An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní

Cuimsíonn an bailiúchán seo gach gné de thraidisiún béil na hÉireann. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

23 toradh
  1. Slí Bheatha - Saol na nDaoine

    CBÉ 0441

    socrocadh an cleamhnas. Thagadh siad le chéile lá an aonach agus socrochadh siad an cleamhnas agus an spré. Timceall leathchéad punnt agus bó an spré geibheadh gach cailín ó'n teach as pósadh di.
    Uaireannta ní bhiodh fhios ag na seandaoine faoi'n cleamhnas. Bhí bean ar an baile seo uair amháin agus chuaidh sí go Gaillimh Sathairn amháin. Ní raibh sí ag tigheacht abhaile sa trathnóna agus ní raibh fios ag a muinntear cár imthigh sí.
    Séard a thárla nár gur bhuail sí le fear óg sgafánta as Anach Cuan. Buail sé bleid uirthe gur chuir sé cleamhnas pósta uirthi. Ghlac sise leis an tairisgint agus bhuail sí abaile leis an oidhche sin gur pósadh la ar na mháireach iad.
  2. Slí Bheatha - Saol na nDaoine

    CBÉ 0441

    Is beag imirt cártaí na cearbachas [?] a bhí ann an uair sin. act na dhiaidh sin tháinic an droch nós isteach.
    Biodh an spraoidh againn ag damhsaí an uair sin. Bhiodh píobaire ann an uair sin. Stiofáinín Ó Ruadhain an piobaire a biodh ann an uair sin. Cuirfí fios air agus nuair a thagadh se cuirtí an pláta thart agus cuireadh gach aoinne cupla pingin ann agus mar sin beadh téagar maith le faghail aige. Step Dancing is mo bhíodh againn an uair sin, agus a leiteid de damsoirí ní raibh ar an saogal riamh ná na dhiaidh.
    Bhí nós aisteach aca maidir le cleamhnas an uair ud. Ní bhiodh aon cur na agaidh ná aontú ag an fear óg na ag an cailín óg leis an cleamhnas. Na Sean Daoine
  3. Ridire na Coille Glaise

    CBÉ 0441

    Níor thug sí néall le codhladh go maidin dhó ach a muineadh trí léim, cleasa luath agus gaisgidh dhó. "Anois" adeir sí "rachadh m'athair a déanamh cleamhnas amáireach leat, tiubradh sé slat bheag duit agus tiubhradh siar mise agus m'aon deirbhsiúr déag sa seomra agus déanad sé dhá cheánn déag go Choilm gheala dhín, tiubhradh sé aniar muid agus leagad sé air an mbord muid, caitheadh sé glac cruithneacht againn. Déiridh m'athair leat buille gon t-slat a bhúalladh air cheánn againn agus bé ar bith ceánn a bhúailes tú go gcaitheadh tú an ceann sin a phioca amac trí i ndhiaidh chéile. Núair a déiris m'athair leat céann againn a bualadh leis an t-slat abair leis go mbéidh tú luatha go leór go deas an caithe aimsire a bheith orainn. Is geárr aríst go ndéiridh sé leath buille a bualadh agus abair go mbéidh tú luatha go leór. An triomhad h-úair a déiris sé leat buille a bualadh béidh mise ag goil thart thar an áit a mbhéid tú do sheasadh agus feicid tu cleite beag súntasach i mo sgiathán deas agus buailleadh tú buille gon t-slat orm agus déanadh
  4. Ridire na Coille Glaise

    CBÉ 0441

    m'athair go mbionn-se i aoindígh leat ní fhágadh sé ceánn air chuallain orainn. Caithe mise imtheacht uait anois, tá sé gar go lá.
    Níor a d'imthigh sí, chúaidh Mac Rí i nÉirinn a chodhladh, ba gheárr an chodhladh a bhí déanta aige núair a tháinic an Ridire dhá dhúiseacht air maidin go n'ithidh sé a bhricfeasta. Núair a bhí an bricfeasta ite dubhairt an Ridire leis go rachadh sé a deanamh cleamhnas leis indiú. Dúbhairt Mac Rí i nEirínn leis go raibh sé sásta. Thug an Ridire leis an dá ingean déag siar sa seómra agus rinne sé dhá cheánn déag go Choilm gheala dhíob. Tug sé aniar iad agus leag sé air an mbord iad. Chaith se ghlac chruithneacht acab. Thug sé slat go Mhac a Rí agus dúbhairt sé leis a bhúille a bualadh. Dubhairt sé leis an céann a mbuaillidh sé buille ortha go gcaithid sé an ceánn céadna a phioca amac trí h-úaire. "Búaill do búille feasa a Mhic a Rí" adeir sé. "Béidh mé
  5. Ridire na Coille Glaise

    CBÉ 0441

    na ngébha, is s'feárr dom eirigh agus é dhúna "ná eirigh" adeir sé dúntha mise é". Chúaidh sé amach agus rug sé ar cloch a chuireadh sé i ndoras an phúithin, ghreamuigh a dhá lámh gon chloc agus a dhá chois gon talamh agus níor fhéad sé corraigh go maidin. Tháinic an gréasaidhe go dtí iad ar maidin ag fiafruigh cén chaoi ar chaith siad an oidhche. "Chúaidh sé amach ag dúna puithín na ngéibhe aréir agus ní fhaca mé ó soin é, féach a bhfuil sé amuigh ar an t-sráid. D'osgail an gréasaidhe an doras agus chonnaic sé amuigh ag doras an phúithín é. "Tá sé cromta annseo" adeir sé "má tá" adeir sí "tóir cic sa túin dhó agus leig abhaile é". Thug an gréasaidhe cic sa túin gon searbhánta agus leig sé abhaile é.
    Maidin lar na mháireach fuair an ghréasaidhe chuireadh le dhul ag an gcleamnas ag teach a Rí. Sé an sórt bhealach a bhí leób san ám sin, duine ar bith a geobhfhadh cuireadh le dul ag cleamhnas no bhainis go bhféadfhadh sé duine eile a thabhairt leis. "Réidhtigh thú h-féin" adeir
  6. Cleamhnas Mhichíl Mhuar Uí Chonaill

    CBÉ 0148

    209
    t-aile leis a’ roth eile gur chuadar is dócha
    tímpal agus fiche rámhan nó bhféidir dachad raman
    go láidir gur chuadar amach ar a’ mbóthar trim
    i do cheap ga’ h-aonne ’chonnaic é nó chualaidh
    gur dhin sé é gur maith an - ná raibh sé i
    bpoier aon fir é dhianamh - ach fear ana-
    láidir a b’eadh é, agus fear de mhuíntir Súillobháin
    a bhí ar a’ mbaile bhí ’á ínnsint dómh-sa go
    raibh sé a’ fiachaint air, go raibh sé féin ’n-a
    diaidh agus ualach eile muir aige. Bhí sé a’ cuir
    de mhar sin agus an aimsir ag imtheacht is gan
    ao’ bhean ’á fhághailt do agus d’fhiafraigh sé lá
    de chómharsain nó duin’ éigineach tímpal connus
    a dhianfí cleamhnas. "Ó mhuise ’neosfad-sa duit
    é sin, a Mhicí," fsé, "beirt a bheith i gcró."
    fhsé, "ag duine ’fhaire chúcha. Sin mar a dhintear
    cleamhnas." Seadh! i ndomhnach do ghlaodhaig sé
    isteach ar - d’innis sé a scial d’fhear - do’n
    fear so - ag d’fhiafruigh sé dhe a raghadh sé
    cró i n-aénacht leis agus go bhfaigheadh sé teach-
    taire éigineach eile a bheadh a’ faire chúcha.
    "Á ará’", do dhianfadh san an gnó go maith."
    é, "do raghainn go maith," f sé, "ach ar ndóighthir
  7. An Gobán Saor

    CBÉ 0312

    liom, "go mbeach an craiceann ’s a’ luach a’ tíocht
    abhaile ugum."
    "Well, dinfa sin," ar sise, "cé mhéad é a luach?"
    "An oiread seo airgid," ar seisean.
    Thug sí an t-airgead dó.
    "Spáin a’ craiceann anois," ar sise.
    Thug sé dhuth é. Bhain sí an olainn do agus
    thug sí an craiceann thar n-ais do.
    "Teiri abhaile anois," ar sise, "ag t’athair, agus inn-
    si an méid sin do."
    Chua sé abhaile lán d'áibhéis. D’innis sé an sgéal dá ath-
    air. Bhí áibhéis mór air-san freisin.
    "B'ait liom fios a bheith agum," adeir a’ G. S.,
    "cé h-í an bhean chliste seo a casú leat inniu
    ar an aonach, mar," adeir sé, "’sí an bhean is clis-
    te í a casú dhom-sa ariamh," adeir an mac.
    "Well, dhá mbeach fhios ugum-sa," adeir an G. S., "cé
    h-í, dhinfach muid cleamhnas, mar b’ait liom
    an bhean sin a bheith pósta ugut."
    Well bhí siad ar siúl gur diniú amach í,
    agus nuair a diniuv dhin siad a cleamhnas agus pós-
    ú iad. Bhí an G. S. lán áibhéis insin faoi’n
  8. Scológ na Féasóige Léithe

    CBÉ 0312

    rí eile - mar bhí chúig nó sé do rítiv i n-
    Éirinn a’ t-ám sin - agus bhí sin cleamhnas dian-
    ta, nú dá dhiana an oíche seo.
    Agus bhí gabha i n-aice, mar déarthá, Cúirt
    a’ rí a ru an cleamhnas gá chatha ánn. Bhí chaon
    nduine acab a goil ar a’ mbanais, ach chuir a’
    gabha ’iníon amach ag iarra uisge. Thug sí leithe
    ceantín go dtiúrat sí isteach ceantín uisge, agus
    nuair a shíl sí an ceantín a thuma síos sa
    tobar chonnaic sí a sgáile héin, b’fhacthas di,
    chonnaic sí thíos sa tobar é.
    "Muise, dhiún a mbeidh mise," adeir sí, - chath
    sí insin a’ ceantín - "dhiún a mbeidh mise
    ’mo chailín ag aoin fhear," adeir sí, "an fhad’s tá
    mé héin cho (go) breá leis a’ mbean atá a
    goil a’ pósa, nó níos breácha!" adeir sí. Chua sí
    isteach insin agus d’innis sí an sgéal dá h-
    athair.
    "Á, muise," adeir sé, "ar ndú is tú an bhean
    is gráinne a bhí aríú [ann] - is tú sin! Eirigh
    suas anois," adeir sé, leis an iníon eile, agus tóir isteach
    ceantín uisge - tá an ceantín amuich ag a’ tob-
  9. Cleamhnas Mhichíl Mhuar Uí Chonaill

    CBÉ 0148

    níl aon inghean agam-sa a thabharfainn duit.
    [Deire fiteáin 279.]
    [Tosach fiteáin 280 (a)]
    Níl aon inghean agam a thabharfainn duit ach ar ndóighthir fiadfair duin’ éigineach eile ’fhághail," dúirt sé, "nó raghad-sa i n-aénacht leat," dúirt sé "agus tabharfam fé é dhianamh agus gheóbhaimíd duin’ éigineach a bheidh a faire chúghainn." Do fuaireadar agus do chuadar sa chró is seo iad a’ dianamh a’ chleamhnais agus dá mbeidís sa chró ó shoin ní raghadh a’ cleamnas - níor chuaidh a’ cleamhnas chun cínn. Ach fé dheire is fé dhianaídhe d’imthig a’ t-athair nuair a b’fhada leis a bhí sé ’dul air agus do sholáthair sé bean do agus do phós sé agus tá a chlann ’n-a dhiaidh i n-Imleach Muar fós.
    (Deire fiteáin 280 (a).]
    [Tosach fiteáin 280 (b).]
  10. Seán Stac

    CBÉ 0148

    heart agus ní raibh aoinne un ach í féin is a h-athar 's a máthair agus bhí an talamh geallta dho. Seadh nuair a bhíodar a’ fághailt críona annsan do chuireadar sciala cleamhnais siar go Pórt Magee chun buachaill a bhí un go raibh airgead aige agus tráthnóna Domhnaigh do tháinig a’ buachaill agus stócach i n-aénacht leis agus do chonnaic Seán Stac iad. Seadh, dheaghaidh Seán trasna an oidhche sin - an Aoine an oidhche sin agus imbasa go raibh na stróinséaraí istig roimis agus ní raibh aon fháilte mhuar roime Sheán an oidhche sin. Seadh, níor dhin sé ach moíll bheag. Ghoibh sé tímpal
    a’ bóthar agus bhí Seán Stac amuich ar fad ó thuit an oidhche an oidhche sin a’ faire ar Sheán - ar a bhuachaill. Seadh, is geárr
    gur ghoibh Seán buachaill chuige. "Seadh, 'Sheáin a mhic ó." arsa Seán Stac, "bhfuil aon scial anocht agat?" "Dar dia tá mhuise, a Sheáin," ar sisean, "tá cleamhnas annsud anocht"."Tá's
    agam-sa go bhfuil a mhic ó 'Sheáin," ar sisean, "agus
    cad a dhianfair anois?" "Dianfaidh mé, dianamh
    ’á iaghmuis is dócha," arsa Seán. "Dá mbeadh aon leath choróin amháin agat," arsa Seán Stac,
  11. (gan teideal)

    Do bhí buachaill na chómhnuidhe thall ar Thuath na Dromann...

    CBÉ 0283

    79
    Do bhí buachaill na chómhnuidhe thall ar thuath na dromhann
    uair amháin agus do thárla gur deineadh cleamhnas do
    le bean a bhí go maith aosta agus nídh nárbh iongnadh
    do bhí sé ana thré na chéile dá bharr san
    Pé sgéal é, do bhuail sé amach mar seo lá agus
    do tháinig sé go dtí Amhlaoibh an Chuirrtigh a bhí na
    chómhnuidhe ar Ghort na Buine chun a sgéal do nochtadh
    dhó féachaint cadí an chómhairle a thabharfadh sé dho.
    Mar seo iseadh do thug an fear eile a chómhairle uaidh:
    ná ceangal go h-óg le lómhadh caillighe
    ledúil na cuid bólacht na mór-chuid airgid
    Do cuirfeadh brón deor ar do leacain gan teor
    Toibh-se uar chéile spéirbean mhaiseamhail
    go mbeidh buisne na síodh is a leaca mar ros
    gur mhaise led’ shórd it diaidh í nú rómhath
    Agus bheidh cló gleoidhte ar do lealbhaí na deaidh.
  12. Nuair a Éirímse ar Maidin

    CBÉ 0352

    91
    a choimn a’ tríoda nó go deachaidh ar féal i bhfadh.
    Thé
    Na thréig mise a chéad -searc mar gheall ar airgead
    Nd ar ór.
    ’s na tréig mise a chéad fearc mar gheall armhoran
    foir,
    mar i h-umhal go mbéinn-se ’stú feal i feomraí sgól
    Sgur leath-sa a leigh mé mo féin go h-óg.
    Tá mo cleamhnas ’a dhéanamh.
    ’fuair sé ’n t-abhrón seo ó máire, bean tí.
    Dubhthaigh
    1
    Tá mo chleamhnas ’a dheánamh indi agus nidhé
    "’s Ní nnó na lgaí go dtaithneann a’ bhéan daí líoin fhéin.
    Acht féighfidh mé mno diaidh í agus rachaidh mé
    leath fhéin
    fa bhruach na coilleadh craobhaighe.

    gla bhruach na coilleadh craobhaighe a chomhnuigheann si
    " tá guithe aici is binne na’n chuach ’sé a‘ glaoidh.
    Tha coan aici is glle na’n éala ar a’ thuinn
  13. An Gobán Saoír

    CBÉ 0148

    143
    "Nách siné an t-órdúghadh," fhsí, "gan teacht
    isteach is gan fhreach amuich, ná fuilim idir
    dhá lígh an doruis." "Á is fíor san," fa’
    Thoban, "aisé go maith. Cár ghabhais chúghainn,"
    Do ghabhas anuas," fsí, "an chlaidhe muar agus
    níor thánga anuas de’n chlaidhe go dtánga
    go dtí an táirseach." "Ca bhfuil do chuilleachta
    P sé, "nó cé tá léd’ chois?." "Tá sé annso."
    =Psí, ghlaodhaig sí ar a’ ngadhar gurbh ainm
    do Solan. Ó is fíor dhuis-se sin," fhsé,
    "níleann tú gan chuilleachta faidh a bheidh a’
    gadhar agat?" Seadh ’nois a chailín, fsé, "tar
    isteach." Tháinig a’ cailín isteach is do bhí
    suipéar maith age’n gcailín agus age’n Gabán Saoír
    agus age ’na mhac. 'Sé an rud a bhí ar m’ínntin
    anois a chailín," fsé, "ba mhaith liom bhean
    tíghe ’fhághailt dom’ bhach, agus do bheinn ana-sásta,"
    "Fsé, "dá mbeithfá-sa mar bhean tíghe aige agus
    cuirfidh mé fed’ chómhair é," fsé, "pecú dhian-
    fair é nó ná dianfair, a bpósfá é?."
    "Is me phósfaidh go maith," fha’ cailín, "má
    pósfann sé me." Do thoilig mac a’ Gobán
    "Saoir leis agus do dhineadar, an cleamhnas
  14. Cleamhnas Mhichíl Mhuar Uí Chonaill

    CBÉ 0148

    207
    t-athair an talamh do. Seadh! fé dheire is fé
    dhianaídhe do chuir sé stailc suas, fsé ná
    dianfadh sé lá eile oibre dho mar a’ bhfai-
    gheadh sé bean do agus a’ talamh a thabhairt
    suas do. "Níl aon stop agam-sa ort, a
    Micí," fhsé, "ar fhósadh aon lá is maith leat
    é, agus ca’ ’n-a thaobh ná soláthruíonn tú
    féin bean. Ní samhal a fhiadfainn-se breith
    errthi ag í ’thabhairt chúghat." I n-aimsir
    na h-Ínidhe a b’eadh é seo - i dtosach na
    h-Ínidhe. Seadh ’nois a micíl," fsé, "beidh
    aonach againn a leithéid seo lá," fhsé, "d
    [Naí
    aon sa Chathair - cathair saidhéin-
    siúbhluíghea
    í siúbhluímís go dtí an t-aonach agus fiach a
    mbuailfeadh aonne oiliunach linn.
    D’imíodar go dtí an t-aonach agus d’fhiafr-
    aig a’ mac de: "Seadh, ’athair," fhsé,
    connus a dhintear a’ cleamhnas so nó
    connus a soláthrófar a’ bhean?." "Ó, scial
    fuiriste go leór a dhianamh iseadh é," ph sé,
    buail soir," f sé, "go dtí go raghaimíd go
    dtí Crois Dhiarmuid Belly é b’í sin a’ cros
    ba shia soir sa t-sráid) agus bhuail anoir arís
  15. Seán Gabha

    CBÉ 0148

    eiat."
    319
    aige ’á dhianamh. Bhí feirmeóir i n-aice leis mar
    sin annsan go raibh beirt ingean aige agus d’fhia-
    fraig an feirmeoir de dhuine ’osna h-ingeanacha
    is an gnid a’ dianamh orrtha, a bpósfadh
    aonne ’ca é. I duine ’ca go bpósfadh, imbás
    go raibh sé níosa bhfeárr na feirmeóir dóibh
    "Seadh! ghluaisig a’ feirmeóir is goibh sé isteach
    sa cheárdcainn chuige lá mar seo is bhí sé ag
    obair. "bhfuil aon chuímhneamh ar phósadh ’ghath?",
    th a’ feirmeóir, "a Sheáin is mbliadna." "D’oirf
    eadh duine ’ca go maith," fé, ní is dócha ná
    faighinn iad?" "Cad ’n-a thaobh ná faighfá iad,"
    gh a’ feirmeóir. "ó dhe is dócha," f é, "gur ghrea.
    núr leó gabha ’ca," "ní ghreanúr," g an feirm-
    eóir, g é, "tabharfad-sa duine ’ca dhuit."
    "Ná bhí a’ maghadh fúgham, fhsé, "gheóbhair-se áit
    is fearr ná í," "ní bhfaighead," fsé, "gheóbhair
    duine ’ca má’s maith leat é." Socruíodar
    a’ cleamhnas ar a’ láthair sin agus do phósadar
    i gcionn scaithibh aimsire. Seadh! bhí sé a’
    chuir de is a’ dianamh go maith chun go raibh
    beirt nó triúr pháisdí ’ge agus d’úmpaig sé ar
    ól, is d’úmpaig sé ar ól ar buile, í slíghe is
  16. Cleamhnas

    CBÉ 0187

    coirioithin deatoidheasa Éirean
    ? d
    connte. Tirchonaill daraitoit. Darghabhach
    par sioghe. Tair. Caich
    ainn annsin. Bhrann. Nuair. Mrannain
    sosíos an roinn. Monain. Chochran. Laith bhearr.
    T
    chuireac
    do ros ins an; Bral as ann. Liafhon256
    a scoinn. Taira. Mhac airbhid
    aon ó. N saig seocha fharairair se in a coinn
    rosio scoirinn g or F an dar maira
    T
    air a tsoisise asur a tsaon a rí. Ma. Fuair a
    do chusta se ar ann. Drral go. Ó é suas a rinne. Marta. Mac
    "Giobha. Bhrighdreisar an sin n. é agus se in a coinn ar ann in
    i
    . Shochann. Liath
    Cleamhnas)
    n
    Bhí buachaill óg dosúil darb ainm Caithir Mhac
    Caba na chómhnui ins na Rosa in am amháin in
    áit a dtugad siad na h-Acarai air. Fuaidh se
    síar ar cuairt go cá Gaoth dobhair ionns" ar a
    chuid daoin muinnteardha. Thainic cailin óg as an
    chómharsain sin isteach ag airneal ans a teach a
    rabh se stopuighthe ann. Chuir sí spéis mór ma
    gCaithir agus nuair a bhí sí ag imtheacht in am codhlata,
  17. Fear a Dhíol a Léinidh

    CBÉ 0232

    socrú cleamhnais. "Tabhair dhom leath ghalún portair"
    adeir sé "agus gabhfha mé siar chucú." "Ní thiubhrfhadh" adeir bean
    an Public house "mur buil a luach a’ad." "Well
    níl a luach a’am" adeir sé, "agus is iomdhaí punt a
    d’fága mise a’ad" adeir sé "leis an fhad seo
    bliadhantaí" adeir sé "agus gan m’eiteach faoí leath-ghalún
    pórtair. Ach seo" adeir sé "tá léinidh mhaith a’am agus
    tiubhrfha mé dhuit í." Chaith sé dho an léine agus
    leag sé isteach thar an gcounter í, agus fuair
    sé an leath-ghalún pórtair. Bhuail sé siar
    sa seomra, agus nuair a fuaidh sé siar ní rabh
    goir acú labhairt faoí’n gcleamnas a shocrú
    go’n fhear críonna seo. Nuair a bhí an tráthnóna
    a’ tigheacht dubhairt an sean bhuachaill go m'feárr
    dhófa a thigheacht abhaile agus go socrót siad sa
    mbaile an cleamhnas seo. Tháinic agus bhí eólas an
    bhaile go maith ag an bfear dithcéillí tháinic sé
    leófa. Bhíodar sgatham maith san oidhche sa mbaile
    agus dubhairt an sean bhuachaill leófa a ghuil a
    chodhladh. D’eirigh an fear dithcéillí seo agus bhí
    eólas na seomraí aige agus ghabh sé a chodhladh an
    chéad duine. Ghabh an fear críonna siar ina
  18. Trí Léinteacha den Cheannabhán Móna

    CBÉ 0283

    226
    Do bhí díolaidheacht maith a thabhairt dhóibh as iad
    do choimead do. D’fhan an sgéal ar an
    gcuma san go dtí gur chuimhnig an stigh an
    phósadh airís agus cuige sin do chuaidh sé ag
    triall ar a dheirbhfhéaracha agus d’innis sé
    an sgéal dóibh. Dubhairt sé leo go ndéanfadh
    sé tigh fé thalamh don triúr mac mar gur
    mór leis a raibh de mhuirighin air, g go
    dtabharfadh sé féin aire dhoibh le congnamh
    a ndeir bhfear.
    Nuair a bhí an tigh déanta aige do chuir
    sé a thriúr mac isteach ann agus do chuir
    sé gadhar mór laidir isteach na dteannta.
    Bhí tuisgint idir é féin agus an inghean
    biadh do chuir ag triall ortha go coithchianta
    i ganfíos d’aoinne mór-thímcheall ortha,
    ar eagla go bhfaghadh aoinne san áit amach
    go raibh a leithéid i n-aonaor ann.
    Annsan do dhein sé cleamhnas le mnaog
    uasáil a bhí i bhfad ón áit na raibh sé
    féin na chómhnuidhe.
    Do phós sé an bhean annsan agus do thug sé
  19. Is Iomaí Cailín Óg Barrúil

    CBÉ 0352

    21
    ar ceathramh a thét).

    fuair mé féirín Ó mo chéad fearc ann mo phócal thíos
    ’sa bhfuil i h-Éirinn ní leigeasfadh siad mo bhrón
    faraor.
    thá mé fhéidh leat go ndéantar domh chomhnair chaol
    na dhiaidh sin go bhfásaidh ’n féar glas fríd io
    lár aníos.

    Rinne mé dealg nach rabh cain acht a bhí direach
    glan
    Ar chdabh leanabhaidh trí banabhaidh maguidheanncadh
    chleas
    Ra dhéando cleamhnas go leanabhaidh ’gcúil claidhe nó
    thuir.
    Nó bhearfaidh iaorasgal na mhargala ar do súilibh gha.
    Níoamhrasgal t-sin argoint, chii g. Tá iomrasgal chainnte eatorra.
    "Ií thuigin an darna líne do’n cheathram reóg
    "A mháithrín díleas
    Chualaidh sé an t-abhrán fo ag groinne Ní dubheahaigh atá
    marbh le h bl. agus a bhí at bl nuair a fuair s bás.
    ’é
    "A mhaithrin díleas ó thú sé ag imtheacht