Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

38 toradh
  1. Dómhnall Mór

    CBÉS 0336

    Leathanach 274

    Ansan do cuaidh Dómhnall abhaile agus do chuaidh gach aoinne a codhladh an oidhche sin.
    Do codail gach aoinne an oidhche sin, agus nuair a tháinig an t-am chun eirighe.
    Ar maidin d'eirig an t-iarlais leis agus do tháinig sí síos agus d'ith sí a breicfeast agus do bhí sí ag cainnt leó.
    Do bhí feirim beag ag Dómhnall agus do bhí deich ba aige agus do cuaidh an seana-iarlais amach le Dómhnall.
    Dubhairt an seana-iarlais go bhféadfhadh sí féin na ba do crú leis agus do thosnuig sí ag crú léi go breágh.
    Nuair do tháinig an tráthnóna do chuadar ag crú na ba airís agus do bhi an t-iarlais ag crú airís.
  2. Dómhnall Mór

    CBÉS 0336

    Leathanach 278

    Do bhí fear an an uair sin agus Dómnall Mór Ó Conaill an ainim abhí air.
    Do bhí alán cleas aige leis agus do tháinig sé go dtí tig Dhómnall Mór agus dubhairt sé le Dómhnall gur b'amlaid do bhí na púcaí taréis an ingín do thógaint agus do bhíodar taréis í do goid.
    Dubhairt sé le Domnall gur fhágadar an t-iarlais na ndiaidh in-ionad an cailín ceart.
    Do tháinig Dómhnall Mór Ó Conaill isteach agus dubhairt sé leis an t-iarlais chun bheith ar an taobh amuic d'en dorus.
    Do tháinig eagla air an sean iarlais ansan agus d'osguil sí an dorus.
    Do rith sí amach agus eagla an domhain air an seana-iarlais.
    Do bhí ciseán ar an dtaobh
  3. An Biorán Gruaige

    CBÉS 0332

    Leathanach 0680

    istigh é go dtí go raibh sé dearg.
    Nuair a bhí sé go maith dearg agus spréacharnaigh ag teacht amach as bhí sé chomh dearg san.
    Do bhí an sean-iarlais istigh sa leabaidh síos sa seomra ag féachaint ar feadh na haimsire. Do thóg sé an sluasad amach as an tine.
    Do rith sé síos sa seomra 'na raibh an sean-iarlais ach do bhí sí sin rímhear dhó. Do léim sí amach as an leabaidh agus amach an doras agus an fear leis an sluasad dearg. Do bhí cnoc ar an taobh thiar den tigh agus suas annsan a chuaidh an sean-iarlais agus an fear 'na dhiaidh. Sar ar shrois sí barr an chnoic amach d'éirigh leis an buille a thabhairt sa dhrom di.
    Ní túisge a thug sé an buile dí ná gur imigh sí isteach sa lios. Do chuaidh an fear isteach abhaile
  4. Seán is A Mháthair

    CBÉS 1126

    Leathanach 049

    chuirfeadh sé deire leis an sean-iarlais anois.
    Dubhairt an bean-feasa leis dul abhaile agus sluasad d'fhághail agus é a chur isteach sa teine agus é a fhágaint ann go dtí go mbeadh sé dearg agus ansan é a tógaint amach.
    Agus rith síos sa seómra 'na raibh an sean-iralais agus go léimfeadh sí sin amach as an leabaidh agus dá bhféadfhadh sé in-aon-chor é buille de'n sluasad te a thabhairt de sa drom.
    Ghaibh an fear a bhuidheachas léi agus d'imthigh sé leis abhaile agus do fuair sé an sluasad agus do chuir sé isteach sa teine é agus d'fhág sé ann é go dtí go raibh sé dearg. Do bhí an sean-iarlais istig sa leabaidh ag faire air feadh na h-aimsire.
    Nuair abhí an sluasad dearg aige do rith sé síos sa seomra ach do bhí an sean-iarlais ró-mhaith dho. Do léim sí amach
  5. Baile Fearainn - Min Aird Thiar

    CBÉS 0426

    Leathanach 248

    Baile Fearainn ---Mináird Thiar.
    1: Lios Ráth an Óir: Ar thalamh Bean P. Uí Shuilleabhain. Timcheall le leath mhíle soir ó dheas ó Lios an Cheóil. Cuma cruinn - an bóna tóghtha le chré. É lán do sceacha agus raithineach. Deirtear go bhfuil Ciste Óir i bhfholach ann ach ní leighfeadh eagla d'aoinne dul a lorg.
    Bhí cailíní ag priocadh sméara dubha lá na blianta ó shoin agus agus níor stad duine acu gur chuaidh sí isteach sa lios 'á gcnuasach. Taréis teacht abhaile dhi buaileadh breoidhte í agus is ag dul in olcas a bhí sí i n-aghaidh an lae. Cuireadh fios ar an sagart agus is air a bhí an t-iongantas nuair a chonnaic sé seanbhean caithte liath sa leabaidh in ionad chailín óig. Taréis an Ola Dhéanach do chur uirre dubhairt an "iarlais " mar is iarlais a bhí ann, go gcuirfeadh sí abhaile an cailín óg a bhí sa lios.
  6. Story

    CBÉS 0170

    Leathanach 0613

    but it was unavailing and Simon died. (The sick man was not of cours[e] the real Simon, but an "iarlais" of the fairies had left behind instead of the real man whom they had spirited away)
  7. An Seaniarlais

    CBÉS 0331

    Leathanach 405

    45. An Sean-Iarlais.
    Do bhí bean 'na cómhnuidhe in Gortín na Cille. Bhí sí pósta agus bhí beirt inghín aici. Síle agus Máire ab'ainm dóibh. Bhí Síle ana chríochnamhail ar fad ach leidhb ab'eadh Máire. Bhíodh sí ag leagadh an bhainne agus ag déanamh gach rud mí-ceart.
    Do ghoid na pucaí an bhean agus d'fhágadar sean-iarlais gan mhaith 'na ndiaidh. Bhíodh sean-nós aca an t-am san go mbeirbhidís cabáiste gach oidhche agus corcán prátai agus do thagadh an sean-bhean gan mhaith isteach agus do cocfadh sí isteach sa corcán cabáiste. Aon oidhche amháin do tháinig straidhn ar fhear a' tíghe chúichi agus nuair a tháinig sí isteach do rug sé ar ghuala uirthi agus do chaith sé lasmuich de'n doras í.
    Bhí ciseán lasmuich de'n doras agus do rug an sean-bhean air agus do dhein sí iarracht ar é a chaitheam leis an bhfear ach do bhí sé sin imthighthe isteach
  8. Fairy Stories

    CBÉS 0885

    Leathanach 300

    and remained till mid night keeping the child. On coming back the first house was in great commotion, the child there having become suddenly ill. It was explained that little Paddy had been put to bed early + in good form + woke up suddenly very ill.
    Peggy Kirwan said "Thats not Paddy here he is" + she produced the real Paddy. The iarlais was immediately "put out on the shovel" + thee was great rejoicing but we were not told what happened the iarlais but Miss O Connor thinks the fairies took it off
    Aidan Dempsey (afore mentioned) when coming home one night between 9 + 10 p.m. saw a dresser of delph in John Darby's gravel hole.
    Margaret Murray while milking at Aidan Dempseys was knocked down by a strange woman who quickly disappeared.
    Pat Dempsey (brother of Aidans) saw a child in white climb the ladder to the barn loft + disappear into air.
  9. (gan teideal)

    bhí buachaill aimsire ag feirmeoir sa cheanntar do blianta ó shoin.

    CBÉS 0311

    Leathanach 547

    Ach ceangail an diabhal le h-iarlais éigin"
    Chuaidh sé siar agus do pósadh iad láithreach.
  10. Obair na bPúcaí sa Pharóiste

    CBÉS 0441

    Leathanach 237

    Tá beirt nó triúr sa pharoisde agus deirtear gur fhúadaig na púcaí íád trá. Bhí cailín óg ó Gleann na Mináirde ag bailiú bláthanna lá. Chúqaidh sí isteach sa lios agus do phrioc sí na blátanna ann. Sar ar fhág sí an lios bhí sí breóídhte. Agus núáir tháínig sí abhaile chúaidh sí a codhladh láithreach. Bhí sí annsan sa leabaidh ar feadh dhá bhlíaín agus níor bhféídir í do leigheas. Sa deire bhí taidhreamh ag a driotháir agus cheap sé gur íarlais a bhí ann agus go raibh an cailín féín tairéis b heith fúadaighthe ag na púcaí. Cómh lúath agus d'eirig sé lá ar na mháireach chur sé an tlúgh isteach sa teine. Annsan diompuig sé chuig an duine a bhí sa leabaidh. "Mar a nglanfhaidh tú leat go beo ar seisean dóighfhe mé tá leis an tlúg. Núáir a chúalaidh sí an méid sin deirig sí agus amach an
  11. (gan teideal)

    In our neighbourhood in Tuosist about eighty or perhaps a hundred years ago...

    CBÉS 0464

    Leathanach 209

    In our neighbourhood in Tuosist about eighty or perhaps a hundred years ago a child sickened & pined away and they began to think she must be "an iarlais" & their own stolen away. They decided to try to hunt her away by getting a shovel of gríosac & placing her on it and when she was getting too much of the burning d0 glaoidh sí amach in árd a cinn is a gutha
    "Misa Allsún Nú h-Airneid Ó Contae na Gaillimh.
  12. (gan teideal)

    It was a common belief that people who suffered from loong and lingering illness were spirited away and some useless 'iarlais' put in their place.

    CBÉS 0311

    Leathanach 519

    519.
    It was a common belief that people who suffered from loong and lingering illness were spirited away and some useless 'iarlais' put in their place. When they were carried off their only hope of release was to refuse to accept or partake of any of hte food offered them by the fairies. In this manner the fairies failed to get power over them and there was hope of their release sooner or later.
    Óg nasgopaírí CnocSgeac, Clannacaorlthe.
  13. An Seaniarlais

    CBÉS 0331

    Leathanach 406

    agus bhí an doras dúnta aighe. Dá mbuailfeadh an ciseán an fear do mharbhóchadh sé é ach bhí an t-adh leis agus níor bhuail. D'imthig an sean-iarlais agus do tháinig an bhean ceart thar-n-ais cuige ach ní raibh sí leath chómh meidhreach is abhí sí sar a chuaidh sí leis na púcaí.
    Dubhairt an bhean leis an fear go gcaithfidís Máire a chimeád sa bhaile mar an t-airgead bainne a dhoirt sí sa cró ní[?] féadfadh aoinne é ól ach na púcaí agus nách raibh aon rud eile n-ól ach an bhainne san. Thugadar spré do Shíle agus deineadh cleamhnas dí agus do phós sí agus tugadh an fheirm do Mháire cé gur b'óige í ná Síle agus do phós sí agus bhí an sean cúpla ana aosta nuair a fuaradar báis Bhí clann mór ag Máire.
  14. An Caomhánach agus A Bhean

    CBÉS 0425

    Leathanach 361

    Bhí fear 'na chómhnuidhe in aici le caisleán Ráth Fhionáin. Phós sé agus t'réis bliadna nó mar sin do rug an bhean bunóc. D'fhágadh í féin is an bhunóc istigh ina n-aonar agus í 'na luighe, rud nár cheart dó dhéanamh do réir na bpiseóg. Sciob na sidheoga leo í agus fágadh iarlais éigin marbh ar an leabaidh. Thugadar leó í go dtí áit éigin i dTiobraid Árainn, ach ó'n uair gur thuig sí go maith cad a bhí uirthi agus cá raibh sí ní bhlaisfeadh sí greim bídh uatha. Bhí fhios aice dá ndéanadh ná bhfaigheadh dul thar n-ais go dtí a fear céile go deo. Dá bhrígh sin d'éaluigheadh sí amach uatha gach oidhche go tigh a bhí sa chomhursanacht agus thógadh sí a dóithin bidh as an dtigh sin.
    T'réis cúig nó sé bliadna phós an fear airís agus bhí clann aige. Bhí fhios go maith ag an gcéad mnaoi gur dhéin sé amhlaidh ach níor thóg sí air é, mar cheap sé go raibh sí sin caillte. Annsan oidhche thaisbeáin sí í féin do'n bhfear a chómhnuigh sa tigh as a ngoideadh sí an biadh agus d'innis sí a scéal dó. Chreid sé í agus mhaith sé di an biadh do ghoid. D'iarr sí air scriobh go dtí a fear céile i Ráth Fhionáin agus a chur in iúl dó go raibh sí féin beó, agus ná raibh biadh na sidheog á
  15. An Iarlais

    CBÉS 0425

    Leathanach 371

    Cómhnuigh na Mic Cárthaigh i Móin a' Rí in aice le Ceathramha 'n Phúca. Do thuit cailín acu breoidhte agus bhí sí ina luighe ar feadh i bhfad. Bhí sí cómh foirbhthe gránda san go ndubhairt gach aoinne nach í féin abhí sa leabaidh in aon chor ach iarlais éigin d'fhág na sidheoga ann agus gurbh' amhlaidh a sciobadar leo an cailín féin.
    Lá amháin thainigh sean-duine isteach agus dubhairt se go leigheasóchadh sé í. Rug sé ar sluasaid agus chuir sé sa teine í, agus d'fhág sé annsan ígo raibh sí dearg te. Annsan thóg sé ina láimh í agus sheas sé ós cionn na leapthan agus bhagair sé ar an mnaoi abhí sa leabaidh imtheacht léi féinigh. D'éirigh sí go h-obann , amach an doras léide phreib, tháinigh an bhean eile isteach agus bhí sí cómh maith is bhí sí riamh.

    Tá dhá bhóthar ó'n Daingean go Ceann Trágha , bóthar an Aifrinn a tugtar ar cheann acu agus is beag duine a théigheann an bóthar sin anois tá an oiread sin púcaí ann. In áit áirighthe ann --Claiseach na Gainmhe-- is minic a marbhuigheadh duine ann. Timcheall 15 bliadna ó shoin marbhuigheadh An Mistealach ó'n gCeathrúin,
  16. Scéal - Sióga

    CBÉS 0426

    Leathanach 245

    thiar im'thigse chomh maith agus d'fhéadfadh a bheith agus b'shin iarlais a bhí anso 'na ionad. Ghluaiseadar in éinfeacht leis agus is ortha a bhí an t-iongantas nuair chonnaiceadar 'na sláinte í. Do gheobhadh sé le pósadh í ach do thug sé d'á dhriotháir í. D'imthigh sé féin go Sasana agus i gceann tamaill do phós sé bean uasal a thuit i ngrádh leis. Bhí sé lán d'airgead anois ach bhuail dream imeartha leis agus d'fhágadar fuar dealbh é.
    Ba leasc leis anois aghaidh a thabhairt ar a mhnaoi agus a chuid airgid go léir caillte aige. Bhuail sé leis abhaile go dtí na thig féin in Éirinn agus é cráidhte céasta. Nuair ná raibh sé ag filleadh abhaile chúiche chuaidh a bhean ar a thuairisc agus sa deire fuair sí amach é. Ní mór an meas a bhí ar an bhfear bocht ag a mhuinntir féin um an dtaca so, ach is amhlaidh a bhí sé 'na mhaidrín láithíghe acu. Thug a bhean suas sa tseomra é agus chuir culaith breágh éadaigh air. "An leatsa anois é" ar sise le na mháthair. "Is liom," ar sise. "Níorbh leat in aon chor ó chianaibh é agus is leat anois é" ar sise, agus d'imthigheadar leo abhaile go dtí na dtig féin i Sasana.
  17. Fairy Story

    CBÉS 0463

    Leathanach 302

    Long ago there lived in Bonane seven boys and one girl together in a house. It was'nt long until the girl got sick and was pining away. They knew a woman named "An Bean Feasa" who used to go around with the fairies so they went and asked her how should they get rid of this "íarlais" and get their own sister (sist) back. She was now in bed almost two years and she was getting very cross
    One of the brothers got a shovel of "gríosac" and two others stood in the door and they to go away and restore their sister or they would burn her She jumped out of bed and
  18. (gan teideal)

    About eighty years ago or more a woman - one Mrs Shea of Ardgroom Castletown Bere, Co. Cork was married there...

    CBÉS 0464

    Leathanach 229

    About eighty years ago or more a woman - one Mrs Shea of Ardgroom Castletown Bere, Co. Cork was married there and she was a fine healthy bouncing woman for a dozen years or thereabouts. She seemed to get old and very old before her time & to pine away & sicken and get into decline as it seemed.
    But some one of the good people informed him that this creature was not his wife but an iarlais left by those who stole his wife away and she told him that his own wife was taken & lived in a rock with the fairies for six weeks there in a place called then & now "Beal na Leapa" and then that she was taken to Westcove in West Kerry across Kenmare Bay riding on a white horse. The husband got some gríosach on a shovel & threatened to burn the iarlays who flew up the chimney without delay.
    The man evidently had some true friend amongst the fairy sluagh for word was sent him one night three weeks after to go to meet
  19. Story

    CBÉS 0606

    Leathanach 213

    Iarlais the fairies had put there when they stold her daughter, and that her own daughter was at the gate holding his horse.
    She would not believe him until he brought her out to the gate and showed her her own daughter.
    Then she said he was worthy of a good wife and he and the girl got married and lived happily together from that out.
    Told to me by my grandmother Mrs Katherine O'Connor *85 years), Musichill, Liseycasey
  20. An Lios

    CBÉS 0332

    Leathanach 0550

    Bhí bean darbh ainm Máire Ní Thuama 'na cómhnuidhe i nGort - na - Sgairte tímpeall céad bliain ó shoin. Bhí sí pósta le fear darbh ainm do Seán.
    Buaileadh breóidhte an bhean agus do bhí sí sa leabaidh ar feadh abhfad. Fé dheire connaic an fear nárbhí a bhí sa leabaidh in-aon-chor ach seana-iarlais. Ní raibh ann di sa leabaidh ach mar a bheadh sgáth. Bhí sagas bean feasa cómhgarach do agus chuaidh sé cúichi agus d'fhiafhruig sé cómhairle uirthe.
    Dubhairt sí leis dul abhaile agus sluasad d'fhághail agus é a chur isteach sa teine go dtí go mbeadh sé dearg agus ansan dul síos sa t-seomra 'na raibh an leabaidh í na raibh an bhean istig ann.
    Dubhairt sí leis buille de'n sluasad dearg a bhualadh ar a drom agus go n-imtheochad sí amach agus go dtiocfadh a
    (ar leanamhaint i leath. 21.) [552]