School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 063
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Áit eigin le hais baile Caislean-Bhéara do chómhnuig fear...

    (continued from previous page)
    "Táim annso im aonar agus gan aon chúram orm. Tá airgead mo dhóthain agam oiread agus dhéanfaidh mó gnó an dá lá shaoghail a's a mhairfead. Cad é an sóghlas atá agam 'ghá bhaint as? Is geárr go mbeadh im shean duine críonna caithte agus annsan ní bhead ábalta ar dhul in aon bhall ná aon sólás do bhainnt as. Fágfar an tairgead ag duine éigin a bhainfhidh ceól as - agus bféidir ná goidhfeadh sé trocaire Dé ar mhanam. Dar fiadh" ar seisean "go mbainfeadsa féin sult as faid atáim ábalta air" agus tabharfad cuaird ar Chathair Chorcaighe nuair bheidh an fóghmhar bailighthe suas agam.
    Maidean Luan i ndeire an Fhóghmair ghléas Concubhar é féin, agus d'fág sé an bhaile. Thug sé a agaidh ar Chorcaig agus b'éigin do deic míle fhicead do bhóthar de shiubhal go Beanntraighe. Thóg sé ticéad, isteach leis sa traen agus as go bráth leis go Chorcaig. Nuair chualathas go raibh sé imthighte dubhairt cuid de's na comharsain gur bé an áit go bhfaighfi é i ndtig na nGealt. Thug a lán acu fé ndear adubhradar go raibh sé ait an' féin le deanaighe acht ar nóín go dtháinig daoine roimis a bhí amhlaidh
    Bhí a lán acu agus b'é a dtuairim gur bé an fáth go ndeachaidh sé go Corcaig ná chum cómhairle doctúra do thógaint mar gur thugadar fé ndeara go raibh sé imthighte as an saoghal ar fad le cúpla mí agus gur dóca go raibh léic tagaighthe na shláinte. Ag buachaillí an bhaile iseadh bhí an spórt mar chuir duine acu ráfla amach gur chuir an traen eagla air agus gur caithfeadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish