School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 114
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    minic a bhriseann siad an cleamhnas mar gheall ar ghabhainn dhá bhliadhain. Fágann bean mar spré uaireannta dhá bhó agus cúpla gabhainn agus cúpla laoi sin nó píosa talmhan. Nuair a bhíonn an cleamhnas déanta téigheann teachtaire ón bhfear agus teactaire eile ón mbean ag tabhairt cuireadh do na daoine muinntearach a teacht ag an mbainféis.
    San am fadó bhíodh bainféis i dteach na mná an oidhche roimh an bpósadh. An lá na dhiaidh sin théigheadh siad ag an sagart le pósadh. Sé seál na mná a bhíodh ag pósadh. Bhíodh gúnaí fada síos go talamh agus mantle (faláinn) ós a chionn ar na mná. Éadach dubh do beadh é agus sé an t-ainm a thugadaís air éadach uasal. Culadh ceann asna do bhréidín a bhíodh ar na fir.
    Bhíodh go leór daoine in éindigh leis an lánamhan. Cuireadh an fear an fáinne pósta ar mhéir a mhná agus nuair a bhíodh siad pósta ag an sagart. Bhíodh gach duine dá mbíodh in éindigh leo ag craitheadh láimh leo agus ag rádh.
    "Go maireadh tú do shláinte."
    Bhíodh na mhná ag coimhlint le chéile, chúile dhuine ag iarraidh í fhéin a bheith 'un tosuigh ag pógadh na mná tar éis an phósadh. Ag teacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish