Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

340 toradh
  1. Crom Dubh agus Naomh Pádraig

    CBÉS 0092

    Leathanach 39

    Bhí Crom Dubh in-a chomhnuidhe síos i mbun cruaiche le linn aimsir Naomh Pádraig a mhair sé. Bhí naomh Pádraig ag déanamh tighe Phobail in Acha Ghabhair Eirineach ab beadh Crom Dubh Bhí tarbh breag aige, agus bródh mór aige as Ceap sé nach raibh a sarú in Éirinn. Lá amháin cuir naomh Pádraig beirt fear i gcoinnibh an tarbh Dubhairt na fir le Naomh Pádraig go mba beag an chabhair dhóibh a dhul ag iarraidh an tairbh mara nach bfuigeadh said é.
    Arsa Naomh Pádraig "Tóg an t-slath seo, agus nuair a tiochfaidh sibh go dtí an tarbh bhuail i gclar an éadáin agus ní béodh aon trioblóidh agaibh" D'imhthigh an beirth go dtáinicheadhar go dtí an pairch in-a raibh an tarbh. Ar an bpoinnthe a chonnaic an tarbh iad rith se chucu, agus shíl sé iad a mharbhughadh Bhuail fhear acu isteach i gchlar an éadoun é, agus shiubhail se leo chomh socair le aon bheothidheach dhá siubhail ariomh go dtháinic siad go dtí Acha Gabhair.
    Annsin martuigheadhar an tarbh. Rinneadar féastha dho. Nuair a bhí an feasta tharth, dubhairt naomh Padraig leo na cnamha cinnte
  2. Seanscéalta

    CBÉS 0033

    Leathanach 0163

    "Sé an fhírinne é", ars Naomh Pádraig.
    Págánach do b'eadh Oisín. Thosuigh Naomh Pádraig ag cainnt fá Chríost annsin. D'innis Naomh Pádraig dhó an chaoi a bhfuair Críost bás. Níor chreid sé Naomh Pádraig ar dtús. Dubhairt Naomh Pádraig annsin go raibh Fionn agus na Fianna eile i n-Ifreann. Níor chreid Oisín é. "Cé'n fáth nach dtagadh siad amach as ifreann" ars Oisín. Dubhairt Naomh Pádraig go raibh an diabhal ag coinneál ann iad. Dubhairt Oisín annsin go raibh an diabhal an láidir má bhí sé i ndon Fionn a choinneál ann.
    ___
    Bhí Cormac Mac Airt i n-a Árd Rí ar Éirinn fadó. Do bhí na righthe ag comhnuidhe i dTeamhair an uair sin. Do bhíodh feis mhór i dTeamhar aige gac tríomhadh bliadhain. Theigheadh muinntir na h-Éireann go dtí an feis sin le cáirdeas agus síothcháin a dhéanamh le chéile. Rí an-mhaith do b'eadh Cormac Mac Airt. Bhí pálás mór ag Cormac Mac Airt ag Teamhar. Bhí an tír fé shógh agus fé shuaimhneas an fhaid a's bhí Cormac Mac Airt 'ghá riaghaladh agus bhí an tír ag dul ar aghaidh go mór. Chuir Cormac suim mhór i léighinn. Fear an-tuigsionach do b'eadh é. Thagadh na daoine léigheannta to Teamhair gach bliadhain agus sgríobhadh siad síos stair na h-Éireann ó bliadhain go bliadhain. San t-am sin do chuiridís dlighthe na tíre le chéile in aon leabhar amháin. Do thagadh na céadta mhich
  3. Scéalta Crábhaidh

    CBÉS 0076

    Leathanach 549

    cú agus nimh ann le Naomh Pádraig a mharbhú. Nuair a chuaidh Naomh Pádraig ag ithe thug sé faoi deara nach raibh an Págánach ag ithe agus dubhairt sé leis a bheith ag ithe, acht thug an pagánach leith-sgéal éigin dhó. Tar éis tamaill dubhairt sé leis arís a bheith ag ithe ach ní íosfadh an págánach aon rud. Annsin dubhairt Naomh Páraig leis 'muna n-iosaidh tusa an biadh go n-íosaidh an biadh thú." Annsin d'éirigh an cú a bhí ar an bpláta agus d'osgail sé a bhéal chun Naomh Páraig d'ithe acht chuimil Naomh Pádraig a lámh air agus annsin d'éírigh sé agus stróíc sé an Págánach agus d'ith sé é. Bhíodh an fionnadh in-a sheasamh suas díreach ar gach cú fadó deirtear go dtí an t-am sin a chuimil Naomh Pádraig a lámh ar an gcú sin.
    Nuair a tháínig Naomh Pádraig go dtí Mám Éan deirtear go raibh sé chomh tuirseach nach raibh sé i ndon níos mó de'n tír a shiubhal agus d'iarr sé ar Dhia a dhá oiread toradh agus tairbhe a bheith ar an áit nár shiubhal sé agus an áit a shiubhal sé agus tá na h-áiteanna sin níos fearr na na h-áiteann ar shiubhal sé.
  4. Scéalta faoi Naomh Pádraig

    CBÉS 0086F

    Leathanach 04_026

    Lá amháin nuair do bhí bean agus gasúr ag suibhal an bóthar. Bhí Naomh Pádraig síos ag loch. Chuaidh an gasúr síos chuig Naomh Pádraig. Rinne an ghasúr snaoisín. Dubhairt Naomh Pádraig Dia is Muire agus deirtear Dia is Muire ariamh o shoin.
    Dara
    Nuair do bhí Naomh Pádraig ag dul go Cill Alaidh agus nuair a imtigh sé ar an luing bhí ocras (ort) ar na máirné. Alaigh agus guidhe Naomh Pádraig agus
  5. Scéalta Cráifeacha

    CBÉS 0086F

    Leathanach 06_014

    (3) Bhí Naomh Pádraig ar mullach na cruaiche lá amhain agus tháinig sgate eanlaith dubh chuige agus cuir síad fairg rómpa. In a dhiaidh, na (sin) sgata éanlaith, tháinig an t-athair-neimhe, bhí sé ag dul ag troid le Naomh Pádraig, act cuir Naomh Pádraig an t-athair neimhe agus na h-eanlaith dubha amach ar an fairrge. Ba é an t-athair-neime an diabhal, agus na h-éanlaith dubha, a chompánaigh
  6. Scéalta faoi Naomh Pádraig

    CBÉS 0086F

    Leathanach 06_019

    Nuair a bhí Naomh Pádraig af dul ó Cill Alaidh go dtí an Fhrainnc. Ar a bhealach abhaile do mhúin [?] sé anh Fíor Creideamh dho na daoine a bhí ar an luing, Ar dtús bhí ocras mor ortha agus bhí Naomh Pádraig ag munadh an Fíor Creideamh dóbhta acht dubhairt siad go gcreideach sé í Dhia da dtugadh Dia bíadh dóbhtha. Annsin thosuigh Naomh Pádraig ag guidhe agus ar an mhóméad sin tháining go leor muc ar an luing.
  7. Naomh Pádraig

    CBÉS 0642

    Leathanach 288

    Naomh Pádraig an captaen d'fiafruig sé de an bhfuidheach sé imeacht go tír éigint eile sa mbád agus dúirt an captaen ná fuidheach ach chas sé arís agus glach sé Naomh Pádraig isteach sa mbád. Chuaidh Naomh Pádraig go tír éigint eile ach tar éis tamaill tháinigh sé that n-ais arís.
  8. Naomh Pádraig

    CBÉS 0642

    Leathanach 293

    Naomh Pádraig that bhrágaid agus gur díol sé go maith as an dinnéir. Dúirt sé go dtabharfadh sé féin isteach é nuair bheadh sé ag casadh. Mharbhuigh sé madra agus bheirigh sé é agus thug sé do Naomh Pádraig é. Nuair a chuireadh an feoil ar an mbórd dhein an naomh fíoghar na croise uirthi agus léim an madra anuas den mbórd. D'imigh Naomh Pádraig ansan agus fuair Ailpín bás agus thug sé céad bliain amuigh ar an sliabh i na mharda agus é ag glamghail gach aon oíche.
  9. Oisín agus Naomh Pádraig

    CBÉS 1049

    Leathanach 254

    bhuachaill a bhí ag Naomh Pádraig a dhul leis ag seilg. Ní rachfadh an buachaill. Lá amháin eile bhí duine éiginteacht ag féasta ag Naomh Pádraig. Bhí sé ag bruith beithidhigh ag an teine. Bhi Oisín ag an teinidh agus é ag ithe cuid de. 'Stad' a deirfeadh Naomh Pádraig cupla uair ach ní stadfadh sé. Tháinig an-fhearg ar Naomh Pádraig agus dhóigh sé na leabhair sgéaltaí a bhí scríobhtha aige ó Oisín."is beag is fiú liomsa do bheathadhach gránndha' arsa Oisín, 'le taobh ceathramh de'n lionn (?) a mharbhuigheas mise indiú'Tháinig an buachaill isteach agus d'iarr Oisín air dul leis a sheilg. Dubhairt an buachaill go rachfadh agus d'fhiafruigh sé de Oisín an rabh bogha aigeDubhairt Oisin nach rabh ach go bhfuighfeadh sé ceann. d'imthigh siad leóbhtha. Deirfeadh Oisín leis an bhuachaill achan bhomaite" Amharc isteach faoi'n charaig sin'. Dhearcadh an
  10. Seanscéal - Oisín agus Naomh Pádraig

    CBÉS 1079

    Leathanach 66

    Séan Sgéal.
    Óisín agus Naomh Pádraig.
    Aon lá amháin nuair a bhí Naomh Pádraig ag siubhal thart, casadh gasúr beag air, agus chuadh siad ‘un cainnte le na chéile. D’fhiafruigh Naomh Pádraig dé’n ghasúr ar casadh [fear]? dó a rabh cú leis ar a bhealach agus dubhairt an gasúr go bfhachaidh sé an fear sin na shuidhe ar charraig ag déanamh a sgithíste.
    Dubhairt Naomh Pádraig leis an ghasúr é a thabhairt go dtí an áit ina rabh an fear seo. Thug an ghasúr é fhad leis agus chuaidh Naomh Pádraig suas fhad leis, agus shuidh sé in- aice leis. D’innis Naomh Pádraig dó fa Íosa Críost agus chréid sé in Íosa Críost agus baisteadh é.
  11. Toibreacha Beannaithe

    CBÉS 1090

    Leathanach 121

    Tá ceithre tobair beannuighthe ins an pharóiste. Tá ceann aca ar an Chréig-Áird fá thuairm leath-chéad slat ó'n bhealach mhór. Tá sé ar fheirm fir darbh ainm Mac Congbhaile. Tobar Naomh Pádraig an t-ainm atá air. Tá ceann eile thíos i mBaile Úr ar fheirm fir darbh ainm Ó Cheallaigh. Tobar Naomh Pádraig an t-ainm atá ar an tobar seo fosta. Tá tobar eile i nDruim na Créige darbh ainm tobar Cholm Cille. Tá sé i gcois an bhealaigh mhóir. Tá tobar eile thall ar Chnoc Duimhche Móire darbh ainm tobar Naomh De Bheadóg.
    Téigheann daoine go tobar Naomh Pádraig ar an Chreig-Áird agus go tobar Naomh Pádraig ar an Bhaile-Úr lá Fhéile Pádraig agus go cionn naoi lá in a dhiaidh. Téígheann daoine go tobar Naomh Cholm Cille i nDruim na Créige ó'n naomhadh la de Mheitheamh go dtí an t-ochtmhadh lá deug. Tá ceithre clocha deug
  12. Seanscéalta

    CBÉS 0033

    Leathanach 0162

    bradán. Rug Fionn ar an bradán agus lás sé teine. Nuair a bhí an teine déanta aige thosaigh sé cun an bradán a róstadh. Dhóig Fionn a mhéar agus chuir sé an méar suas in a bhéal. Bhí píosa dé'n bhradán greamuighthe le'n a mhéar agus d'ith Fionn Mac Cumhaill é. Nuair a bhí an bhradán rósta chuaidh Fionn go dtí a mháighistir. Nuair a chonnaic an mháighistir an bhradán d'fhiafruigh sé de Fionn ar bhlas sé an bhradán agus dubhairt Fionn nár bhlas acht nuair a bhí sé ag iompú an bhradáin gur dhóigh sé a mhear agus gur chuir sé a mhéar suas i n-a bhéal chun é do leighiseadh. "Do bhlas tú ar an bradán["] ars an fear eile "agus tusa an chéad fear ar bhlas air". "Tá eolas agat ar gach rud anois" ars an fear le Fionn. Sin é an sgéal mar a chuala mé é ó m'athair. Níl a fhios agam a bhfuil sé fíor nó nach bhfuil. Nuair ar mhaith le Fionn aon rud a fhágháil amach ní raibh uaidh acht a mhéar a chur suas i n-a bhéal.
    ____
    Nuair a tháinic Oisín abhaile ó Thír na n-Óg casa[dh] Naomh Pádraig leis. "Cé thú féin" ars Oisín le Naomh Pádraig. "Ní raibh tusa ins an Fiannaibh nuair [a] d'fhág mé Éire" ars Oisín le Naomh Pádraig. "Na Fianna", adeir Naomh Pádraig, "tá siad caillte le fada [an] lá". Ní féidir go bhfuil Fionn mór Mac Cumhaill caillte", ars Oisín. "Tá", adeir Naomh Pádraig, "agus níl ceann aca fágtha". "Ní chreidim thú", ars Oisín.
  13. Scéalta Crábhaidh

    CBÉS 0076

    Leathanach 548

    gach oidhche ar oileán bheag agus duine ar bith a d'fheicfeadh é go bhfuigheadh sé bás roimh maidin, acht dubhairt Naomh Páraig gan faitchíos a bheith air agus chuaidh sé amach agus chonnaic sé an solus agus rinne sé comhartha na croise trí h-uaire ar a éadan agus annsin chuaidh an solus as agus níor facthas i n-a dhiaidh sin é.

    Tháinig págánach chuig Naomh Pádruig uair amháin agus dubhairt sé leis go riabh buachaill aige agus go riabh se i n-a chodladh ag bun carraige agus dá nduiseóchadh sé é go n-athróchadh sé chun a Chaitiliceach. Dubhairt Naomh Pádraig go ndéanfadh sé a dhícheall chun é a dhuiseacht agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an buachaill acht bhí an págánach tar éis a rádh leis an mbuachaill gan labhairt dá ndéanfadh Naomh Pádraig d'a lath de. Sicín a bhí mar ainm ar an mbuachaill agus do ghlaodh Naomh Pádraig air acht níor corruigh an búachaill. Do ghlaodh sé arís acht níor chorruigh an búachaill. Annsin dubhairt Naomh Pádraig leis, "Codladh an tsicín sa gcarraig ort muna bhfuil tú i do chodladh," agus do léim an charraig ós a c hionn agus do mharbhuigh sé an buachaill.

    Uair eile chuir pagánach fios ar Naomh Pádraig a theacht chun dinnéir agus séard a bhí aige le h-aghaidh an dinnéír ná
  14. Scéalta faoi Oisín agus Naomh Pádraig

    CBÉS 0010

    Leathanach 089

    Ins an am fadó nuair a tháinig Oisín ar ais ó Thír na n-Óg bhí Naomh Pádraic annseo in Éirinn. Lá amháin agus é ag dul thart casadh Oisín air. Bhíodar ag cainnt le chéile agus deirtear gur bhaist Pádraig Oisín. D'fhiafruig Naomh Pádraig dhe annsin ar mhaith leis Ifrinn a fheiceal agus dubhairt sé go mba mhaith. "Tá go maith" arsa Pádrai "siubhal uait liomsa." D'imrigheadar síos staighre mór dorchadhana faoí 'n dtalamh nó go dtáinig siad chomh fada le teine mhór. Chonaic Oisín duine de na Fianna agus súiste aige ag bualadh na ndiabhal. Ghlaoidh Naomh Pádraig ar an duine sin agus dubhairt sé leis trí guidhe a iarraidh agus go bhfuighead sé iad. Sé an chéad rud a diarr sé ná gán a shúiste briseadh go deo, an dara rud gan é a dhóghadh agus an treas rud nuair a bhéadsé ag dul á lasadh fod glas de thalamh na hÉireann a theacht idir é féin agus an teine. Fuair sé na trí guidhe sin agus annsin d'imthigh Naomh Pádraig agus Oisín leo nó go bhfeiceadh siad Purgadóir. Cheap Oisín nach raibh aon deifríocht idir Ifrionn agus Purgadóir acht nach raibh aon adharcha nach raibh aon adharcha ar na diabhail a bhí bPurgadóir. Tháinig siad arais go h-Éireann. Ba gearr ina dhiaidh sin gur cailleadh Oisín.
  15. Seanscéal - Oisín agus Naomh Pádraig

    CBÉS 0039

    Leathanach 0344

    Oisín agus Naomh Pádraig:-
    Uair amháin bhí Naomh Pádraig agus Oisín ag cainnt agus dubhairt Oisín gur maith leis na Fíanna a fheiceáil arís. Theasbáin Naomh Pádraig iad dó agus iad in Ifreann ag troid leis na diabhail. Ní raibheadar i bhfad ag troid nó go gur bhris an súiste abhí ag Conán Maol na Mallacht agus bhuail na diabhail na Féinne annsin.
    D'innis Naomh Pádraig d'Oisín annsin má chreidfeadh sé i nDia nach rachadh sé go dtí an áit sin. Dubhairt Oisín do Phádraig annsin má thiubharfadh sé tug [both sticks or parts of a flail for threshing] d'iarann do Chonán Maol na Mallacht go gcreidfeadh sé annsin i nDia.
  16. Oisín agus Naomh Pádraig

    CBÉS 1049

    Leathanach 253

    Oisín agus Naomh Pádraig
    Indiaidh Oisín a theacht ó Tír na n-Óg agus an chloch mhor a thógailt bhi sé 'na sheanduine críonn cáithte. D'iarr sé ar Naomh Pádraig é a bhaisteadh. Dubhairt Naomh Pádraig go ndéanfadh. Nuair a bhí sé da bhaisteadh chuaidh batal Nomh Pádraig isteach ina chois. Shil Oisín gur rabh seo ins an bhaisteadh, agus níor labhair sé go dtí go rabh sruth fola amach as a chois. Dubhairt Naomh Pádraig leis cad tuige nar labhair sé agus dubhairt sé gur shíl sé go rabh sin ins an bhaisteadh. Shil Nomh Padraig nach bfuigheadh a chos biseach. Nuair a bhí sé cupla lá ag Nomh Padraig thoisigh se ag éirighe dall agus fuair a chos biseach.
    Lá amháin d'iarr sé ar
  17. Scéalta faoi Oisín agus Naomh Pádraig

    CBÉS 0010

    Leathanach 091

    Nuair a tháinig Oisín ar ais ó Thír na n-Óg bhí Naomh Pádraig in Éirinn roimhe. Bhí sé cinnt air Oisín a athrú go dtí an Fíor Chreideamh agus bhíodh siad ag troid le chéile. Bhíodh Pádraig ag rádh go mb'é Dia an fear ba láidre sa domhain agus go raibh sé indhon rud ar bith a dhéanamh. Uair amháin dúirt Oisín leis "'Á bhfeicfinnse Goll Mac Mórna agus do Dhia ar an gcnocán glas úd thall déarfainnse go mba fhear maith é do Dhia 'á bhfeicfinnse Goll ar lár". Ansin thug sé amharc dhó ar an gcuuid eile de na Fianna a bhí ceangailte le slabhraí in Ifrinn agus sin é an t-am a d'athruigh Oisín. Nuair a bhí Naomh Pádraig 'á bhaisteadh chuir sé an bacla síos trí na cois. Nuair a bhí an baisteadh thart chonaic Pádraig an fhuil, d'iarr sé de cé'n fáth nár inis sé dhó é. Dúirt Oisín gur cheap sé go mba cuid de'n bhaisteadh é. Bhí sé ag taisteal na hÉireann in aoineacht le Naomh Pádraig nó go bhfuair sé bás.
  18. Naomh Pádraig

    CBÉS 0086F

    Leathanach 02_032

    An chéad sgéal
    Nuiar a bhí Naomh Pádraig ag múineadh an Creideamh-Fíor in Éirinn chúaidh sé isteach i teach. Ní raibh ann ach bean agus a mac. Dubhairt bean an tighe le Naomh Pádraig go bhfeicfeadh daoine an bhaile solus ag teacht aníos ó charraig gach oidhche. Aon duine a bhfeicfeadh an solus sin bhéadh sé marbh. Dubhairt Naomh Pádraig
  19. Naomh Pádraig

    CBÉS 0086F

    Leathanach 02_033

    leis an gasúr a theacht amach go bhfeicfeadh siad an solus. Dubhairt bean an tighe nach leigfeadh sí amach é go mbéadh sé marbh uirthi. Thug sé an gasúr amach agus nuair a chonnaic sé an solus thosuigh an gasúr ag snaoiseadh. Dubhairt Naomh Pádraig Dia linn do snaois an gasúr arís agus dubhairt Naomh Pádraig Dia is Muire linn do snaois an gasúr arís agus dubhairt Naomh Pádraig Dia is Muire is Pádraig linn. Cúaidh an solus amach an fad. Nuair a bhí sin déanta tosuig na draoidhthe ag rádh go raibh