School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán - An Luachair
“Bliadhan a dachad ba dhoich liom seadh dheineas mo luacair suas”
Bliadhain a dachad ba dhoich liom seadh dheineas mo luacair suas.
Fé slat is fé anainthe a dóthain is é déanta dom bfuinnseoig cruaidh
Ní raibh bád ó Caiseal go Bó Fort, ná as san go dtí an Oilean Mór.
Do thiochfadh tímcheall fé sheól léi, ag tarrach a feotain suas.
An té a chídhfeadh gabhtha mo bhádsa fé anairt i ngála trom
Uisge go gunail anáirde, san taobh eile cómh hárd le túr.
Mar measaim níor deinead aon árthach ó cuireadh an airc ar pholl
Do thiochfadh tímcheall chómh breágh leí, is ná teipeadh go bráth i dtonn.
Aige an mBeannaig do fé sheól í go fairsing an ród ó thuaidh
A cille ar bhárr an uisge ar an mbórd san
San cairrig do thóg sí suas, is gur bé dubhairt na fearaibh
Gur dóigh leo gur tháinig sí an caladh i leath huair.
Ag deanamh ar eadar sruth bó siar seadh leigheas mo luacair uaim.
Bhí cheithre maidhe uirthi tairrighthe gleoidhthe is iad déanta don bhfuinnseoig cruaidh.
Níor bfada bhí caithte don oidhche nuair a bhí sí síos go fuar
Le scodáin breágh glasa is le líonta
Is le fearaibh mhear groidhe gan gruaim
Léan agus díogha ar na geáil úd do cuirtear go bráth ar pholl
Mar tá fearaibh i gconntabhairt a bháidhte nuair a thagann an gála trom(continues on next page)- Informant
- Amdrias Ó Fiannachta
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí