Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

12 toradh
  1. Gráinne Ní Mháille

    CBÉS 0004

    Leathanach 512

    Do mhair Gráinne Mháille le linn na bainríoghna Éilís. I gConamara do mhair sí. Bhí a sinnsear ina righthe in Iar Chonnacht agus togha mairnéalach do bead iad. Ba inghean d'Éoghan Uí Mháille ar a dtugtar "Dubbara" í. Bhíodh an taoiseach seo i gcomhnuidhe ar an bhfarraige ag déanamh tráchtála agus foghla agus bhíodh Gráinne i gcomhnaidhe in aonfheacht leis. h-ionghadh mar sin go raibh grádh an domhain aici don bhfarraige agus is ag dul i méid a bhí an grádh sin ó lá go lá. Nuair a bhí sí naoi mbliadhain déag d'aois fuair a h-athair bás. Chuaidh sí i gceannas cabhlaidh a h-athar agus toghadh í mar thaoiseach ar na Mailligh. Bhailigh siad le chéile chuici agus thugadar gach conghnamh agus cabhair dí. Seachas na Máilligh bhí muintir eile i gConnachta "na Flaithearthaigh" agus mhór a rádh go raibh cumhacht aca freisin. Do phós Gráinne duine aca "Domhnaill an Chogaidh" a thugtar air. Ins an gcaoi sin do rinneadh comh-cheangal idir an dá theaghlach sin. Bhí an fear sin ina thaoiseach i mBéal Átha na h-Inse agus bhí caisleán aige i mBun Abhann. Bhí mac aige ar a dtugadh "Murach na Maor" air. Nuair a cailleadh a fear phós Gráinne Mac Liam Uachtar de Búrca as Conndae Mhuigh Eo agus ins an chaoi sin thui an caisleán ba laidre dá raibh aice ina sheilbh "Carraig na Súile". Bhí triúr mac aice agus inghean. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag troid in aghaidh na Sasanaigh (Thar na bliadhna sin). Bhíodh sí go minic i bponc agus cheap sí ar son maitheasa na muintire go mba fhearr dí síothcháin a dhéanamh le Éilís.
  2. Gráinne Ní Mháille - Banlaoch Mhaigh Eo - 1530 - 1603

    CBÉS 0138

    Leathanach 214

    B’inghean í Gráinne Mháille - nó Gráinne na gCeirr (?) mar tugtar uirthe sgaithtí - le Dubhdara Ó Máille. Tighearna Umhaill Uí Mháille Uachtair, ‘sé sin Ceanntar Mhuirisg. Is deacair a rádh go cinnte cé’n uair ar rugadh í acht ó’s rud é go n-abrann Bingham, Uachtar (?) Chonnacht, i 1593 ag tagairt dhi ‘’the nurse of all rebellions in Connacht for the last 40 years’’ amugha a bhéadh muid da n-abruigheadh muid gur tuairim na bliadhna 1530 a rugadh í. Is cosamhail gur ar (?) a tógadh í, acht níl aon chinnteacht faoi, agus gur a chothuigh sí an fhairrge an chéad lá, an fhairrge a dhugl(?) sí an oiread sin taithneamh di ar ball, agus a mhúnách í go raibh sí ar an maraidhe a b’fhearr ar an bhfairrge thiar len a linn.
    Bhí dearbhráthair aice, agus de réir dlighe agus (?) bhí tús aige-sean ar an talamh a bhí ag a athair. Níor ghéill Gráinne do’n dlighe seo, agus chaith sí go leath (?) é gur ghlac oighreachta a h-atharda í féin. raibh sí acht 19 mbl. an t-am seo. Sa bhliadhain 1550 do phós sí Domhall Ó Flaithbheartaigh a’ Chogaidh, as Baile na hInse i gConnamara. Ba é seo Taoiseach na bhFlaithbhea(?) in lar-Chonnacht ‘san am, agus bhí ghlaodhach aige freisin ar uachtarántacht Connamara uilig bhí Tadhg na buile Ó’ Flaithbheartaigh ag dul sa mb(?) air faoi’n uachtarántacht agus deirtear gur im(?)
  3. Gráinne Ní Mháille

    CBÉS 0138

    Leathanach 166

    Gráinne Mháille: mair sí in aimsir Eilise Shasana (Gráinne na gCearbhach). Ba inghean de Eoghan o Máille dá ngoirrí Dubh-Darach air. Ba gadaide maraí d'réir gach tuairisc. Bhéadh a ingean Gráinne leis i gcead mán[?] dá eactaraí contabhairteacha. Caitheadh Eoghan & Gráinne in-aois a naoi mbliadhain déag. Bhí driothár aici b'óige ná í féin, ach tainigh Gráinne i gceannas a muinntire gan cead a thabhairt do duine ar bith ceist a sharughadh[?] uirthí. Deartar gorabh Cabhtae[?] láidir aici air a bhfairrge ó Oileán Chara go Cuan dún na nGall. Ba é Caisléan Carraig a Ghabhala an dún-phort ba láidre dá rabh aici.
    Ba iondainail san am sin go leor long a dhéanain ar Ghaillimh ón Spáinn, luchtuighthe leipíonta, togha síoda, tobac [?] b'iomdha uair rinne Gráinne a cabhthae slab ortha. Ba cuma le Grainne céard as a tainic long ar bith, dhéanfadh sí creach ar cheann ar bith. Chuir sí isteach chomh mór sin ar loingeas Shasana gur thairg siad £500 len a gabhadh, ach bhí sé fánach acu.
    Bhí sí pósta faoi dhó. Domhnall ó Flaitheartaigh as Connamara i dtosach. Fear mór troda bhí ann ach mhínigh Gráinne é i d'fhan sé mar sin go lá a bháis. Ansin phós sig duine de na burcaig (Richard of the Iron).
    Rinne "Mac William" de Príomh Reaghalthóir, Muigheo sa mbliadhain 1580 Cailleadh é 1583.
    1588 Spanish Armada d'imigh long mhór amháin (400 fear air) obtir ingardocuain riód i corr áit eile. Marbearghead iad uilig i bé iad [?] nach áite amarbuigh cuid mai dióbtha. Am eicínn ag daid ag ama sin thug sícuaird ar Eilis banrioghan Shasana. Níor thasbáin Eilis amilaidheacht dá laighead dí. Thairg Eilis "leidhiol" dí ach d'eirigh Gráínne é ach tugadh an tiodal "larfa Mhuigheo dá mac "Tiobóid na long."
    Tá scéal fuirí gom beígin dí cur isteach gocuan bheann Éadair.
    Cuaidh sí féin & a chuid oifigeach comh fada le Caisleán bheann Eadair. Bhí na dóirsí druidte & muinntir le tighe igCionn andinnéir. bhfuair sí ach an doicheall & an t-eireach. Cas sí chun na fairrge casadh oidhre na chaisleáin dí sa spraoidh do féin fadéanaimh siamsa. D'fuadigh Gráinne léithe é. Diultaigh sí den gasúr sa iabhairr arais go ngealltaí
  4. An Baile

    CBÉS 0129

    Leathanach 257

    agus tá beirt aca abalta sgéalta i mBéarla agus Gaedilge a innseacht agus siad Miceal O Cathain (72) agus Sorcha Ni Conmucháin (73).
    Ta talamh mait ann acht níl aon cuid de faoi coill. Tá sean bothar ann inaice leis an fairrge agus sin an bothar a bhíodh ag na daoine fado le dul chun na reilge. Rinneadh san bliadhain 1896 é agus is iad na Thirteen Sections a rinne é. Mna a bhíodh ag obair air agus fuair siad ocht bpighne sa lá mar páige. Bhris an fairrge isteac air agus cuireadh as usáid é.
    Tá loc ann a tugtar Loc Faithche air agus sé an loc is mo i Baile Cruaidh acht níl sé an ceann is doimne anois. Is féidir leis na daoine san Samhradh a gcuid móna a thabhairt ar ais óna portaigh atá ar an taobh eile den loc le cairt. Ta an bun go cruaidh mar is gainimh atá ann.
    Tá dhá trinse ag rith amac as go dtí an fairrge agus is iad na teorannta atá ar an dá taobh d’Faithche. Tá ceann aca mar teorann idir Dúnatha agus Faithche agus an ceann eile ar an teorann idir Dumha Fhrighil agus Faithche. Rinn Coimisiun na Talmhan ceann aca tá an ceann eile a dtugtar “An Cut” air ann le tamall fada. Cuir an Coimisiun posta tart ar an loc trí no ceitre bliadhain o shoin.
    Ta ballai sean-caisleán Gráinne Mhaille i bhfeilm m’athar.
  5. (gan teideal)

    Ag seo giota a fuair ... san "Connacht Truibhín":

    CBÉS 0004

    Leathanach 506

    Síol Gráinne Mhaol Mháille a raibh a mbunadhus seal 'na rígh
    Cuirim iar-bheannacht siar ortha idir liaigh agus shaoi
    Ba leathan é a gcail, agus níot leithne ná a ngnaoi
    Agus ba chalmach ar an bpáirc iad lá tharrtháil na saoirs'.
    Níor b'iondamhail ar an mbunadh uasal duine duaireamhail ná
    Fad is bhíodar a' riaghlú an Iar Iarthar níor cluineadh a mísg
    Má thug lámh laidir le fánaidh iad níor náireach dóibh a ngníomh
    Cé gur cuireadh ar lár iad níor thréig siad a dtír
    An t-Ollamh Tomas an fear is síodhamhl' dar casadh in mo linn
    Agus má tá fobhairt den uaisle ann níor thóig sé é ón ngaoith
    Tá an fhéile ag gabháil leis i mbealach sa slighe
    Agus an rud a fuaigheadh go hóg ann
    Níor sg.... sé le n-a aois
    Molaim go fóill é mar dhochtúir is mar shaoi
    Cuirim iar-bheannacht siar air mar ollamhain 's mar laoch
    Fíor-Ghaedhal ón Iarthar le fuinneamh agus brígh
    Agus a d'fhéacfadh don dólás ar son saoire a thír!
    Is fada siar m'eolas ar a mhéin agus ar a ghnaoi
    heol dom droch-eolas ar a theaghlach ná a ghaoil
    Dhá shórt bhfuightheá mórán i gcathair ná i dtír
    Sí an grádh gheal a thóig sé is an onóir dá shníomh
  6. Caisleáin

    CBÉS 0085

    Leathanach 156

    Bhí caiseal in uachtar Acla agus ceain eile i ndúnadh i nDuadhChumha. Tá ceithre stór ingac Caislean,agus ceithre fuinneóga. Tá staighre cloch suas go dtí a bharr agus tá doras beag amháin thíos ag a bun.
    Gráinne Mháille a thóg é. Deirtear nár thóg sí ach oidhche amháin ag déanamh an dhá caislean. Sé an fáth ar rinneadh iad le gardaí a fhágail ionnta leis an oilean agus an fhairrge a gárdáil. Thiocfadh leis na gardaí in Uachtar Achla caislean Dunadh a fheiceál.
  7. Brún - Tiarna Shligigh

    CBÉS 0138

    Leathanach 224

    i gCo. Ciarraidhe.
    Bhí cleamhnas aca le Mac Uilliam Íochtar agus Uachtar (?) áit ar phós duine inghean le Iarla Clann Riocaird. Bhí cleamhnas aca freisin le Gráinne Mháille 'san áit ar phós Riocard an Iarainn a h-ingan (?)
  8. Cathair na Mart

    CBÉS 0138

    Leathanach 192

    greim a chongbháil ar a ngabháltairí féin. Thóigeadar mainistir mhór ag Muirisc faoi choinne Úiro Abhuistín Naomtha. Tá an fothrach le feiceáil go fóill.
    D'éirigh muinntir Uí Mháille an-chomhachtach i n-aimsir Eilíre. B'é Oileán Cliara ag béal an chuain an phríomh-áit bhí acu. Mairnéalaigh thar cionn a bhí ionnta agus ba iomdha uair a lasc siad leo fan cósta na h-Éireann. Chuir siad uamhan agus uathbhár ar a gcomarsanaibh féin. Chuala an saoghal fódlach faoi Ghráinne Mháille agus na gaiscí a rinne sí. B'iongantach an bhean í gan amhreas ar bith. Ba i Gráinne a thug cuaird ar Eilís, bainrioghain Shasana, agus tá moladh ag dul dí sa mhéid seo ar chuma ar bith nach ndearn sí umlaidheacht d'Eilís. Cheap Eilís go mbogfadh sí Gráinne agus go ngéillfeadh sí dhí agus do dhlighthe Shasana, ach ba í a bhí meallta.
    "Bhí mise i mo bhainríoghain rómhat," arsa Gráinne.
    "Mise bainrioghain an Iarthair. Do dhubhslán mo smachtú." (Tar slán a Ghráinne.)
    dhearna Cromuil agus a chuid dearmad ar Chonndae Mhuigheo. Planndáileadh neart áiteala 'na rabh tailte maithe. Ruaigeadh roinnt mhaith Gaedheal ar Cúige Uladh agus bhuail siad bóthar go Connachta, ach bhí na planntóirí ann rompa. D'imthigh siad leo go dtáinic comhfada le Cathair na Mart agus uaidh sin scaip siad amach. Ba iomdha uair a thug siad faoi na planntóirí i n-Iorrus agus rop siad tríd a dtailte uair ar bith a fuair siad an chaoi. Chuir na planntóirí "na n-Ultaigh Bhradaigh" mar ainm ortha. Tá muinntir Néill, muinntir Rathaille, na Ruaircigh, na Gallchobharaigh, muinntir Shuibhne, agus muinntir Bháird go fairsing taobh tíre seo go fóill.
    Toisigheadh ar Chathair na Mart an lae indiu do thógáil tuairm 1765. Fuair Seán de Brún tailte a athar sa mbliain 1711. Bhí a athair mór ag cuidiú leis an Sáirséalach ag ionnsuidhe Luimnigh sa mbliain 1691. Duine ar bith a bhreathnuigheann faoi chloch an Chonnartha i gCathair Luimnigh feicfidh sé a ainm díreach faoi ainm an tSáirséalaigh. Thréigh duine d'á shliocht, Séan eile, creideamh a mhuinntire i n-aimsir na bpéindlighthe. Ba i n-a dhiadh seo bronnadh teidiol ar an mBrúnach, Baron Mounteagle agus Earl of Altamount.
    Ar chuma ar bith, thug Seán De Brún Presbitéirigh agus Protustúnaigh isteach leis an talamh a thaoseadh is a shaothrú. Tóigeadh tigthe do na planntóirí. Thug sé innealtóirí agus daoine oilte nach iad on bhFrainnc agus ba iad a chuir tús le Cathair na Mart an lae indiu.
    Ach féadfaí leabhar iomlán a líonadh le scéalta faoi 'n mbaile seo, agus faoi 'n tír thart timcheall; scéalta faoi Sheán na Sagart, drochfhear a bhí ann i n-aimsir na bPéindlighthe a scéitheadh ar na sagairt; scéalta faoi na Sasanaigh a rith go Cathair na Mart ó Chaisleán an Bharraigh roimh Humbert; scéalta faoi 'n nGorta agus mar a bánuigheadh an tír; scéalta faoi laethe Chonnradh na Talmhan, agus faoi Parnell agus Liam Ó Briain; agus scéalta faoi 'n gcogadh dheireannach a bhí againn i n-Éirinn nuair a rinne muinntir Chathair na Mart a gcion féin le slabhraí na sclábuidheachta a bhriseadh agus saoirse na tíre a bhaint amach.
    Tá Craobh maith bhprioghmhar de Chonnradh na Gaedhilge ann, agus níl scáth ná faithchíos ortha a dteanga féin do labhairt taobh istigh is is taobhamuigh. "Éire Gaedhealach, Éire SAor," sin é an cuspóir atá acu. Go nearthuighidh Dia bheith dílis do cuspóir an Phiarsaigh.
  9. Talladh

    CBÉS 0088

    Leathanach 015

    Ó Seán Mac Giollaruaidh a bhfuaras an píosa seo. Bhíodh muinntear na h-áite seo an tugtha do talladh an t-am sin. Thug na h-oileáin atá go fairsing i mbéal an chuain seans dóibh éalodh má tháinig an tóir artha.
    Tá tannaidhe mhór i lár an chuain agus tá oileán na lár ar a dtugtar Scráitín.
    Bé an Caiptín Ó Máille an talltóir ba mhó cáil a chleachtuigh a cheirde san iarthiar. Bhí sé i ngaol le Gráinne Mháille agus ba dual gaol dó
  10. Cistí Óir i bhFolach

    CBÉS 0076

    Leathanach 399

    Bhí fear i naice le Baile an Róba uair amháin agus bhí sé ag brionglóidigh trí oidhche in dhiaidh a chéile go raibh pota óir i bhfolach i gCaisleán na Circe. Tháinig sé go dtí teach sa gCeathrú Garbh agus d'fhan sé ann an oidhche sin. d'Fiafruigh fear an tighe de cé'n áit a raibh sé ag dul. Dubhairt sé leis go raibh sé ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile go raibh pota óir i bhfolach i gCaisleán na Circe agus go raibh sé ag dul ann lá ar na bhárach go bhfeicidh sé an raibh sé fíor. Nuair a bhí an fear i na chodhladh d'éirigh fear an tighe agus fuair sé bád agus chuaidh sé amach ins an mbád. Thosuigh sé ag tóirigheacht ins an áit a dubhairt an fear leis. Fuair sé an t-ór i bhfolach ins an urlár. Thug sé abhaile leis é. D'éirigh an fear eile ar maidin agus chuaidh sé isteach ar Chaisleán na Circe agus chaith sé an lá ag tóirigheacht agus bhfuair sé an t-ór.
    Deirtear gur GráinneMháille a chuir i bhfolach ann é agus deirtear gur bé Micheál Ó Feártaigh a fuair é.
    Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach i Leic Aimhréidh in aill mhór ar a dtugtar
  11. Hidden Treasure

    CBÉS 0090

    Leathanach 001

    There is a pot of gold hidden in Kinturk which belonged to Tiobóid Na Luinge and his mother, Grainne Mháille.
    Tiobóid's servant dreamt there was a pot of gold hidden near the castle under a little bush and he was told in the dream not to bring anyone with him when he was going to lift it. He was afraid to go himself and he brought the wife with him.
    He started taking the covering off where he dreamt the gold was and he rose up a metal lid and some serpent opened her mouth and the wife's heart busted, and she fell dead where she was. He covered up the hole and he never went near it again and the gold is there yet.
    Liam Ó Duibhir,
    Beál Átha h-Éin,
    Caisleán.
    Ó Tomás Ó Floinn,
    Doire Garth,
    Beál Átha hÉin,
    Caisleán a Bharraigh.
  12. Genealogy of the O'Malleys of the Owals

    CBÉS 0086H

    Leathanach 04_010

    covering the retreat of his men.
    1428 Murrisk Abbey founded by Dermot O'Malley, chief.
    1429 Loughlin, son of Dermot, killed by the clan
    1432 Teige Ribbach O'Dowd, ason of the daughter of O'Malley died.
    1460 Donal, son of Dermot, killed by the Mahons of Clare.
    Brian, son of Teige O'Malley, killed by his brother, Aedh.
    1467 Teige, chief, son of Dermot, died.
    1513 Owen, chief, killed at Killybegs in Donegal.
    1517 Father Donatus O'Malley, O.S.A., prior of a monastery in Galway.
    1523 Cormac, chief, son of Owen, died, Mary, Cormac's sister, wife of the constable of gallowglasses Mac Sweeny Faned, died.
    1524 Dermot, son of Cormac, killed by the Mac Carthys of Cork.
    1530 Circa, Grainne ni Mhaille born.
    1549 Teige O'Malley, of Kilsanayne, pardoned by Edward.
    1560 Tuathal an Coghaidh lost at sea.