Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- XML Leathanach 022
- XML “<span class="exact">Cillín</span> Naomh Marcus”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“ loch’ ar uisge na fairrge atá taobh istigh des na ballaí seó.
A Sgéal
Nuair abhí Naomh Brighid na comhnuidhe i gCill Brighde, bhí Naomh eile darbh ainm dó Marcús na chomhnuidhe i Ros sléibhe san am céadna. Bhí teach breagh aige agus in aice leis bhí seipéal na léigheadh sé an t-Aifreann gach maidin. Ar a naoi a chlog ar maidin léigheadh sé é gach lá, agus bhíadh Brigid i láthair gach maidin. Thárla lá nár fhéad sí bheith i láthair chomh luath sin. Chuir sí fhios ar Naomh Mharcus ag iarraidh air gan an t-Aifreann do léigheamh go dtagadh sí. Níor thug Naomh Marcus aon áird ar an teachtaireacht, ach leigh an t-Aifreann ag an uair céadna. Nuair a tháinig Naomh Brighid bhí an t-Aifreann thart.
Bhí fearg mór uirthi, agus ghuidh sí ar Dia teach Naomh Mharcuis do mhilleadh agus do creachadh mar dioghaltas. Ar an bpuinnte d’éirigh an tuile agus sguabh si roimhe an teach. (Níor tr). Nuair a chonnaic Naomh Marcus é sin ghuidh sé ar Dia laigheas d’fhear agus d’ainmhidhe do bheadh le fagháil san áit. Ach san am céadna bhí fearg mhór air le Brighid mar gheall ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Cléibh, Co. Mhaigh Eo