School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 58

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 58

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 58
  3. XML “Ainmhithe Neamhshaolta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag tarraingt suas ar 68 bliadháin.
    Bhí teach gallda i nDubh-rún ar bh’ainm do Baoighid. Bhí fear agus bean ‘na gComhnuidhe ann agus ní raibh aon duine cloinne aca. Thug siad leobhtha buachaill Chaitiliceach a d’fhanfadh fan teach aca. Lá amháin d’imthigh an lánamháin seo a’s baile agus d’fhag siad an buachaill seo sa teach ‘na ndiaidh. Léim an cat suas ar an dreisúir, bhuail an buachaill é. Tháinig sé anuas agus sheas sé ós coinne an bhuachaill agus d’éirigh an fionnamh ‘na sheasamh air. Tháinig eagla ar an bhuachaill. Nuair a tháinig bunadh an toighe abhaile d’innis sé díobhta caidé tharluigh agus dubhairt sé go raibh sé ag dul abhaile nó go raibh eagla air roimh an chat. D’iarr siad air fanacht an oidhche sin agus go gcuirfeadh siad an glas ar dhoras a sheomra an dóigh nach bhfuigheadh an cat isteach.
    Chuaidh an buachaill a luighe an oidhche sin agus chuir sé an glas ar an doras taobh astoigh. Ar máidin an lá – thar – na – bharach nuair a b’fhada le bunadh an toighe a bhí an gásúr gan éirigh. Chuaidh fear an toighe fhad le doras an tseomra. Sgairt sé trí huaire a’s ní bhfuair sé freagar ar bith. Bhreis sé isteach an doras. Nuair a chuaidh sé isteach fuair sé an buachaill marbh ‘na luighe ar a leabaidh agus a chroidhe a’s a sgeamhogaí tarrnaighthe amach ar a thaobh. Ní fhactas an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Padraig Ó Dochartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    68
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Charraig, Co. Dhún na nGall