Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

27 toradh
  1. Cúram na gCos

    CBÉS 0424

    Leathanach 195

    Cúram na gCos
    Bhíodh na daoine tímcheall fiche bliadhain fadó sara gcaithidís bróga. Bhí fear i nDún Chaoin agus ní cuirfeadh sé air acht aon bhróg amháin. Nuair a bhíodh sé sin caithte aige ar an gcúilín cuireadh sé air an ceann eile. Ní caith Biddy Moriarty aon bhróg riamh. Téigheann na leanbhaí óga cosnoctuighthe tamall san tSamhradh. Nuair bheadh na cosa nighthe
  2. Cúram na gCos

    CBÉS 0461

    Leathanach 290

    Cúram na gcos
    San bparóiste seo dachad blian ó shoin bhíodh na páisdí gan bróga go dtí go mbíodh siad naoi mbliana ar a luighead agus an chéad pheidhre a gheibhidís ní bhíodh de chead aca iad a chaitheamh acht amháin chun dul ar aifreann gach Domhnach. Ní chuiridís orrtha de ghnáth [iad] go dtí go mbíd[ís] sé bliana déag agus pé obair saoráideach a bhíodh le déanamh aca chaithidís na bróga uatha mar ualach trom dob eadh iad.
    Bhí boinn na gcos ana-chruaidh ar fad agus ní raibh beann aca ar fuacht, lic oidhir nú sneachta leis. Nuair [a] bhíos im gharsún bhí meas mór againn ar chnaipí agus marbilí (=mirlíní), bhíodh cnaipí ar chórda ag gach buachaill agus agus dhéanfadh garsún gaisce mór míchiallda acht cnaipe a thabhairt dó mar dhíoluigheacht. Do chonnaic mé áit ina raibh aoileach agus bhí brat mór de aiteann ann. Bhí sé ana-gharbh dar ndóigh agus deiligne géara innte agus do chonnaic mé garsún ghá phosáilt ach cúpla cnaipe d'fháil. Bhí aithne agam ar fhear a bhí ina chómhnuidhe i nDrom an Ghoirtín, paróiste an Bhunáin agus dubhairt sé ná bíodh aon bhróg air nuair [a] bhíodh sé ag baint aitinn, acht chuireadh sé a chaipín idir a chosa agus an aiteann nuair a bhíodh
  3. Cúram na gCos

    CBÉS 0020

    Leathanach 0173

    Cúram na gCos
    Bhíodh na daoine fadó ceathair bliadhna déag d'aois sul a gcuireadh siad aon bhróg ortha. Bhí fear ann fadó agus níor chaith sé bróg ar bith. Bhí sé ag dul ar na bóithre agus ag glanadh na simléirí. Dhá bhficeadh sé cloch ar an mbóthar bhuaileadh sé poc uirthi leis an méar fhada agus chuireadh sé é trí nó cúig slat. Ní bhíonn aon bhróga ar na páisdí thart timcheall na háite seo sa samhradh agus iad ag dul ar sgoil.
    Fadó nuair a bhíodh na
  4. Cúram na gCos

    CBÉS 0086

    Leathanach 349

    Cúram na gCos
    Ní chaitheamh na daoine bróga fadó, go mbéadh siad mór, chualaidh mé faoi fhear nár chaith bróga ariamh agus an t-ainm atá air "Séamus Ó Conghaile. Is gnáthach do na páistí dul cos-nochta, téigeann siad cos-nochta san samhradh agus an t-uisge a nígheann siad a gcosa ann caitheann muid eibhleóg ann ar fhaitchíos go mbéarfadh na taidhbhsighthe orainn. Agus deireann muid "Chugaibh, Chugaibh uisge salach, más é do thoil é fág an beallach".
    Bíonn bonn-bhallaibh ar na cosa, agus gearad-crúiscín idir na méaranna agus bíonn teasló faoi na méaranna freisin agus an leigheas atá dhó sin, greim olna agus uisge, acht caithfidh an olann a bheith fliuch, agus an leigheas atá don ghearad-crúiscín sallann agus rúaithe a chuir idir na méaranna agus éadach a cheangail thart orra. Agus an leigheas atá don bhonn-bhallaibh sóapa agus siúcra agus bainne, agus deireann na sean-daoine dhá ligheadh an madadh é, go mbéadh sé go maith.
  5. Cúram na gCos

    CBÉS 0086B

    Leathanach 24_014

    Cúram Na Gcos.
    Bhíodh na daoine iongantach sul a gcaitidhís aon bhróg. Is iomda duine nár caith aon bróg ar bith na daoine nac bfuil a saith ciall acu níl béas acú ceard a deanfaidh siad leósa. Bíodh na daoine ag dul [cosnocth]? agus iad saith mór. Téigeann na páistí in a cosa anois tamaill d’on bliadain agus tá siad ina gcosa anois le sgothain agus bhéidh siad ina gcosa go cionn cuplá mí eile. Agus nuair a cugas an Geimréidh (rac) cuirfidh siad na bróga orradh féin aríst. Caithtear amac an t-uisge a nígthear na cosa ann mar bíonn sé salach agus in ní ceart aon soiseach na [toda]? eile a níg. An Chonnaic mé duine amáin ag níg fataí leis an t-uisge a nígadh ann
  6. Cúram na gCos

    CBÉS 0124

    Leathanach 100

    Cúram na gCos.
    Fad ó no cuigmhadh blian o shoin níor chaith na daoine bróg ar bith acht nuair a bhí siad ag dul go aifreann. Is minic chuaidh na mna cosnochtuighthe go ndeachaidh siad go uaigh.
    Ní fhuair na buachalla péire bróg go mbeadh siad ar tí dul go Sasana. Níor chaith na cailíní bróg ar bith go mbeadh siad at ti pósta.annsin gheobhadh síad an chéad péire.
    San samhradh anois téigheann na páistí gan bróga anois ó Lá Bealtaine go Meadhon-fóghmhar.
  7. Cúram na gCos

    CBÉS 0424

    Leathanach 143

    Cúram na gCos
    Ní caithfead aoinne bróga fadó go dtí go mbídís sé mbliadhna déag d'aois. Bhí bean air an mBaile seo fadó agus níor chaith sí aon bhróig riamh. Do bhí an t-ainm a bhí uirthi ná Siobhán Ní Mhuircheartaig. Téidheann na n-aon duine cos-nochtaighthe, sa tSamhradh. Sé Mícheál Ó Súilleabháin a deisígheann na bróga dúinn. Siad so na focail a bhíonn ag daoine a bhíonn ag deisiú bróga, buaircín, bóinn, sálaí, h-uactair, teanga. Bhí gréasaighthe i bhfad ní ba fhlúirisíghe fadó ná mar táid anois. Do caithtí
  8. Cúram na gCos

    CBÉS 1079

    Leathanach 83

    Cúram na gcos.
    I bfad ó shoin ní bhéadh bróga ar bith ar na daoine go mbéadh siad fiche bliadhain d’aois. Ní h-é an seort amháin bróga a bhéadh ortha an t-am sin agus a bhíonn ortha anois. Bróga greasaidhe a bhéadh ortha agus bonn adhmaid ortha. Na bróga atá acu anois is i síopa a ghéibheann siad iad. Ní bhíonn na bróga síopa go daor leis na bróga gréasaidhe mar árduigheadh luach na bróga gréasaidhe in aimsear an chogaibh.
    Ní bhíonn na daoine coscarnocht anois acht sa t-Samhradh téigeann na buachaillí beaga coscarnocht. Bíonn bróga ortha anois ins an chliabhain nuair a bhíonn siad bliadhain d’aois. Bíonn bonn leathair ar na bróga atá ag na da daoine anois mar ní chaithfeadh
  9. Cúram na gCos

    CBÉS 1079

    Leathanach 85

    Curam na gCos.
    Tá daoine ins an cheanntair seo nar chaith bróga ariamh. Ní bhíonn na páistí anois coscarnocht acht séasúr amháin dhe’n bhliadhain. Ní chaitheadh na daoine bróga séasúr ar bith de’n bhliadhain i bfhad ó shóin. Ba gnáthach leis na daoine nuair a nigheadh siad a gcuid cos ins an oidhche, ní chaitheadh siad amach an t-uisge an oidhche sin.
    Bhí níos mo gréasaidhe sa’n cheanntar seo i bfhad ó shóin nó atá anois. Bhíodh na daoine ag caitheamh bróga bonn adhmaid mar go rabh siad níos ceó na bróga leathair. Bhíodh na daoine ag déanamh suas bróga as adhmad agus leathar dobhtha féin. Tá daoine sa’n cheanntar seo go fóill a chaitheann bróga bun adhmaid. San
  10. Cúram na gCos

    CBÉS 0461

    Leathanach 292

    thráthnóna.
    Maidir le cúram na gcos coinnigheann cuid dos na daoinibh uisce na gcos isteach go maidin, agus caitheann daoine eile amach é á rádh san am céadna "seachanaidh" do na "daoine maithe" is dóigh liom, agus iompuigheann siad an mhias béal fé agus iad á fhollamhú.
    Is iad na chéad bhróga a chaith daoine na háite seo ná "bróga perc". Thugadh daoine ó Mhagh Chromtha go Neidín iad i gciseánaibh agus díoltaí i mbolg na sráide iad lá aonaigh nú margaidh. Dá dtéigheadh lucht caithte na mbróg ró-chómhgarach don teine bheireadh an teine orrtha agus thagadh múchóg asta. Chuiridís píosa de pherc leo airís agus bhí úirlis éigin chun é do dhéanamh acht theip orm a ainm d'fhagháil ó éinne.
    Ceithre fichid blian ó shoin bhí a lán gréasaidhthe sa pharóiste agus obair a ndóthain le déanamh aca agus anois níl éinne ag déanamh bróg ann. Bhí aon ghréasaidhe amháin ann acht ó tharraing sé siopa air níor chuir sé taoibhín ar bhróig. Acht féadann na buachaillí agus na seandaoine snáth céireach do dhéanamh, taoibhín do chur agus buinn fé bhrógaibh leis.
  11. Cúram na gCos

    CBÉS 0086B

    Leathanach 14_029

    Curam na gCos.
    Ní Cuiran cuid gon na daoine a cuid bróg air nuair a beas siad ag dul a posad agus bhíonn cuid gon na daoine gan brog nuair a beis siad ag dul go dtí an Aifring nuair a beis siad ag teact go dtí teach a pobail agus cuirean siad na bróga air annsin.
    Deantan bróg san ait seo agus do cuirean siad deisig ar bhí fear an fado agus nuair a bhíonns sé ag cuir disig ar na bróg bhíonn sé a rád dhá deich pionn ar luc na mon agus ar luc na mon a dac na mon bhíonn sé a rat é sin nuair a beas sé ag cuid deisig ar na brog.
    Níl móran san ait seo ag caitin bróga bonn admaid act na sean daoine agus cuid gon na (daoine) paiste óga.
  12. Cúram na gCos

    CBÉS 0086B

    Leathanach 30_049

    Curam na gCos
    21 - 7- '38
    Bíodh na sean daoine fásta suas. Turam is fiche bliadan de aois. Bhí go leor daoine thart anseo fadó na gcaiteadh bróg air bith.
    Cáiteann na paistead lá indú bróga tamall den bhliadhan. Teadan siad ina gcosaibh san Samradh. Turam is mí na béaltana chaitfinn siad na bróga. Cuirean siad urta araíste san Ghimreadh iad. Turam is mí na Samhain agus cirrian siad orta la h-aige an Ghimridh iad agus bainean siad doibh araiste iad san Samradh bhíonn an aimsir ann te. Bhíonn na broga an trom san Samradh
  13. Cúram na gCos

    CBÉS 0109

    Leathanach 172

    Cúram na gCos
    Bhí mé féin agus mo sean athair in ár suidhe cois teineadh aréir bhí mo bróga leaghtha ar an mbach agus thoshuig se ag cainnt faoí bróga na daoine.
    Dinnis sé dom nár caith na sean daoine bróga go raibh síad fásta súas acht ní mar sin atá síad fá látháir. Tá peíre bróg ag na páiste anois núair thagas síad amach on gcliabhán.
    Fadó núair fuair na mná péire bróg an dtús níor chaith síad iad act ag dul go baile mór nó ag dul ar margadh.
    Diomtuigh síad a mbróga leobhtha faoí na nasgail agus nuáir tháinig síad I ngar don baile mór cuir síad orra iadh agus dimthigh leobhtha ara mbealach. I rith an geimhreadh agus an samhraidh ní raibh broga orna agus bhí a gcosa fúair agus ag cur fola leis an gaoth fúair cruaidhe a bí ann.
  14. An Scoláire Bocht

    CBÉS 0922

    Leathanach 229

    ualaigh de luaithrigh as ón gcraitheadh ar thug sé dó fhéin. B'shin an chéad uair ar chuir sé cos ar an dtalamh ar feadh ocht mbliadhan.
    An mhaidin i n-a dhiadh sin bhí an fear seo i n-a shuidhe go moch, ach má bhí, bhí an tsean-bhean amach roimhe. Nuair a bhí an bheirt acu suidhte isteach chun búird le greim d'ithe leig an fear ólagán as. Chuir an bhean cheist air fá dtaobh den ólagán is d'innis an scoláire bocht scéal ainmhidhe na n-ocht gcos. "Tóg Dochtúir leat", ar sise, "is má bhaineann aon rud duit, cuir abhaile chugham é, mura mbaineann, beir leat abhaile chugham é".
    Sé ainm a bhí ar an mhadra ná Dochtúir.
    Bhí go maith is ní raibh go h-olc gur thuit an dorchadas air an dara oidhche is é ag taistil roimhe. Chonnaic sé solas ar thaobh cnuic is dhéan sé air. Teach eile a bhí ann is bhí sean-bhean i n-a suidhe ar an tsuidhisteog is cúram na h-áite fúithí. An fiacal ba ghiorra i mbéal na sean-mhná bhí sé ar aon fhaid le bata-láimhe. Bhí madra eile i gcúinne an tighe seo is d'órduigh an tsean-bhean dó éirighe. Do dhéan sé amhlaidh
  15. Cúram na gCos

    CBÉS 0618C

    Leathanach 02_065

    65
    Cúram na gCos.
    Do bhí bróga ag an cuid is mó dé's na daoine fado,acht do téigidis cosnoctuighte go dtí go mbeidis feicead bliadhain daois..Níl fhios ag mo athair mar geallar aoinne nar cait broga riam.acht fear amhain darbh ainm Tomas Ó Docartaig .Ag iaascaireacht do bhíodh sé i gcomnuidhe .Caitheann na páistí bróga gach aon tam dé'n bliadhain ,acht ins an Samrad. Ní raibh acht greasuidhe amhain ins an bparóiste seo,Sean Rághnaill.Bhí sé ábhalta broga do dhéanamh .Tá sé ábalta iad do déanamh fós ,agus a berit
  16. Cúram na gCos

    CBÉS 0109

    Leathanach 229

    Cúram na gcos.
    Fadó níor chaith na daoine bróga go raibh siad in a mbuachaillí agus in a gcailíní óga, sé sin, nuair bhíodar timcheall is fiche bliadhain d'aois.
    Bliadhanta ó shion bhí daoine ann nár chaith bróga chór ar bith, acht ní mar sin atá an sgéal fá láthair, bíonn bróga is stoca ar gach duine, go deimhin, is minic a chonnaic mé bróga ar páiste sa gclíabháin.
    Gach oidhche nuair bhíodh a gcosa nighte ag na páiste, déireadh na sean daoine, dhá gcaitheadh siad an t-uisge amach do thagfadh na sídheóga thart ar an teach i rith na h-oidhche.
    Uarannta do cheannuigh na daoine píosaí leathair, do thug síad do'n ghreasaidhe íad, agus do rinne sé "clogs" dóbhtha.
    Bhí na "clogs" sin tirm agus te
  17. Cúram na gCos

    CBÉS 0622

    Leathanach 203

    203
    Cúram na gCos.
    Fadó ,fadó ,ins an áit seo ní raibh sé de nós ag na daoine ins an áit seo bróga do chaitheamh nuair a bhíodar blían daoisfé amr atá an nós acu anois.Ins an tráth sin ni raibh aon pram acu fé mar atá acu anois ach do chaith na daoine isteach í casán nó i scuttle íad.Dá dheascaibh sin do bhíodar comh righinlecat agus bhíodar níos láidre ,níos slainteamhla
    ,agus nios misneamhhla ná na mar atá síad anois. Ni bhfaighidís slaighdeán dá mbeadh síad amuigh ó ghaodh an coilg fé bháistigh is fé sneachta ,ar an lamh eile dá dtuitfeadh braon ar bhárr na sróna ar na daoine ata indiu ann beidh an dochtúir acu an la in -a dhíaidh.
    Ar an lámh eile do mhair na daoine sin go dtí go rabhadar céad bliain d'aois .Ins an tráth seo gheibheann na daoine bás í bhláth a óige.
    Ní bhfaighidís peidhre bróg fadó go dtí go mbeadh síad ag dul chun pósadh .Ní chaithidís na bróga gach lá in aon cor.Nuair sa bhídís ag dul go dtí an baile Mór do thabhairfhidís na bróga in aoinfheacht
  18. Cúram na gCos

    CBÉS 0477

    Leathanach 190

    Cúram na gCos.
    Bhídís ina fear as ina ban sar a gcaithidís aon bróg fadó. Bhí cosa móra ortha a bheadh lán de méisgirí. Dá bhríg sin níghthe a gcosa gach oidhche.
    Caithtí amach uisge na gcos gach oidhche acht coimeádtaí an tuisge deirineach istig ar eagla go dtagadh aon droch phúca isteach. Mheastaí go rabhadar ag teacht ag deanamh aon díoghbháil.
    Bualadh an coileach a sgiatháin i rith na hoidhche no timcheall breachadh an laé. Ceaptaí an uair úd gurbh éan beannuighthe an coileach agus bhí sé ag cosaint an tighe. ag gárdáil an tighe ar aon droch rud. Éan beannuighthe iseadh an coileach go mór mhór aon coileach Márta aon coileach a thagadh amach sa Márta.
  19. Cúram na gCos

    CBÉS 0473

    Leathanach 546

    Cúram na gCos
    Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Shioctháin
    A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
    A Aois: 78 bl..
    Bhí na daoine fadhó an-chúramach ar a gcosaibh. Nighidis a gcosa gach oidhche ins an Samhradh agus gach seachtmhain ins an nGeimhreadh.
    Fadó chuiridís aol ins an uisge agus an cead duine a d’eirigheadh go luath ar maidin caitheadh sé an t-uisge amach.
    Ní bhíodh aon bhróga ar na daoinibh fadhó go dtí go mbíodh siad fiche blian nó mar sin agus anois bhíonn bróga acha in an (gclan) gcliabhán.
    Caithidís lóipíní fadhó. Ní bhíodh aon broga orta dul ar Aifreann agus nuair a bhíod siad ag pósfadh geibheadh siad ar iasacht
  20. Cúram na gCos

    CBÉS 0437

    Leathanach 262

    Cúram na gCos.
    'San t-sean aimsear níor caitheadh na daoine annso aon bhróg go dtí go mbeidís fiche nú triocadh de blianntaibh.
    Do caitheadh na mná lóipíní agus do caitheadh na fir "coat of perk shoes".
    Bhí mórán daoine annso nár caith aon bhróg riamh.
    Níor chaith Máire Ní Shéaghdha o Glaise aon bhróg agus théideadh sí go Corcach le ím agus uibhe.
    Ní caitheann na leanbhaí scoile aon bhróg ag dul ar scoil sa t-Samhradh. Bíonn slipéirí a caitheamh acu ag dul chun Aifrinn. Roinnt bliain ó shoin níor caitheadh na daoine óga bróga sa t-Samhradh ná sa Gheimhreadh.
    Dar le daoine ní thiocfadh na daoine marbh isteach muna caithfeadh na daoine uisce na gcos amach.
    Deintear agus deisightear bróga annso.
    Baineann na focail seo leis an obair,- paiste, taoibhín agus sála maithe daingne.
    Bhí ceathrar nú cúigear gréasaidhe annso ach níl ach aon ghréasaidhe annso anois, Mícheal Ó Réaghla is ainm dó. Tá an ceárd aige le sinnsearacht.
    Caithti agus caithtear bróga bonn-adhmaid san áit 'Clogs' a tugtar ortha.
    Tá mórán daoine fásta annso ná caitheann aon bhróg ach nuair a bhíonn siad ag dul go dtí an sráid