Fear Maith Siúil
CBÉS 0025
Leathanach 0337
Bhí fear in a chómhnuidhe i Drumgriffín go dtugaidís Seán O Treamhal air. Lá dár thárla agus e ag deanamh a bhealaigh go Gaillimhh. Is gearr go dtáinig fear suas leis ar an mbóthar agus 'jaunting' cárr aige . Shíl Séan bocht go dtiubhradh an Tiománuidhe maruidheacht dhó acht níor tug. Núair a chuaidh tiománuidhe an chárr tairis bhain Séan a chasóg dhe agus tosuigh sé ag siubhal go mear agus bhí sé i nGaillimh i chun tosaigh ar fhear an cháirr.