An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní

Cuimsíonn an bailiúchán seo gach gné de thraidisiún béil na hÉireann. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

6 thoradh
  1. Seanchas faoi Ghráinne Ní Mháille

    CBÉ 0312

    mise agus tú héin. Agus má throideann, bheidh
    beó," adeir sé, "ach duine icíneacht a’inn."
    "Tá me sásta," adeir a’ Gabhainn Rua.
    Chath sé dhe agus fuair sé réidh é héin, agus
    rug sé ar a chlaidhmhe agus gho sé amach. Agus gho
    an cliamhain amach i n-éineacht leis. Agus sén
    áit a ndeachadar a’ troid i bhfíanais na
    Cúirte. Agus bhí Gráinne Mháille istigh, agus
    ru siad dhá uair le chéile, ná i ngar dhó,
    nuair a tharrain an cliamhain a chlaidhmhe agus
    bhain sé an ceánn gon Ghabhainn Rua.
    dheárna an fear insin ach breith ar mhullach
    gruaige ar a’ gcloigeann i n-a chiotóig, agus an
    claidhmhe sa láimh dheis, agus a thóirt leis isteach
    agus an fhuil a’ titim anuas as a’ gcloigeann,
    agus siúl isteach ins a’ gCúirt agus a dhoil siar
    sa bpárlús san áit a ru Gráinne Mháille
    ’n-a suí, agus a’ cloigeann a leagan ar a’
    mbourd aici.
    "Anois," adeir sé, "sin é cloigeann a’ Ghabhainn
    Rua a’d agus caoin do dhóthain as a chíonn!"
    Níor labhair sí aon fhocal. Tháinic sé héin
  2. Seanchas faoi Ghráinne Ní Mháille

    CBÉ 0312

    Seanchus faoi Ghráinne Mháille
    Rec. 783B. Bhí bean inseo fadó i nÉirinn, ins a’
    tsean-aimsir, a dtugaidís Gráinne Mháille
    urthe, agus ru aon chaiptín soithe’ sa domhan
    aríú a b’fheárr ná í. Bu dh í a ceird aríú
    ag imeacht a’ smugláil, gan bhuíochas go rí
    Shasana agus gon bháinríon. Agus bhí fear an-
    bhreá go dhreitheár aici a dtugaidís a’ Ghabhainn
    Rua air. Agus bhí sí pósta agus an fear a bhí
    aici bhíot sí ’cheapa i gcûnaí gá fheabhus gá ru
  3. Seanchas faoi Ghráinne Ní Mháille

    CBÉ 0312

    Chaoin chaon nduine acab go ru siad
    tuirseach - chaoin a’ t-athair a’ chlánn, agus chaoin
    an bhean, Gráinne Mháille, cloigeann an
    Ghabhainn Rua. Achar geárr ’n-a dhia’ bhuail
    tinneas an fear agus fuair sé bás, agus bhí
    Gráinne Mháille a’ diana ’beala mar bhí
    sí aríú, ag imeacht ar faraige agus a’ smugláil,
    agus í ’n-a bean an-mhór le rá - agus ru sí
    i nÉirinn aon bhean bu mhú le rá ná í.
    Nó go dtáinic a bheirt mhac suas i n-íbhne,
    a bheith i n-a bhfir óga. Agus i n-éineacht
    léithe insin a bhíoch a clánn mhac chor a’
    bith, ach chuir sí fios orthab. Agus tháinic an
    bheirt mhac go dtí í, agus nuair a tháinic:
    "Seo anois," adeir sí, "luach a’ méid seo
    lín díob," adeir sí, "agus ceannaígí líon," adeir sí, "an
    oiread amháin," adeir sí, "agus téigheach chaon fhear
    agaí ag obair," adeir sí, "agus cuireat sé a chuid lín
    héin," adeir sí. "Agus ná feicim-se aon afarc
    orraí," adeir sí, "go ceánn bliana, go mbeidh air-
    gead dianta gon líon agaí agus go dtioca mé
    go dtí mé leis - nuair bheas a’ líon tóicíthe,
  4. Seanchas faoi Ghráinne Ní Mháille

    CBÉ 0312

    bhí Gráinne Mháille ins a’ seómra, agus lufáir
    an domhain uilig uléireach aici roimh an nGabh-
    ainn Rua, roimh á n-a dhreitheár. Agus nuair
    a tháinic sé isteach d’eiri an fear agus chraith sé
    lámh leis a’ nGabhainn Rua, agus shuíodar síos
    a’ caint.
    "Anois," adeir an fear, adeir sé, "tá do dhreithiúr
    a rá," adeir sé, "nach bhfuil aoin fhear i nÉirinn," adeir
    sé, "in’ fhear cho math leat, agus dúirt mise léithe,"
    adeir sé, "go ru, agus gan dícéille a bheith urthe. 'Má
    Rec. 784. ta,' adeir Gráinne Mháille, adeir sí, "ar ndú,
    cheapann tú go bhfuil tusa in t’fhear cho math le
    mo dhreitheár?' 'Muise, mo lámh agus m’fhocal duit,'
    [adeirim-se], 'an chéad lá eile a dtioca do dhreith-
    eár inseo go mbeidh fhios á’m-sa cén fear is
    feárr.'"
    Ach d’eiri an cliamhain ag an nGabhainn
    Rua agus d’fhiathra sé dhe a’ dtroiteat sé é, ar
    shon na cainte a bhí an dreithiúr a rá. Agus
    dúirt a’ Gabhainn Rua go dtroiteach.
    "Cath dhíot," adeir sé, "agus fágh réidh thú héin
    agus bí amuich ar aghaidh na cúirte, "adeir sé, "go dtroide
  5. Seanchas faoi Ghráinne Ní Mháille

    CBÉ 0312

    mo chuid lín héin." Agus thosa sé a’ catha
    an lín ’n-a dhia’ ins a’ bhfaraige, i ndia’ na
    luinge, nó go dtáinic sé go Ceánn Léime
    Luímnighe agus nuair a tháinic bhí an gráinne
    deireannach caithte i bhfaraige aige. Agus níor
    bhreath(n)a sé siar agus i ndia’ an lín níos mú -
    ru aon cháll dó leis - go ru an t-ám
    thuas aige le theacht go dtí á n-a mháthair.
    Agus nuair a bhí, an lá chéanna ar úirt an
    mháthair leóthab a bheith i n-a láthair héin, go
    bhfeicead sí cé acab is mú a mbeach air-
    gead diantaí aige, tháinic a’ bheirt dritheár
    i n-éineacht agus shiúileadar a dtí í. Agus an
    mac is óige bhí sé an-chú(th)al a’ teacht go dtí
    n-a mháthair, mar ru tada dianta gá
    chuid lín aige ach é sgaoilte amach ins a’
    bhfaraige mhóir aige, agus bhí ímrí air as ucht
    go ndeárna sé é. Tháiniceadar ag a’ teach
    is nuair a tháinic shiúil a’ mac is sine
    isteach go breá fearúil go dtí á n-a mháth-
    air - go dtí Gráinne Mháille. Agus nuair
    a shiúil -
    "Seadh, a mhic," adeir sí, "tá tú ánn."
  6. Seanchas faoi Ghráinne Ní Mháille

    CBÉ 0312

    "Cér chuir tú é?" adeir Gráinne Mháille.
    "Sén áit ar chuir mé é, a mháthair," adeir
    sé," "sheól mé liom," adeir sé, "ins a’ luing, agus
    thosa mé ag Ceánn Léime leis," adeir sé, "agus
    thosa mé a’ catha mo chuid síl i mo dhia’ sa
    bhfaraige," adeir sé, "agus sén áit a ru an gráinne
    deireannach caithte á’m," adeir sé, "ag Ceánn
    Léime Luímrighe. Agus dhiún afarc a chonn-
    aic mé le bliain air," adeir sé, "agus cheap mé
    ná ru ithir a’ bith," adeir sé, "bu gloine ná
    bu doimhne ná é."
    "Á muise," adeir sí, "Goirim péin agus gaisrim-
    ic thú!" adeir sí, - ’breith ar láimh air - "tusa
    mo mhac-sa," adeir sí, " h-é fearacht mhac
    Shéamuis Bhradaigh na sgriochán!" adeir sí. "Níl
    aon bhaint á’m-sa dhó," adeir sí, "le n’athair
    atá an bacach sin a gul," adeir sí, "ach tusa
    mo mhac-sa," adeir sí.
    Beannacht dílis Dé agus na hEáglaise le
    h-anam na marú. Go mbu seacht míle mill-
    iún feárr a bheas sinn héin agus a’ comhluadar
    bliain ó anocht. Má tá peaca ánn Dia gá