Féilí na Bliana - Lá Fhéile Mhic Dara
CBÉS 0071
Leathanach 056
Lá Fhéil Mhic DaraTagann lá Fhéil Mhic Dara ar 16adh d'Iúil. Bíonn na daoine ag ól an lá sin. Téigheann na daoine as an áit seo siar ag Cuigéal agus ólann siad pórtar. Bíonn na gasúir ag ithe milseán. Is in onóir do Naomh Mac Dara atá an lá sin. Bhí Naomh Mac Dara ina chomhnuidhe i gCárna. Tá oileán i gCárna agus deirtear gurb é Oileán Mhic Dara é. Téigheann na daoine amach ann ag tabhairt turas. Deir na daoine má bhíonn sé ag báisteach lá roimh lá Fhéil Mhic Dara go mbeidh sé ag báisteach ar feadh dhá fhichid lá.