An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní

Cuimsíonn an bailiúchán seo gach gné de thraidisiún béil na hÉireann. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

267 toradh
  1. Cóitín Luachra

    CBÉ 0148

    gárneóir errthi is go raibh sí ag úmpar dhuine cloinne a’s go raibh náire errthi is go marbhóch
    a muíntir í. Seadh! Dubhairt a Cóitín Luachra léi gur bhaoghalach ná dianfadh mara mbeadh gur chionntach í féinig, "agus is fuiriste aithint," ars a’ Cóitín Luachra, "dá ngabhteá thríos na cúrsaí gur ghabhas-sa go mbiarfí ort. Beireadh i dteannta orm-sa", arsa’ Cóitín Luachra, "trí oidhche agus d’fhiadas imtheacht as a’ leabaidh, ó’n t-é go rabhas
    aige, agus do b’fhusa dhuit-se imtheacht uaidh sin ná dómh-sa imtheacht as a’ leabaidh uaidh sin ar feadh trí oidhcheannta". Seadh! nuair a bhí a chúrsa dianta aige leis a’ gCóitín Luachra d’imthigh sí bhuaidh, a’s lar na mháireach annsan d’imthig na h-uaisle go léir abhaile is bhítheas chun tuairisg a thabhairt ciaca ’cu ’phósfadh sé. Nuair a d’fhiafraig a mhuíntir de ciaca dhosna mná óga do phósfadh sé, dubhairt sé
    gurb í an Cóitín Luachra a phós sé - ’phósfadh sé, agus d’eirig a mhuíntir ar bhuile chuige a
    rádh gurb í an Coitin Luachra a phósfadh sé is clann righthe ’fhágaint ’n-a dhiaidh. Seadh!
    ar seisean leó leogaint dho’n mhnaoi seo
  2. (gan teideal)

    Bhail bhí fear ann fad ó soin, agus phós sé bean a rabh giota talamh aicí.

    CBÉ 0180

    Bhail bhí fear ann fad ó shoin, agus phós sé bean a rabh giota talamh aicí. Ba léithe fhéin a talamh. Ní rabh sé coicthís pósta oirthí go dtáinic air imtheacht as a bhaile Lá amháin chuaidh sé isteach i mbóitheach a bhí ag taobh a toighe, agus bhí gamhain ceangluigh' ann agus rinn a gamhain búirthe mas gur shaoil sé gur deoch a bhí léithe fhad leis fhéin. Thug sise go b'é an rud a dubhairt a gamhain go n-innseochach sé dó’n fear nuair a thiocfad sé abhaile goidé bhí sí a dheánamh; agus níor mhaith
  3. An Claíomh Solais

    CBÉ 0441

    suas leis. Ba chuma leis annsin ins an domhan donn céard a dhéanfadh rud ar bith acht Dia an t-aon mhaicín amháin a fhágáil beo aige. Ní raibh buachaill na cailín aige acht an oiread agus ní raibh a fhios aige ar bith mhór céard a dhéanfadh sé gan cailín a thiúbhradh aire don pháiste mar ní raibh aon chailín le fághail.
    "Anois bhí deirbhshiúr fathaigh faoi n-easacht míle dhó agus chuaidh sé comh fada lei aon lá amháin agus dfiafruigh sé di an dtiocfadh sí abhaile leis mar cailín aimsire chun aire a thabhairt don pháiste. "Bhuel", ar sise ní féidir liom seo a fhágáil acht más maith leat tabhair an páiste chomh fada liomsa agus bhéarfaidh mise fhaire mhaith dhó ná go raibh sé bliadhain agus fiche. "Bhuel go raibh míle maith agat", ars an ríogh dhéanfaidh sin. Chuaidh an ríogh abhaile agus thug sé an páiste arais chuig an mbean seo. Choinnigh an páiste annsin go raibh sé ina fhear maith láidir.
    Téigheadh an ríogh chomh fada leis anois agus arís ag breatnú air agus bhí bród air de réir mar bhí sé ag dul chun cinn. Tamall ina dhiaidh sin rinne an ríogh suas a intinn go bpósadh sé arís agus bhí a bhail air phós. I gcionn tamaill mhaith rugadh beirt inghean dhó agus bhí cion mhór aige orthasan chomh mhaith agus ina dhiaidh sin féin ba mhó go fada an chion a bhí aige ar an mac. Ní raibh a fhios ag a bhean go raibh sé pósta ariamh ná raibh aon mhac aige acht oiread ná go raibh sise pósta aige cúpla bliadhain. Nuair chuala sí seo níor chuir an sgéal mórán broid uirthi agus ní hé a gáire a
  4. Amadán Dhoire Bhrusc

    CBÉ 0441

    an ciall ag imteacht uilig uaid. "Ara cár chur tú é a stór" adeir sí "Tarra amach" adeir sé "agus s'páinead mé dhuit é. Chúaidh sí amac agus chonnaic sí an t-ór curta aige. "Anois a stór adeir sí teirigh ag bainnt beairtin fraoch amáireach agus ná biodh deifir ar bith abhaile ort. Chúaidh an t-amádan ag bainnt an bheairtín fraoch lár na mháireach agus núair a bhí sé imthigh, chúaid an mháthair amach sa ngarraide ag tóraigheacht an óir. Fúair sí an chuid ba mhó de agus bhí go leór dhi nach bhfúair sí cor a bith, ach fúair sí an oiread agus a rinne saidhbhear í an fhad 's mhair sí. Bhí sí h-fhéin agus an t-amadán ag maireachtáil go h-an-chompordach aoinnigh.
    Nuair a bhí sí ag fághail sean, bhí imnidhe ortha faoi'n mhac, nach mbeadh duine ar bith a bhreathnóchadh amach dhó nuair a gheobhfaidh sí hfhéin bás, dubhairt sí leis lá amhain go mba cheart dhó pósadh, "M'anam go bpósadh a mháthair" adeir sé "Ach cé phósadh mé". "Geobfaid
  5. Slí Bheatha - Saol na nDaoine

    CBÉ 0441

    socrocadh an cleamhnas. Thagadh siad le chéile lá an aonach agus socrochadh siad an cleamhnas agus an spré. Timceall leathchéad punnt agus bó an spré geibheadh gach cailín ó'n teach as pósadh di.
    Uaireannta ní bhiodh fhios ag na seandaoine faoi'n cleamhnas. Bhí bean ar an baile seo uair amháin agus chuaidh sí go Gaillimh Sathairn amháin. Ní raibh sí ag tigheacht abhaile sa trathnóna agus ní raibh fios ag a muinntear cár imthigh sí.
    Séard a thárla nár gur bhuail sí le fear óg sgafánta as Anach Cuan. Buail sé bleid uirthe gur chuir sé cleamhnas pósta uirthi. Ghlac sise leis an tairisgint agus bhuail sí abaile leis an oidhche sin gur pósadh la ar na mháireach iad.
  6. Cóitín Luachra

    CBÉ 0148

    dh’áirighthe inghean a’ ghárneóra a bheathúghadh ná
    pósfadh sé féinig í, is ar seisean lé duin’ eile ’ca mac an - (cad a thabharfaidh mé air), mac
    an bheirt léaraí a bheathúghadh, agus le duin’ eile ’ca mac
    duin’ eile a ainmnig sé a phósadh - a bheathúghadh
    a’s go bpósfadh sé féin a’ Cóitín Luachra. Bhailíodar - thugadar chuireadh do bhocht agus nocht
    annsan go dtí an pósadh agus do phós sé an Cóitìn
    Luachra is do mhaireadar go tábhachtach chun go dtí go bhfuaireadar bás. Siné mo scial-sa is má tá briag ann bíodh. Ní h-ao’ bhriag dómh-sa é ach seo mar a chuala é.
  7. (gan teideal)

    Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan.

    CBÉ 0180

    1
    2)
    3462
    215
    le carannaí, agus leis an uile chineál,
    agus le daoiní, agus bhí inghean Mhéire an
    bhaile mhóir le pósadh lá thar na bhárach,
    agus ní bhfuair sise an sceala go rabh
    sí le pósadh go dteachaidh sí fhéin na
    bhaile mhóir, agus tháinic sé abhaile fhad
    le aladhan. D’fhiafruigh Aladan daoithe
    a rabh sgéal nuaidhe ar bith léithe indiú
    Dubhairt sí go rabh. "An bhean udaí.
    arsa sise, "a bhí mé a dh’iarraidh duit-s
    tá sí le pósadh amárach."
    "A bhfuil," arsa seisean.
    "Tá," arsa sise. "Tá leacht go deo
    ar a bhigg" atá sa bhaile mhór," arsa sise
    le daoin agus le cárannaí.
    "Bhail deánadh sí sin?" arsa Aladan.
    Tháinic a lá thar na bhárach, agus chuaidh
    a mhaithir na bhaile mhóir le groithe
    ínteacht. Bhí sí pósta ar dhuine uasal
    Tháinic a mhacthir abhaile agus a sgéala
    sin léithe fhad le acadan, agus dubhairt
    sí gur phósadh an bhean a bhí sí a
    d’iarraidh dó. Tháinic an oidhche, agus
    cachtment
    gur phósadh an bhean a radh sí ar a toig
  8. Cóitín Luachra

    CBÉ 0148

    Mise Mícheál Ó Fiannachtaigh ó’n gCloch Bhuaile 'tá chun scial Fiannaídheachta d’ínnsint díbh
    chuala ó Dhonnchadh an Challshaothaig a bhí i n-Éid.....
    Ana-scialaídhe a b’eadh Donnchadh le ’n-a línn.
    D’innseadh sé muarán scialta Fiannaídheachta dhúinn san oidhche agus ba mhaith chuige é. Bhí sé tuairm trí fichid bliadhain d’aos so agus bhíos-sa cheathair diag nó chúig diag a bhliadhnaibh. Seo scial do ’nis sé dhùinn go h-áirith san am san: Bhí feirmeóir gustalach ann fudó. Bhí sé pósta agus bhí aon inghean amháin aige, nuair a buail galár a’ bháis a bhean
    D’aithn a’ bhean errthi féin ná raibh sí chun mairiúint, agus ar sise le ’n-a fear ná raibh sí 'a
    stop ar phósadh, "ach seo fáinne dhuit," ar sise, "agus ná
    pós aon bhean ach bean go mbeidh a’ fáinne oiliúnach di". Do chuir sé an fáinne i gcímead
    chuige isteach go bosca bhí aige agus ní raibh aon
    chuímhneamh ar phósadh aige i rith na h-aimsire chun go raibh an inghean suas sé diag nó seacht diag de bhliadhnaibh d’aos. Lá dá raibh sé chun

    1) Ar a'dtaobh theas don Chumán Theas. Tá an dá Chumán (C.Theas agus C. Thuaigh) ar a'dtaobh theas do Chill A'Ghoirtín, timpal 6 mhíle ón Gluaiteán
  9. Cóitín Luachra

    CBÉ 0148

    annsan beagán eile laéthannta agus chuir a’ t-athair i bhfís errthi, ar seisean léi an miar a thusáint do. Do dhiúlthaig sí dho ach do rug sé errthi agus do bhuin sé an ceart d’á méir agus chonnaic sé an fáinne.
    "Seadh ’nois, mo chailín maith," ar seisean, "sin ar chuir do mháthair de mhoill orm-sa chun pósta, bean ’fhághailt go mbeadh a’ fáinne oiliúnach di agus caithfir-se me ’phósadh anois". Seadh, do chroum sí
    ar ghol agus do bhí sí a’ briseadh a croídhe agus nuair
    a chuaidh sí a chodla istoidhche ní h-a’ codla bhí sí ach fáin ag gol agus bhí sé a briseadh a croidhe ar fad nuair ná fiadtach sí dul amach ad iarraidh ná cloisfeadh a’ t-athair í. Ach i ndeire na h-oidhche amach do labhair guth léi agus ’sé an nídh
    a dubhairt a’ guth, "níos túisce ná ’phósfainn-se m’athair", ars a’ guth, "do chuirfinn d'acht air gúna síoda a sholáthar dom ar dath an airgid bháin.
    Seadh! do chuir san misneach ar an ingin annsan agus do chodail sí an chuid eile dho’n oidhche, agus amáireach nuair a eirigh sí, ar sise le ’n-a h-athair n...phósfadh sí é chun go soláthruíoch sé gúna síoda
    dhi, do bheadh ar dath an airgid bháin. Do bhuin
    san lá agus bliadhain d’á h-athair an gúna a chur
  10. Píosaim Pósaim, etc

    CBÉ 0312

    Píosaim pósaim
    Fhathaí rósta
    Tá tú pósta ó aréir.
    Baintí an-ghreann den aos óg leis an rann
    seo - a’ déanamh amach go rabh siad pósta
    le n-a leithide seo nó a leithide siúd.
  11. (gan teideal)

    Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan.

    CBÉ 0180

    211 3258
    Bhí cúirt ag Méire an bhaile mhóir uair
    an uile sheachtmhain, agus bhí triúr nighean
    aige, agus bhí bean aca le pósadh, agus
    is cosamhail gur mhaith le Aladhan a dhul
    a phósadh. Dubhairt sé le n-a mhaithir
    an lá amháin, bhfuil fhios aghat a mhaithin
    arsa seisean, "cá h-air a bhfuil mé
    a smaoiteadh."
    "Goidé sin?" arsa’n mhacthir," arsa sise
    "gabh go teach na cúirte a indiú," arsa
    seisean, "agus gabh na cuirte, agus
    fiafruigh do mhéire an bhaile mhóir," arsa
    seisean, "a dtabharfadh sé a nighean do
    mhac atá aghat le pósadh. Abair nach
    2
    bhfuil aghat ach bean) amháín, agus gur
    mhaith leis bean a fhághail le pósadh, agus
    gur chuir sé annseo indiú thú go bhfeicfeadh
    sé a dtabharfá do nighean dó le pósadh.
    agus má fhiafruigheann sé duit goidé’n
    cineal duine é chuir sé búinse de
    na plátaí léithe - abair gur sin a
    cineal neathannaí uilig go léir atá sa
    teach, go bhfuil neart óir agus airgid
    1 Chair (caidé’n rud bunch (buinne)
    a
  12. (gan teideal)

    Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan.

    CBÉ 0180

    9
    81
    sé nach mbéadh dadaidh de níos mó, go
    gcaithfeadh sé dealbh a fághail uaithe, nach
    mbéad seisean ’na bhreallán mar bhí sé,
    agus go gcaithfead sé fághail scaoilte
    uaithe. "Fuair sé dealbh uaithe, agus bhí
    Aladhan annsin le na pósadh, agus tháinic
    pósta annsin ar Aladan, bhí ladan
    le n-a phósadh lá thar na bhárach. Ar
    maidin lá thar na bhárach nuair a bhí
    Aladhan le pósadh, sgríob sé’n sean-lamp
    agus tháinic a Deaghnaidh amach as a
    t-sean. Lais.
    "A mhaighistir," arsa ’n Deághaidh goidé
    tá a dhith indiú ort?" arsa seisean
    "Tá," arsa seisean, "tá móran a dhith indiú
    orm," arsa seisean. "Tá mé ag ’ul mo
    phósadh indiú," arsa seisean. "Tá coiste
    a dhith orm damh fhéin indiú," arsa seisean
    a bhes-maidh agus bes-man, agus an
    oiread seo óir a bheith ina bpócaí, fá
    coinne a bheith ag cur óir ar "scramál
    nuair a rachfas siad ’na bhaile mhóir
    Agus tá choiste a dhith orm do mo mhacthir
    reperation
    ocrambla a cathamh óir suas ins an aer agus daoine a
    fanacht leis annsin mair a thiocfadh sé arais
    ’un talamh)
  13. An Triúr Cailíní

    CBÉ 0441

    an beirt mic i seomra eile.
    An cailín a raibh an fionnadh uirthe, bhí roinnt draoidheachta ag baint lei, mar bhí sí inán luch a dhéanamh dhí féin, agus bhíodh sí ina luch san oidhche agus ina bean sa ló. Amach i lár na hoidhche dubhairt an beirt driothar leo féin go rachaidís isteach i seomra na gcailíní. Isteach leo, acht nuair a bhíodar ag an doras bhí an glas air. Bhí an eochair ag duine de'na driothar, agus dfosgail siad é.
    Chuaidh siad isteach sa seomra annsin, acht nuair a dáirigh an cailín a raibh an fionnadh uirthe iad rinne sí luch dhí féin agus thósuigh sí ag rith thart ortha, agus sa deireadh beagán dóibh imtheacht tháinic an maidin faoi dheireadh thiar thall, agus chuaidh an triúr cailín ag obair, gach duine aca ag déanamh a chuid oibre féin. Thug cailín na fionnaigh na ba isteac sa stábla ag bhlith ann iad, agus bhí an bheirt eile ag rupadh is ag mucaireacht thart ar fud an tighe.
    Ar chuma ar bith, faoi cheann seachtmaime dfiarr an righ ar na mna deasa i bpósadh siad a chlann mac, dubhairt siad go bpósadh mo léan, agus do pósadh iad agus bhíodar an saidhbhir
    Nuair a chuala an cailín eile é seo bhain sí an fionnadh dhí féin agus cheannuigh
  14. An Fear a Chuir Dhá Bhean Déag chun Báis

    CBÉ 0312

    imeacht lá i n-a chóiste agus chonnaic sé cailín
    bocht a’ sliseál éada’ ag sruthán, agus bhí sí i
    n-a bean cho breá agus gur thug sé taithne dhi.
    "Muise, a’ bposfá mé?" adeir sé.
    "Muise, a dhuine uasail," adeir sí, "ná bí a’
    maga fúm! Tá’s a’d," adeir sí, "nach bhfuil muid
    a’ feiliúint gá chéile, mar tá tusa," adeir sí, "ro-
    saidhbhir agus mise ró-bhocht."
    "Ó, ná bac leis sin," adeir sé, "- nuair a
    bheas tú pósta á’m-sa beidh tú hein saidhbhir."
    Ach bhí sé goil di nó go dtug sí toil ar
    é phósa.
    Phósadar agus bhí bainis mhath acab, agus nuair
    a bhí an bhainis caithte tháinic duine go na
    Searabhántaí go dtí í.
    "Well anois," adeir, "mara bhfuil tú héin in
    do bhean mhath tá tú cáillte."
    "Tuige sin?" adeir sí.
    "Ceal nach bhfuil ’fhios a’d," adeir sé, "go ru
    dhá bhean déag pósta ag a’ bhfear sin cheana
    (hana), agus chuir sé chuile dhuine acab un báis;
    mar ní ru aon tsaol geállta dhó ach go dtug-
  15. Na hÉadaí Leapan Fuara

    CBÉ 0376

    Bhí Neil Ní Dhálaigh oídhche amháin ’n-a cónuí sa tig go bhfuil sí ’n-a chonuí ’nois sa
    Daingean agus b'í an tarna bean a bhí pósta 'ge Reaibin Mistéal í. Bean ó Chíll 'druith(1) go seiribhí Dia dhóibh ar fada anois a bhí pósta mar chéud bhean aige. Do bhí Neil a’ mireachaint
    insa tig tréis Reaibin a’ fear bocht a dh’fháil.
  16. Ridire na Coille Glaise

    CBÉ 0441

    san aer. Nuair a tháinic sé i n'aice an tígh, d'isle na bróga anuas ar an talamh, bhain sé dhe iad agus thug sé a n'aghaidh ar an mbealach abhaile.
    Tháinic sé isteach sa teach, bheannuigh sé, agus ní bfúair sé aon nduine a bheannuigh an beannú uaidh, agus nuair na bhfúair b'fhacas dó, suidhe sa gcathaoir a bfeárr sa teach. Bhí bean ins sa teach agus í ag ciorra a cíonn ar bínn a brait. Chaith sí an ghruaig ar chén taobh dhá h-éadan, "Go mba seacht mheasa a bhéas tú blian ó indiu a dhailtín" adeir sí "mara maith a fúair tú sin suidhe i mo chathaoir ór agus airgead, agus gan aon nduine le suidhe annsinn ach Mac Rí nÉirinn nó mo cróin phósta h-fhéin, ach ní deas duit-se é sin a bhúachaill mhaith ach a dtagad mo cróin phósta-sa isteach". Ba geárr go bhfaca sé an gaisgidheach a teacht, flaisgín gabhair roimhe, flaisgín gabhair na dhiaidh, an míl mór i mbárr a mhaide, an chailleach
  17. An Triúr Cailíní

    CBÉ 0441

    sí culaith bhreágh eadaigh. Lá amáin tháinic sí isteach i seomra an ríogh agus dubhairt sí, "táim sáthach fada ag tabhairt aire do ba anois ar sise" agus caithfidh mé imtheacht.
    Ar ndóigh ní tusa a bhí ag tabhairt aire dos na buaibh ars an rígh. Is mé an cailín ceadhna ars sise. Mar mar sin é ars an righ fan, agus tá mac liom ins an dhomhan thiar, agus chuirfidh mé fios air má phósann tú é, mar níl aon chailín eile sa tír ná sa domhan mhór níos fearr ná tú
    Chuir sé fios ar an mac agus tháinic sé agus pós sé an cailín seo, agus bhí triúr cloinne ortha. Fagad rioghacht a hathair dhó agus bhí sé saidhbhir fhead is mhair siad.
  18. Ná Tosaigh Faic na Fríde nó go mBeidh a Fhios agat Céard é Deireadh an Rud atá fút a Dhéanamh

    CBÉ 0441

    Ce dubhairt leat mé mharbhughadh ars an rígh, dinnis an dochtúir dhó. Chuireadh fios ar an toifigeach agus nuair sé ós comhair an rígh beigin do dul ar a ghlunai agus a sgeál a innseacht. Nuair a chuala an righ an sgeál rug sé ar an sgian nimhneac agus shaith an toifigeach. Anois ars an rígh le na chuid arm bhí sibh ag gairidhe faoi an comhairle thug an seanfhear dúinn acht breathnuigh anois marach an comhairle sin béinn básuighthe. Cuireadh teachtairí amac ar thóir an sean fhear. Tháinic na teachtairí i gceann cupla lá agus bhí an sean fhear leo.
    Tugadh an sean fhear go dtí an righ agus bhí céad míle fáilte róimhe. Thug an righ culaith bhreágh eadaigh dhó agus nuair a bhí sé nighte glan bhreathnuigh se chomh hóg leis an rig.
    Bhí an oiread sin cionn ag an rígh air gur thug sé a rioghacht féin dhó, agus a inghean le pósadh. Pósadh inghean an rígh leis an sean fhear agus mhair siad suimhneac sáthach ina dhiaidh sin agus bronn Dia ortha triúr mac agus triúr inghean.
  19. Na Trí Chomhairlí

    CBÉ 0441

    Na trí Chomhairlí
    Bhí fear fadó sa sean aimsir agus phós sé agus ní raibh aige acht mac amáin. Nuair a bhí an mac seo mí do aois dimthigh an tathair agus ní raibh fhios ce ndeacha sé ar feadh bliadhain is fich. Ach chuaidh sé ag obair ag feirmeóir saidhbhir agus ní raibh aon fhear oibre ariám chomh maith leis.
    Bhí sé ag obair leis an bfeirmeóir agus ní raibh sé ag tógail pinghin ar bith airgead, acht an méid a chosain a bhróga agus eadaigh agus tobach. Niór admuigh sé don fheirmeóir go raibh sé pósta chor ar bith, agus shíl an fheirmeóir nach raibh, mar ní raibh sé ag cur tuairisg ar bith ar an mbhaile agus bhí an feirmeóir lán cinnte nach raibh aon bhaile aige. Ar aon chuma nuair a bhí bliadhain is fich caitte, dubhairt sé leis an bfeilméar a thurastal a thabhairt dó. Tá mé ag bráth ar dul abhaile go bfeicfidh mé a bfuil duine ar bith a dfhág mé in mo dhiaidh beo. Ní cosamail duit ars an bfeilméar gur fhág tú duine ar bith beo in do dhiaidh, mar níor chuir tú tuairisg ar an mbaile ó tháinic tú annseo, acht deir sé "Fan annseo
  20. Na Trí Chomhairlí

    CBÉ 0441

    liomsa agus tiubhraidh mé mo inghean duit le pósadh agus saidhbhris ina theannta.
    Bhuel ní feidir sin ars an fear mar táim pósta cheana fhéin. Ní feidir sin ars an feirmeóir mar níor chuir tú tuairisg ar do mnaoi ó bliadhain is fich. An raibh aon mhuirghín ort ars an feirmeóir. Tá ars an fear malrac fir nach raibh acht mí do aois nuair a dfág mé an baile. Bhuel ars an feirmeóir mara bhfuil do bhean na do mhac beo fill ar ais cugam aris. Gheall sé go bfhilleadh agus dubhairt an feilméara le na bhean trí chacai a dheánamh agus an tuarastál a bhí le fághail ag an mbhuachaill é chur isteach sa gcáca is lugha.
    Nuair a bhí sin déanta dfiarr an an [!] fear a thurastál. Bhuel ars an feirmeóir cé bfhearr leat do thurastal na trí chomhairlí mhaithe. Ní raibh fhios ag an bfear seo a raibh a thurastal fuínte i gceann do na chacai, agus fachtas dó dá dtéigheadh sé abaile gan aon airgead gur baisteach an rud é, acht mar sin féin ar seisean is maith an rud comairli agus be Dad tóg sé na comairlí.