Mo Cheantar Féin
CBÉS 0571
Leathanach 342
Caisleán Nua is ainm dom áit chómhnuidhthe. Cúig tighthe deug atá ann acht ní raibh an iomad sin ann fadó. Slinne 'seadh iad go léir. Do baisteadh an ainm sin air mar do tógadh caisleán ann uair. Tá fothrach an tsean-caisleán sin le feiscint fós. Tá cúigear ann ós cionn seactmhadh bhliain. Pearse Mulcahy, Newcastle, Clonmel. Bríd Ní Maolchathaigh, Caisleán Nua. Bean Úi Shortiss, Caisleán Nua, Cluain Meala. James Greeney, Newcastle, Clonmel. Lar Hogan, Newcastle, Clonmel.
Tá Gaedhilg ag an gcuid is mó aca acht níl siad go ró mhaith chun scealta d'innsint. Do théigheadh mórán daoine go America ó Caisleán Nua timcheall trí bhliana ó shoin.
Tá Gaedhilg ag an gcuid is mó aca acht níl siad go ró mhaith chun scealta d'innsint. Do théigheadh mórán daoine go America ó Caisleán Nua timcheall trí bhliana ó shoin.