School: Béal Cláir (B)
- Location:
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Micheál S. Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Cláir (B)
- XML Page 0341
- XML “Seán Boy”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bith a fheiceál! Tháinic neart fuisge chuige agus súil níor fhág aoinne air go ceann trí lá.
B'iomdha féasta ariamh a bhí sa Teach Mór ach ní choinneochadh feis na Teamhrach fadó coinneall leis an bhféasda a bhí ann an oidhche sin. Bhí uasal agus íseal ann agus sul má bhí leath an fhéasda caiththe níor aithnigh an fear uasal an duine mór ó'n duine íseal - bhíodar cómh-ionann. D'ioch an Bean-uasal an geall agus bhí Caisleán Aicéad sabháilte go fóill ar chaoi ar bith. Ach ní raibh an bean-uasal sásta 'ná leath-shásta! Cé'n chaoi d'féadfadh duine ar bith cúpla céad slat a ghnódhachtáil i rása mar é? Diabhail amháin a d'féadfadh é a dhéanamh. Ba bheag leí an gheall ach ba mhór a ghoill onóir an rása uirthi! Sheas sí suas agus labhair -
"Indhiú i gCaisleán Aicéad" ar sise "bualadh glan ar an marcach agus ar an gcapall a bhfeárr a bhí i Sasana. Molaim {Little Friar} agus traosluighim do mhuinntir an tighe uilig. Ach cá bhfuil an marcach iongantach? Cá bhfuil an fear a rinne an gníomh éachtach indhiu nach bhfaca mise riamh a leithéid 'ná éinne eile lem' ló. Ní creidim gur duine ceart saoghalta(continues on next page)- Collector
- Micheál S. Ó Mainnín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Roibeárd Ó Ceannaig
- Gender
- Male
- Address
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Ó Mainnín
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe