do thaithn an socrú sin go maith leó.
    Bhí séipéilín beag i nGort Gabhair, agus is ann a bhí na daoine pósta fadó, agus is ann a bhí an bheirt

  7. An Inid

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhatharta
    Aois
    13

    Sé an t'am is mó de'n bhliain a bpósann na daoine thart annseo san Inid.
    Chuala mé na sean-daoine ag rádh dhá bpósfhadh tú i dtús na h-Inide go mbeadh ádh airgid ort agus dhá bpósfhadh tú i ndeireadh na h-Inide go mbeadh an t-ádh ar do chlann.
    Thart ins an áit seo bionn an cleamhnas déanta seachtmhain roimh an bpósadh agus corr dhuine eile a bhíonn cruadhóig pósta orra orra ní bhíonn an cleamhnas déanta acht cúpla lá nuair a phósanns siad
    Deireann siad nuair a bhíonn's fear ag dul ag iarraidh mn[?] deireann siad
    Dia Luain soir
    Dia Máirt siar
    Diardaoin sonaidhe soir nó siar,
    Nuair a bhíonn sé 'na oidhche téigheann beirt nó triúr ag iarraidh na mná agus bíonn buidéal aca nuair a théigheann siad isteach bíonn siad ag cur síos ar eachtraibh an t-saoghail agus nuair a bhíos siad sáthach teann leis an gcailín óg a iarraidh tarrnuigheann duine aca amach an buidéal agus annsin tosuigheann siad ag caint faoi'n gcleamhnas. Iarann siad (siad) spré freisin agus bfhéidir go bfhuigheadh siad sgór nó dhó punt nó mara mbeadh sin ag an gcailín gheobfhadh sí bó bfhéidir nó cúpla budóg nó rud ecínt eile. Acht pe rud a fhághann an cailín óg mar spré socruightear sa gcleamhras é. Bíonn an cleamhnas déanta seachtmhain nó cúpla lá sul a ndeantar an pósadh.

  8. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge

    cionnas gur tugadh fa deara (?) go rabh na daoine ag cogarnaigh (?) agus ag deánamh cleamhnas. Tugadh Domhnach na Smut ar an cead Domhnach de'n Corgas. Bhí na daoine ag deanamh amach go rabh smutaí ar na cailíní óga nach dtiocfadh leobhtha bhéith pósta roimhe an Chorgas.

  9. Creag de na Brúnaigh

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Smállaigh
    Faisnéiseoir
    Tomás ó hIonnghaile

    fúinteacht nor leis a costa a fhághail 's doscail Dé a shúile 's dtompaí sé ar an mbealach a bfearr. Peige án Gléigeal is ort a bhí an t-áth a dhul a cleamhnas a ' brúnach nach mbainfidhear as t-ainm go bráth. D'innis Tomás Ó h`Lonnghaile é sin don as Cregdubh, Corrandulla , Co na Gaillimh

  10. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge

    minic a bhriseann siad an cleamhnas mar gheall ar ghabhainn dhá bhliadhain. Fágann bean mar spré uaireannta dhá bhó agus cúpla gabhainn agus cúpla laoi sin nó píosa talmhan. Nuair a bhíonn an cleamhnas déanta téigheann teachtaire ón bhfear agus teactaire eile ón mbean ag tabhairt cuireadh do na daoine muinntearach a teacht ag an mbainféis.
    San am fadó bhíodh bainféis i dteach na mná an oidhche roimh an bpósadh. An lá na dhiaidh sin théigheadh siad ag an sagart le pósadh. Sé seál na mná a bhíodh ag pósadh. Bhíodh gúnaí fada síos go talamh agus mantle (faláinn) ós a chionn ar na mná. Éadach dubh do beadh é agus sé an t-ainm a thugadaís air éadach uasal. Culadh ceann asna do bhréidín a bhíodh ar na fir.
    Bhíodh go leór daoine in éindigh leis an lánamhan. Cuireadh an fear an fáinne pósta ar mhéir a mhná agus nuair a bhíodh siad pósta ag an sagart. Bhíodh gach duine dá mbíodh in éindigh leo ag craitheadh láimh leo agus ag rádh.
    "Go maireadh tú do shláinte."
    Bhíodh na mhná ag coimhlint le chéile, chúile dhuine ag iarraidh í fhéin a bheith 'un tosuigh ag pógadh na mná tar éis an phósadh. Ag teacht

  11. Seán Bhaile an Scotaigh

    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Cárthaigh
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    gabha

    annsan faoi mar déarfá i gcás idir dhá chomhairle ach ní thoilfeadh sí leó in aonchar. Dubhairt Seán gur chuma leis féin ach dá mbeadh an cailín toiltheannach agus go bhfaighfeadh sé an tig agus féar a'dhá bhó nár bhfeárr leis bheith ag imtheacht coidhche.
    D'fhan an scéal mar sin go ceann cúpla lá, agus do bhí a h-athair sa mháthair 'sa daoine muinteardha ag tathaint uirthe. Níor bhfeárr le cuid aca rud do,dá mbeadh aon nídh ar siubhal. Ní h-é an cleamhnas a bhí ag cuir aon tinneas ortha ach féachaint a bhfaighidís tarrac ar deoch.
    Sé an chiall is mó go raibh sí i gcoinnibh an pósadh mar bhí fhios aice, bféidir ná réiteóchadh Seán agus muinntear na céile agus go mbeithfidhe á chasadh léi gur mhór a'fonn pósta a bhí uirthi. Leig sí dóibh a bheith a' thathaint uirthi tamall agus annsan do thoilig sí léo.
    Socruigheadh an cleamhnas. Do choimeád an sean duine máighistreacht ar an áit an fhaid

  12. Féilte na Bliana - An Inid

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní hEachthegeirn
    Faisnéiseoir
    Mícheál de hÓr
    Aois
    73

    Is sa t-am seo de'n bhlian a dheinidís na cleamhnaistí go léir. Má bíodh buachaill nú cailín in aois pósta in aon tigh bíodh na tuismigtheóra ag féichint amach cun cailín nú buachaill oireamhnach d'fhághailt dóibh. Is i dtig tábháirne a dheinidís na cleamhnaistí agus bíodh siad ag ithe agus ag ól. Nuair a bhíodh an cleamhnas déanta aca dhíolaidís an spré. Tugaidís beithidhig mar spré do'n lánamhain fadó mar is flúirsighe a bhíodh siad aca ná airgead.

  13. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mell Níc Suibhne
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Ceamharcaigh
    Aois
    82

    Pósaidhte

    Sé an t-am atá leagtha amach ag na daoine a pósadh san áit seo na an Inid. Déanann siad cleamhnas ann. Tugann siad airgead agus beithidhigh agus caoirigh mar spré.
    An fear atá ag dul a pósadh cuireann sé fear muinntearach no fear ar bith eile a mbeadh trust maith aige as go teach mna le buidéal fuisigh ag iarraidh an bhean ar a h-athair. Má tugann an t-athair annsin an bhean dhon fear leigeann siad amach oidhche le teacht ag deanam cleamhnais
    Tiocfaidh an fear óg annsin agus beirt no triuir leis le h-aghaidh an cleamhnais a dhéanamh agus an margadh a criocnu. Caithfidh athair na mna an oiread seo spré a thabhairt don nighean iléi? mar tá sé bocht nó saidhbhir. Tá an margadh criocnuighte annsin. Bíonn siad ag ráidt amhráin agus ag damhsu. Lár na bháireach gheobhfaidh athair na mna agus fear óg go dtí an sagart agus innseochaidh siad dó go bhfuil an cleamhnas déanta. Déarfaidh an sagart leobhta teacht i cúpla lá agus pósfaidh sé iad. Níl sé ceart bean a dhul ag iarraidh bean don fear.
    Téigheann an fear óg go dtí an teach faoi an mna nuair atá sé ag dul a pósadh agus bíonn bean pósta leis

  14. Scéal Beag agus Seanrann

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Cathalláin
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cathalláin
    Aois
    58

    di. Aon oidhche amháin ghaibh cúigear fear isteach chuige ag déanamh cleamhnais do bhuachaill óg a bhí in aonfeacht leó.

    Deineadh an cleamhnas agus fuair an fear adhbhar maith airgid do'n inghean ach nuair a bhí an cúigear ag dul abhaile chuímhnigh sé ar féin agus ghlaodh sé ortha. Dúbhairt sé leó go gcaithfeadh sé féin a thuille spré d'fhágáil mar gheall ar an méid bídh a bhí ithte ag an gcúigear ach ní bhéidir sin sásta agus briseadh an cleamhnas.
    Anois bhí sean-duine críonna tamall ó'n mbaile in áit go nglaodhtar beal Átha an Mhuilinn ar. Chualaidh sé sin mar gheall ar an gcleamhnas agus dúbhairt sé an rann so;
    Is cuímhin liom cúig deag, agus is cuímhin liom chúig fhichid,
    Is cuímhin liom liom long cúileann, do bhrúghadh is do bhriseadh,
    Caithear mo thearna i mbeal Átha an Mhuilinn
    Is ní fheaca biadh cúigir á dhúbhairt i mbille.

  15. Scéal

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Chonnchúbhair
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Connchúbhair

    Sgeal

    Bhí fear ann fadó agus do chuir sé beirt ban a bhí aige agus ní raibh sé sásta gan an tríomhad bean do phósad. D’imthig sé air cun cleamhnas do dheanamh do féin agus níor stad go dtí gur chuaidh sé go Neidín. Chuaidh sé isteach i dtig go raibh cailín óg. D’fíar fear an tighe de cad a bhí uaid. Dubhairt gur ag lórg mná a bhí sé. Ó arsa fear an tighe is maith mar a thárlaig. Tá sé anso agamsa agus má deinimíd an tsocrúgad agus má thaithnigheann sibh féin le na chéile. Do dheineadar an cleamhnas gan moíll agus do cuadar go dtí an sagart cun an socrú a dheanamh. Seadh arsa sagart leis an ógánach ní féidir liomsa tú do pósad gan teistiméireacht do shagart paróiste do beidh agam ar dtúis. Ó, ní dhéanfhaidh san aon deifir arsan t-ógánach, geobhaidh mé é gan moíll. D’imthigh sé air go dtí a shagart féin cun an teistiméireacht dfághail uaidh. Conus dfeadfhainn é sin do dheanamh arsan sagart agus nar fiú tú é. Ó, ar son Dé Athair tubhair dom é ar slighe éigin. Fuair an sagart páipéar agus do scríobh sé ann:
    Níl aige bóthán tighe ná troscán, agus is minic ar an gcnocán é ag bruingheatach.
    Do mhairbh sé Siobhán an tarna leannán agus ní taise don donnán a bhí aige roimpe.
    Bíodh sé ag gabháilt de smután idir a dá slinneán agus ba mhinic í ar féurán i dtig a muintir.

  16. agus cuir sé na suidhe shuas sa chúinne í, agus bhí an fear bocht go mórálta mar bhí an tubaist ar na sean-mnáibh riamh agus beidh coidhche. Ní rabhadar sásta nuair ná raibh urleabhartha aice. Dubhairt Mac Uí Chaorabháin go raibh sé féin sásta go maith nuair a bhí sí na beathaidh aige.

    Ní leogfadh eagla d'aoinne óg ná aosta dul dtaobh amuich den doras go dtí go dtáinig an lá geal. Do bhí an sgéal go maioth acu as san amach agus i gcionn seacht bliana do fuair bean a' tighe úrlabhra airís. Ní raibh a thuille muirighin acu as san amach. I gcionn tamaill do thosnuif an cailín beag ar dul ar sgoil, síos go Béal Átha an Gaorthaidh agus cailín beag gleoidhte deas ab'eadh í. Bhí feirmeoir eile na chómhnuidhe sa chós céadna le n'aois agus bhí beirt mac aige Conchubhar agus Seán agus b'é Seán an té ab' óige acu. Bhí sé féin agus an cailín beag a' dul agus a' teacht ó sgoile gach lá le chéile agus bhí cion seoidh acu ar a chéile. Nuair a dhruideadar amach tímpeall h-ocht mbliana déag nó as san go dtí fiche. Do bhíodar ana mhór go léir le chéile.
    Do tharranígheadar suas cleamhnas idir í féin agus Conchubhar driotháir Sheáin.
    Do bhí a h-athair is a mháthair sásta le Conchubhar deacht na cliamhain isteach chúcha, do deineadh an cleamhnas gan moill agus do pósadh iad san am san. Is i dtig an cailín a póstaí gach aon (cailín) lánamha san am san. Tar éis iad do phósadh d'fhan an sagart ag an bpósadh. Ar maidin nuiar a bhí an lá ag gealadh isteach

  17. Pósadh

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Mhaoldomhnaigh
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Mhaoldomhnaigh

    Fadó nith tréimhse na hInide casu na fir agus na mná go léir ar a chéile ar aonac nó margadh biodh an lá leis ag déanamh na cleamhnas. Bíodh an lá eile aca lá anposta. Téigheadh an cailín go dtí an eaglais i gceann na cúdauighthe. Bhíodh a lán daoine bochta sa slighe rompa. Díolfaidh siad bróga agus gasanna cabáiste leis an gcearr agus deirtí go mbéadh rach agus sean aistí dá ndeanfaí é sin. Nuair a théighdir abhaile bhíodh féasta mór aca le feol agus baraille leanna. Fanadh siad ag damhsa go maidin. Timcheall a 12 a clog thagadh na buachaillí cuighi agus bhídir ag damhsa leis an gcailín nua-pósta,

  18. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Tachair
    Faisnéiseoir
    (ní thugtar ainm)

    Pósaidhte

    Pósann daoine san áit seo ins an Inid agus cuid aca ag an gCásg. Déantar cleamhnas ann agus tugtar airgead agus stoc mar spré. Sul ar déantar an cleamhnas cuireann siad cúntas le duine de muintir an mna ag féachaint an mbeadh fáilte roimhe. Is dá mbeadh tiocfaidh sé go mall san oidhche nuair a bhíonn na comarsana in a gcodladh. Bíonn duine d’a mhuinntir féin leis. Bíonn buidéal uisge beatha leobh agus tabhaireann siad do muinntir a tighe é.
    Socruigheann siad an méid airgid agus stoc a tabharfadh siad dó.
    Ní adhmhail bean a dul amach ag iarraidh fir. Is adhmhail fear a casadh dóibh agus iad ag dul ag posadh acht ní adhmhail bean a casadh leo.
    Bíonn bainis maith aca an oidhche sin agus bíonn feoil agus fatai aca le haghaid an suipéir.
    Bionn cleamaire ann chomh maith. Bíonn gúnai bána orra agus hatai cothain agus bíonn siad gléasta le ribíni daithte. Bíonn fáilte mór rómpa i gcuid de na tighthe agus gheibheann siad deoch ann acht ní leigeann cuid eile de na daoine chor ar bith iad agus ní thabhaireann siad biad na deoc doibh.
    Bíonn maide móra leo agus uaireannta buaileann siad na daoine leo.

  19. Pósaithe

    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hIarnáin
    Faisnéiseoir
    Tómás Úa Conghaile

    Sé an t-am is mó a bpósann daoine roimh an gláise. Tá corr-dhuine agus b'fhearr leis pósadh. Dia Máire agus corr-dhuine eile Dia Luain. Tá sean-fhocal ann a deir "luan soir agus Máire siar" Seo gnás a bhíodh acu. Aon fhear le pósadh a bhíodh le cur faoi shoir o theach a thar pósadh sé Dia Luain; acht is Dia Máirt a phósadh duine a bhíodh le cur faoi shiar ó theach a athar, agus is mar an gcéadhna i dtaobh na mná. Tá an gnás aca fós, acht táid dhá chailleamhaint. Déantar cleamhnas agus socruighgthear an spré atá le fághail acu. Sé an spré a gheibheanns an bhean airgead stoc