Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

2 thoradh
  1. Laethanta Áirithe

    CBÉS 0011

    Leathanach 420

    de na daoine iad mar níl aon mhaith a bheith ag géilleadh dóibh. Tosnuigheann cuid eile de na daoine ag tógáil tighe Dé Máirt agus bíonn siad chomh h-adhmhail leis na daoine a thosnuigheann Dé h-Aoine. Rud eile níor mhaith leo troscán d'aistriú isteach i dtigh nua le faitchíos nach mbeadh an t-ádh ar an teach. Tagann ' Crosta na Bliadhna' ar an Aoine agus corr-uair eile ar an gCéadaoin. Ní maith leis na daoine bainne a chur amach an sin ná airgead ach an oiread le faitchíos nach mbeadh an t-ádh ortha.
    Coinnigheann cuid de na daoine cuid de na prátaí síl go dtí Aoine an Chéasta agus annsin cuireann siad iad agus fásann siad an-luath agus bíonn siad an-mhaith le n-ithe. Bíonn 'Laethanta na Riabhaí' ann an chéad trí i dtús an Aibreáin. Bíonn 'Fómhar na nGéanna' ann i dtús Mharta agus itheann na daoine a lán géanna an sin. Bíonn 'Rabhartaí Geala na Cásca' ann faoi Chaisc agus bíonn na daoine ag iasgach an sin, agus ag baint feamainne. Bíonn 'Dhá Dhéag na Nollag' ann faoin Nollaig agus bíonn an-áthas ar na daoine an sin.
  2. The Lore of Certain Days

    CBÉS 0300

    Leathanach 269

    have the potatoes planted before 17th of March.
    The three days of April are called Laethanta na Riabhaí, because a cow was boasting when March was over. She would be good for the rest of the year. The first three days of April were wet and cold and she died.
    During October we have the harvest geese. And in September we have the harvest moon. At that time the people used work at night.