Pósaithe
CBÉS 0435
Leathanach 350
Aimsear na h-Inide a tugtar ar an aimsear ó lá Nodlag beag go dtí Máirt na h-Inide. Pósann a lán daoine i rith na h-aimsire seo agus go mór mhór Máirt na h-Inide. Ins an t-sean aimsear bhíodh cuid mhaith cleamhnastí, agus cóistí ar siubhal agus do bhíodh na sean daoine an-gnóthach ag déanamh na cleamhnaistí. Nuair a bhíonn buachaill agus cailín oireamhnach agus toilteanach chun pósadh deintear cleamhnas dóibh. Ar dtúis téigheann tuismightheóir an bhuachalla agus beirt nó triúr eile go dtí tig an chailín chun cleamhnas a dhéanamh.
Tógann siad uisce beatha leó de gnáth agus annsan tosnuigheann siad ag ite agus ag ól agus ag déanamh an chleamhnais. Bíonn duine nó beirt ó thaobh an chailín ann chómh maith agus iad i bhfochair a chéile. Tosnuigheann siad ag moladh na beirte