Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)

Suíomh:
An Leithcheathrú, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Ó Maidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 473

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 473

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leath-cheathrú
  2. XML Leathanach 473
  3. XML “Lá ag Bualadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus thabhairidís punanna doibh. Sa tráthnóna bhídís go tuirseach tnáithe tar éis an lae, acht mar sin féin bhíodh oidhche spóirt agus grinn aca.
    Bhíodh bord i lár an urlair agus ciseán fataí i lár baill, bágún agus cabáiste go boimbéul ar gach pláta agus fonn itheacháin ar gach éinne. D'ithdís agus d'ólaidís a saith annsin cuirtí dréimre leis an mballa agus shuidheadh an fidéar ar stol cois teinne agus ní stopaidís go maidín acht ag cnagarnaigh ar na leacracha.
    Bhíodh na sean daoine i láthair agus solas 'na súilibh agu breathnú ar a n-oigneacht agus ag moladh an tsil. Bhíodh greas ceoil ann ar teacht na maidne agus annsin théigheadh gach einne abhaile le cois a charad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge