An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní

Cuimsíonn an bailiúchán seo gach gné de thraidisiún béil na hÉireann. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

83 toradh
  1. Seanaphaidreacha agus Orthaí

    CBÉ 0148

    Ortha ’chuir Mícheál ’n-a sgiath,
    Ortha ’chuir Dia le fórsa,
    Fear cneasta caoín, ag mnaoí bhuirb
    Dhin Corp Chríost a chuir ’n-a luíghe ar a’ gcolg aréir
    Deárna, a Mhuire leis a’ ngreim,
    I n-Ainm a n-Athar, a’ Mhic agus an Sprid Naomh.
    Ó, nuair a chuaidh a Mhaighdean agus a Mac a’ lorg bheith istig, dubhairt sí léi ná faigheadh sí bheith istig. Siné an scial.(é!) Ó, arsa a fear léi í fhágaint istig agus ar sise ná fiadfadh sí é mar a luigheadh
    sí sa cholg - ná fiadfadh sí é mar a luíghfídís sa cholg, ach siné mar do dhin sé annsan léi.
    Chuir, chuir Ár dTíghearna an duig ar a’ bhfear agus arsa a’ Mhaighdean Mhuire le h-Ár dTigheárna fíll agus an fear a leigheas, go raibh a’ fear go maith agus ar sise ca’ ’n-a thaobh gur dhin sé an teinneas a chuir ar a’ bhfear. Dubhairt sé chun soluíd a thabhairt
    do’n mnaoí.
  2. An tAthair Pádraig Seán Paor

    CBÉ 0148

    -bánfaidh mé díbh," arsa bean a’ tíghe, "ca bhfuil an uaig amáireach is tugaidh a’ turas is
    beidh sí leighiste." Shiúbhluig sí abaile annso thíos le ’n-a cois go dtí Der Fhinán. Ó, an t-é a chualadh a rádh an scéil sin ach fáin Seán Liath atá thíos sa mháinistir tá caillte is cúrtha le muarán bliadhantaibh.
    Bhíodh a’ t-Athair Seán Phaor so a’ dianamh muarán leighis is do tháinig a’ t-Easbog ’á stop agus do stop sé na capaill ar a’ mbóthar ar an Easbog agus ní h-imeóch na capaille dho.
    Seadh! dubhairt an t-Easbog leis an Athair Seán Paor na capaill a chuir chun siúbhail. "Ní
    foláir, a Thighearna Easbuig," ar seisean, "is mó an power atá agat féin chun iad a chuir chun siúbhail ná agam-sa is ní leogann tú dhom i n-ao’ chor,"
    ar seisean. "Seadh! a Sheáin, well chuir na capaille chun
    siúbhail," ar seisean. Do bhuail sé slais ar na capaill is d’imíodar. "Seadh! a Sheáin, choimead a’ t-slíghe atá agat," ar seisean, "is fearr do shlíghe ná mo shlíghe-se" ar seisean.
  3. Tom Smith

    CBÉ 0376

    "Ní thúbharfai’ mé," ar sisean, "ná cuid do mharcuíocht" ar sisean.
    "Ó túbhair dom marcuíocht," ar sis.
    "Ní bhfaghair," ar sisean, "ao’ mharcuíocht," ar sisean, "ní
    thugaim-se aon mharcuíocht d’éinne," ar sisean, "ná mo
    leithéid eile," ar sisean
    Ní dhin a ’lady' ao’ rud ach éirí as a corp agus suí ar a cúlóig ar a’ dtaobh thiar do, an 'lady' is breághtha chonnaic éinne riamh. Seadh ní raibh leigheas aige air. Thug sé an mharcuíocht
    di agus tháini’ sé agus do léig sé an t-Aifreann agus nuair a chuai' sé bhaile, d’imi’ sí bhuaig a’ déunamh ar a’ Sáipéal, nuair a tháini’ sé 'bhaile do dtí ’n sagart próiste do nis sé do’n sagart próiste an sórt cailín a
    bhuail leis ar a’ mbóthar.
    "A leithéid seo dh’áit," ar sisean, "agus do dhiúltuíos trí h-uaire í," ar sisean, "agus d’éiri’ sí as a corp", ar sisean, "agus chuai’ sí ’n-a suí ar thúin a chapaill ar dtaobh thiar díom," ar sisean.
    "Ó my!" arsan sagart próiste ar sisean, "téire dtí an easbog", ar sisean, " 'nis do chúrsa dho’n
  4. Scéal faoi Bhanríon na Bruíne

    CBÉ 0312

    é leigheas, agus ní ru aon mhath ánn. Ach fuair siad
    amach go ru sé aici seo. Chuir siad fios uirthi,
    agus nuair a chuir chua sí síos agus tugú isteach [í]
    ins a’ seomra a ru an fear bhí a’ fáil bháis.
    Agus tharrain sí an leac as a póca agus chuimil sí
    dho é; agus i gceánn dhá lá aríst bhí sé cho math
    agus bhí sé aon lá aríú. Fuair sí chuile shórt dhá
    d’fhéatach sí ól agus ithe ánn; agus bhí siad a goil
    tímpull uirthi dho ló agus d’oíche nó gur mheáll
    siad a’ leac uathe. Agus níl aon tuairisg ug-
    um héin uirthi héin ná ar a’ leac ó shoin.
    ----
    Nóta: Bhí Bainríon na Bruighne i n-a ciaróig
    ag dul timpull ar an gcuinneóig nuair a
    sheas an bhanaltra uirthe (sgéalaí).
  5. An Cholann gan Cheann

    CBÉ 0376

    "Seadh téunam leat," ar sisean, leis a’ ngarsún, "go raghaimíd ann".
    Chuadar ann agus má chuadar do bhuail an’ tuagh leis.
    "Tá smut do d’ chainnt fíor," ar sisean, "cé go deacair liom," ar sisean, "tú chreidiúint fós."
    "Níl a thuille tuairisgí agam-sa lé túbhairt duit" ar sisean, "tímcheall air," ar sisean, "ach mara bhfuileann tú i bhfeidhil mise chreidiúint ar a’ méid sin,"
    ar sisean, "n’fhéudfainn-se thuille dhéunamh leat agus
    rud is aite leat ná san," ar sisean, "dubhairt sé liom," ar sisean, "t-inghean a dh’fháil lé pósa," ar sisean "agus leath na talún".
    "Ó is measa ’nois ná riamh tú," ar sisean
    "Seadh níl aon leigheas agam-sa ort," arsan garsún, ar sisean, "ach mara bhfuileann tú meáite
    ar é sin a dhéunamh," ar sisean, "tá goch aon bhaol agat," ar sisean, "go gcídhfir féin é."
    Ombasa féin is mar sin a bhí. Dubhairt sé leis an t-airgead a chúireamh amach chuige féin.
    Chúirimh sé ’mach an phingin bheag agus a phingin mhór chuige agus nuair a fuair sé ’n
  6. Ainmneacha Áiteanna

    CBÉ 0283

    gach
    Tá tobar leis ann agus téigheann daoine ar thuras
    agus deirid urnaighthe ann. Tóbhar lachtín ainm
    an tobair.
    Bhluacan.
    Chaeeaigh an Óighin. Carraig atá trí mhíle sláth.
    soir ón mBearna Dearg agus laisteas den
    páirc mhóir
    Cámh - Drom
    Culaaichín:
    Callaig an dobais. Do bhuaileadh cath annso
    fadó do réir muinntir na h-áithe.
    aol fuinsean. Tá lios ana bhreagh annso
    agus é árduighthe ana árd os cionn an tailimh.
    na thímcheall.
    gatair Ceisin. Deirtear gur bh’othar
    an áit seo agus go dtéidheadh daoine ann
    nuair a bhíodh aon bhreoidteacht ortha chun iad
    féin do leigheas
    Tá alán fean-fhothrach tímpeall an bhaill agus fallaí
    tighe mhóir agus simné ana árd. na sheasamh pós
  7. (gan teideal)

    Tá leigheasanna ana choitchianta ar fuaid na tuaithe...

    CBÉ 0283

    357
    leigheasanna ana choithcheanta ar fuaid na
    thuaithe. Mna bhíonn bó beas reamar
    ag duine agus gan chúis leis, má eirigheann
    só tanaidhe agus na dhiaidh san an bas do
    theacht uirthe deirtear gurab an laidh a
    chuir duine éigin droch- shúil uirthe.
    Agus chun an droch-shúl a choinneail uaiti
    chuirtear sréang dearg tímpeall ar a muinéal
    gu
    thíocfaidh feabhas oirthe annsan.
    Nuair a bhíonn triuch ag an leanbh
    cúirtear fé asal é trí h-uaire i ndiaidh
    a chéile. Geibhtear cuid den bhiadh a bhíonn
    ag an apal dá dh’ithe g iteann an leanbh é.
    Annsan tógann feabas air.
    Uaireannta togann snág ar an leanbhg t
    sa chliabhán agus nuair a airigheann an mhathair
    é dheireann sí Snag bisigh ort."
    "SÓCn na na na maa-ca a chan a a ch a’
    faid agus a bhíonn an mhéar ag sileadh
    Bíonn an teangan ag maladh.
  8. Beirt Mhac Rí in Éirinn, an Gadaí Dubh agus Capall na gClog

    CBÉ 0312

    insin i mbuidéal, agus bhíot sí ag ól blogam as
    i ngan fhios gon rí agus gá chatha amach aríst,
    agus í ’ligean urthe héin leis a’ rí gur b’é
    ’chaoi ru sí a’ cuir fuil a croí amach.
    "Tá tú go h-an-dona," adeir a’ rí.
    "Ó tá," adeir sí, "agus ní mórán achair a bhéas
    mé beó."
    "Bhfuil rud a’ bith a leigheasfach thú?" adeir a’
    rí.
    "Ó, níl aon rud sa domhan," adeir sí, "le mé
    leigheas ach aon nídh amháin."
    "Céard é sin?" adeir a’ rí.
    "Afarc fháil," adeir sí, "ar do bheirt mhac
    atá ar sgoil sa bhFrainc a’d."
    Rec. 782. "Sin rud," adeir a’ rí, "nach bhféata tú
    ’fheiceál, mar níl a leithidhí ánn."
    "Ó tá," adeir sí, "agus tá’s á’m-sa go bhfuil."
    Bhí an rí a’ séana urthe ná ru, ach
    mar sin héin nuair a chonnaic sé cho dona
    is bhí sí ar deire, dúirt sé léithe go dtiúr-
    that sé aici iad.
    Chuir sé fios ar a’ mbeirt mhac, agus tháinic-
  9. An Táilliúr agus an Páiste Sí

    CBÉ 0312

    "Ara, d’innse’á orm," adeir sé.
    "Ná bíoch faitíos ort," adeir sé, "ní chainteó mé
    go deó air."
    D’eirigh sé g’aon spring amháin nó gur
    thug sé leis na píopaí aríst, agus dá [fheabhus] dá
    ru siad na chéad laetheantaí go mbu seacht
    mb’fhearr an lá seo iad; agus an ceól a chuir
    sé uaidh bhí sé ’cur an táilliúr a’ hopáil
    thuas ar a’ mbourd. Agus bhí sí ag éisteacht
    le chuile shórt ag a’ dorus, agus nuair a d’airi
    an táilliúr a’ tíocht aríst í - thainic sí agus an
    canna aici - "Is mór an náire dhuit é!"
    adeir sé.
    "Ó muise cén leigheas atá ugum air?" adeir sí.
    "Tá an créatúr starvetha leis an ocras,"
    adúirt a’ táilliúr, "- níl braon bainne héin
    ugut a thabharthá dho?"
    "Ara tá, ach ní ólfach sé é," adúirt sí.
    "Well bhí go math agus ní ru go h-olc.
    "Cathfa tú dhoil," adeir a’ táillúr, "ag iarra
    snátha dhom-sa amáireach."
    Agus by gories bhí an lá an-fliuch.
  10. (gan teideal)

    Bhí fear i mbaile na nGall fadó...

    CBÉ 0376

    sibh
    "Alig lanalail," ar sise leis a’ mbean istig.
    D’fhiafhruig a’ bhean istig do cad a bhí air.
    Ní dhin an bhean istig aon faic ach fios a
    chuir ar na ghárdaí agus é thógaint agus cheithre
    bliana prídsuin a thúbhairt do m’ dhuin-
    uasal agus tháinig Peaid óg abhaile agus bhí
    trí chéud púnt age Peaidh óg agus do thóg
    san a chlann do bheaidh óg
    sin é mo sgéul-sa. Má thá bréug
    ann bíoch nú má tá úl aon leigheas agam-
    sa air.
    ach sé ’n té do gcuala-sa an sgéul
    san bhuaig ó Pheaid óg ó bhaile na
    ngall agus tá a mhac óg á dh’ínnsint anois
    díbh. Bhí sé tímcheall lé trí fichid
    bliain d’aos nuair a chuala-sa bhuaig
    é agus bhíos féinig timcheall lé deich
    mbliana fichead an uair sin. Tá tímcheall
    lé cuid bliain ó shoin ó bhí sé ann. Tá
    sé curtha lé trí fichid bliain.
    [Deire fiteán 322 (A)].
  11. Gadhair Mhártain Uí Bhraonáin

    CBÉ 0148

    163
    sin ach é siúd," fsé, le fear a’ tíghe, "ní thabh
    arfá fé ndeara mo ghadhar?" Níor thugas
    amhuise," f fear a’ tíghe, "fé ndeara an cadhai
    i n-ao’ chor ach do chonnac a’ ghadhar lead.
    cois nuair a chuadhbhair isteach." Do bhí an
    gadhar fé’n mbórd," fsé, "chun dur thuiteas
    ar meisge agus tá trí ciad púnt," fsé, "beirtha
    bhuaim agus is measa liom," fh sé, "mar ar
    chuaidh a’ gadhar abhaile." ghluais sé air abh)
    aile agus ’sé an chiad fhiafrúghadh a dhin sé
    nuair a tháinig sé abhaile ar tháinig a’ gadhí
    ar. Ththas leis nár tháinig. Bhí san go maid
    agus amáireach nuair a chuadar ag obair é
    féinig agus a bhuachaill. Seadh ’sheáin," fhsé.
    leis a’ mbuachaill, "ba bhreágh an rud dómh
    sa," f sé, "dá gcoimeádfainn tusa lém’ chois,"
    fsé, "ní bheinn cómh follamh indiu is táim.
    "Cad a bhuinn duit?" f a’ buachaill.
    "Do bhuinn," fhsé, "gur chailleas mo chuid
    airgid ar fad," fhsé, "imthighthe bhuaim agus rud
    is measa ná san liom, fsé, "tá an gadhar
    "imthighthe, "ach anois," f sé, "níl leigheas air
    agus dhinimís amhrán a bhéil dúnta de," fsé,"
  12. Ceann an Aonaig

    CBÉ 0148

    Ceann an Aonaigh, Co. Chiarraí

    156
    ar shlíghe is gur dhineadar dhá leath dho’n mhart."
    "Seadh," ffear luimníghe, "téidhir i n-ainm an
    fial," f sé, "tá an leath is fearr agam-sa - an
    leath thusaig, agus ar fheórlic na baise," fsé, "ach
    nár mhaith liom é ’dhianamh leat," fsé, "ar bhreán
    bhuidhe," f sé, "go dtabharfainn ádhbhar clabh-
    tála dhuit. Do bhailbh sé leis agus níor stad sé
    go dtáinigh sé go Crích Riaghallaig agus do bhí bean
    deáin Uí Shuillobháin ar a dhithcheall agus tháinig
    sí go tig a mháthar. Ba dheangta na fáiltí
    age ’n-a mháthair roimpi agus d’fhiafraith sí dhi
    cagra thug í. Tá, a leithéid seo," fsí, pé
    nídh do sheál a t-slíghe chúghainn é," fsí,
    ’gaisgiach do ghluais ó luimneach, agus samhal a thánga
    fé bhúr ndáin," fhsí, "fiach a mbeadh aon leigheas
    agaibh lé dianamh do chuirfeadh uainn é."
    Do mhair a seana mháthair agus do mhair a sin
    seana mháthar agus fhadar san ná raibh. Dar
    bhúr n-anm ’on fial," fsí, "nách tairbheach a’
    triúr ban sibh," fsí, "i gan bhúr n-aos g
    leabhartha ná beadh rud éigin agaibh do dhítheóch
    é!" "bailbh leat," fha’ t-seana máthair, "sa
    t-siúbhal is fearr atá agat agus bead-sa a’
  13. Seán na bPúcaí

    CBÉ 0148

    218
    críona, mar is ar Chíll a’ ghoirtin - furamhór.
    ’seadh bhíodh a gharraídhe, g, có, ar na Camán-
    aibh a bhí an tig aige do bhí sé a’ dianamh
    muarán Éireann leigheasanna, agus do bhí sé
    ráidhthe go ndineadh sé iad, agus bhí sé ’á ndianamh
    pecú bhí poier aige chun a dhianta nó nár
    dhin - nó ná raibh, ach do tháinig sé chun cluasa
    sagairt próisce bhí i bPróiste an Dromaid
    san am san gurbh aim do Faltur Rúlghmauríce
    ag sé an áit go raibh cómhnuidhe ar faltr
    "Núlghmuríce san am san ar ghrán na Fola
    agus do labhair sé go dán ar Mháistir Gaoithe
    ó’n ulthóir, ’á gcloisfeadh sé aonní eile mar
    gheall air ná a chuid leighiseanna ná a chuid
    eachtnaidhthe mar gheall ar phúcaí nár bh’fhios
    cad a dhianfadh sé leis. N’fhiadfainn-se a
    rádh ciacú bhí Seán na bpúcaí ag éisteacht
    leis nó ná raibh nó mar a raibh do h-ínns-
    eadh do é go h-áirithint é, ag - seadh, h-ínnseadh
    do é, agus fh sé leis a’ dteachtaire ’bheir a’ sciala
    chuige: "dóigh mhuise," fs, beidh fhios a
    aige sin nó agam-sa," é, "fé ’n-a dó a chlog
    anocht," é, "craca ’ghainn tá ag ínnsint an
    baile atá ar a’ dtaobh theas d’ábhainn na h-Uídhne
    tuairm is trí mhíle ar a dtaobh thoir de Shéipeal
    Chuirír saí (seipéal ’siúncáin)
  14. Tobar Oileán Deire an Domhain

    CBÉ 0148

    329
    Tobar Oileán dheire an Domhain." Seadh, do dhin
    ar maidin amáireach thug sé airgeadh dosna
    h-aonne ’ca -ádhbhar airgid- ag scaoíl sé ar
    siúbhal iad agus do bhí tit óil ar a’ gcrois na
    cheithre rian. Seadh, fduine ’sa leis a’ mbeirt
    eile dá raghaidís annso isteach g lán na gloinne
    ól a dteannta chéile, go dócha ná feicfidís a
    chéile go bráth arís. Seadh, dheaghadar isteach g
    d’óladar braon a dteannta chéile, ag imbasa
    ná raibh aon aidhm ag an mbeirt chríona ar
    gáil amach gan a thuille ól. D’imthigh a’ fear
    óg is d’fhág sé annsan i bhailbh sé leis," bhí
    sé a’ gáilt tre choill de shiúbhal na h-oidhche
    annsan a chonnaic sé solus sa choíll agus dheaghaidh
    sé fé dhéin a’ t-soluis. Samal a bhí staic
    de sean duine mhuar chríona annsan istig
    roimis is gan aonne ’n-a theannta ach é féinig
    d’fháilthigh sé roime mhac óg Rí Éire is d’fhiaf-
    raigh sé dhe cá raibh a thriall. F sé gur fé
    dhéin Thobar oileán dheire an Domhain a bhí sé
    a’ dul fiach a bhfaigheadh sé bidhéal uisce do
    leigheasfadh cos sathar. "N’fheadar-sa ca bhfuil
    sé sin," f é sin, "ach tá dritháir eile agam,"
  15. Tobar Oileán Deire an Domhain

    CBÉ 0148

    330
    f é, "ag tá sé níosa mhó ná mílle míle as so,"
    é, "agus b’fhe’ go mbeadh thuairisg aige sin duit."
    "Ó, ní bheinn-se annsan go deó!"g sé. "Is cuma
    dhuit," fhsé, "b’fhé’ go mbeithfá." Seadh! chuir sé
    tneó bhídh air annsan is dheaghadar chun codla-
    tá is chodluíodar is d’eirigh sé ar maidin is
    dhin sé suas a bhropfeast do is d’ith sé é.
    D’eirigh, sé amach annsan is seana réins éigin
    aige. Bise ar phony bheag a bhí sa coíll is
    tháinig sí chuige. "Théidhir i n-áirde errthí sin
    anois," g é sin, "g beir un chun do dhíneir ach
    ná tar anuas i n-ao’ chor di’ f é sin. Seadh,
    d’imthigh a’ pony - d’imthigh sí ar nós na gaoíthe -
    is chur sé go bial a’ doruis é is deagaidh sé
    isteach chuige sin. Seodh, d’fháiltig sé roine
    mhac óg Rí Éire agus d’fhiafraigh sé dhe cá raibh
    a thuiall. I sé gur fé dhéin bidéal uisce ó
    Thobar Oileán dheire an Domhain, go raibh eos
    tinn agen’ athair is gur maith leis braon de
    fhaghail chun í leigheas. Seadh! do dhin sé suas
    a dhínéar do annsan is d’itheadar é agus a’
    suipéar is na h-aonní i dteannta chéile is
    bhíodar a’ seanachuíocht. "Seadh, tá mo dritháir
  16. Tobar Oileán Deire an Domhain

    CBÉ 0148

    331
    críona anois," fhsé, - cár chodlais aréir," "fsé
    annsan. "Ó, do chodluíos i dteannta driothár
    duit, fé sin, "Ó siné mo dhritháin óg," fé
    sin, "is ba mhaith liom é bheith go maith. "Tá sé
    go maith fhsé. "mar a bhfuil aon tuairisg ag
    ar ndritháir críona air," fhsé, "caithfir tabhairt:
    suas. Tá sé míllte míle ó bhaile," f é. "Dherú
    ní bheinn-se go deó annsan," fhé sin, "beir," f
    Seadh, d’eiríodar ar maidin umanothar
    sé.
    annsan-an lá san-g d’itheadar a mbroffeast
    is chaith sé liathróidh roimis ar a’ mbóthar.
    "lean í sin, f é, "a’s beir un chun do dhínéir."
    "Seadh, do bhí, agus is dócha gur tháinig a’ liathróidh
    abhaile arist. Seadh, d’fháiltig sé sin roimhe
    mhac óg rí Éire is bhíodar ana- chúmpordach i
    dteannta ’chéile. Bhí'os aige gur i dteannta na
    ndriothár a chodail sé. Bhí sé a’ cur a dtuai-
    risgí air. Seadh, ’nis sé dho connus bhíodar.
    d’iarr sé dhe cá raibh a thriall nó-. "Tá’ ghé
    sin, "bidhéal uisce," fé sin, ó Thobar Oileán deire
    an Domhain atá uaim chún go leigheasfadh
    cos mh'athar. Tá sí ana-thinn aige." "Tán tú
    cóngarach go maith anois do mhuise," t é sin.
  17. Mac an Fheirmeóra agus Seanduine an Leasacháin

    CBÉ 0148

    350
    théidhre suas anois," fh sé, "agus buail trí bhuille
    dho’n t-slaitín draoidheachta orrtha, dí sin
    mar shlait orrtha," fh é, g beidh siad ag ithníor."
    Tháinig. D’eiríodar is bhíodar cómh maith is
    bhíodar riamh. Dheaghadar ag ithníor. Seadh,
    tháinig sé anuas. Seadh, bhfuil siad. "Táidh
    fsé, "siad alright." "Ní dhianfaidh sé sin a’
    guó dhuit i n-ao’ chor anois," fhsé, "ach tabhair
    Leigheas dom, fhsé, "a thabharfaidh a chainnt
    gus a h-úrlabhra dhí siúd agus a thógfaidh an all-
    adhaire dhi." "Tabharfaidh mé," fhsé. "Sin
    crócar agat," fsé, "g óladh sí trí deochadha
    dhruím sin agus beidh sí cómh maith is bhí sí
    riamh, agus chuir chúgham anuas arist é," fsé.
    "Chufrfidh mé," fsé. Seadh, bhí sí ’n-a suídhe
    thuas roimis is nuair a chonnaic sí a’
    tacht isteach é sin do chuir sí gáire aistí.
    [deire fitheáin so5
    FTosach fitheáin sob agus
    "Tó, an diabhal gur im’ chluas a chuirfinn-se é1)
    "b’fheárr liom mo bhial a bheith chun aignis
    agam i bhfad. Seadh, do chuir sí gáire
    áistí agus d’ól sí tní deocha dá dhruím. Bhí
  18. Dalta Fhinn

    CBÉ 0148

    456
    a’ gnó ’fh oscar. "Well n’fheadar a’ bhfaighead
    aonní lé n-ithe." Tá daibhch ól," annsan sí
    sé, "agus daibhch nímhe un agus gach aon t-saghas óil
    aí ól pecú ca is túisce thiocfadh ort ag beidh
    bran cómh maith leat." "Connus a chómhraiceóir.
    fhoscar. "Ó ’fh sé, ceann a bhuinnt asta cómh
    tapaidh is a gheóbhadh tarrac orrtha. "Ó, ní dhian-
    fair a’ guó, fsé, "táid siad ró-mhaith dhuit."
    loirg fear dd ghadhar agus fear duit féinig-g
    beidh fear marbh age brán comh luath leath- bhí
    bran go maith: Chuaidh sé lar na mháireach
    7
    bhuail sé an chuaile - cómhraic agus tháinig sé seo
    amach agus dtiarr, sé dhe ciacu fear ar fhear (a
    chuirfeadh sé chuige) nó iad go léir ar ’aghaidh amach)
    "Fear ’om féin agus fear ’om ghadhar fh sé. Well
    tháinig i bhí daibhc nímhe agus daibhch cneasuighthe
    annsan-g din iad san - tu féin g do ghadhar
    a níghe annsan nach aon oidhche t’réis a’ chatha
    agus dianfaidh sé alright sibh. Seadh, do chogain
    Fionn an árdóg gí fsé go b’é áit go raibh a
    leigheas féin a mbun chínn a dhaltha, a
    annsan," gh sé, "nuair a mharbhóir iad eile go
    léir, má - seasóidh sé seacht lá ag seacht
  19. Dalta Fhinn

    CBÉ 0148

    458
    ag do bhíodar san a’ buinnt ar feadh na seachtmhain
    agus bhailbh sé é (an féar) agus do bhrúigh sé é chun corc
    a chuir sa ghad, agus annsan nuair a bhí an gar- badh
    n’fhiadfadh
    a aonne - an fhuireann go léir n’fhiadfaidís a’
    Iar- do dhin sé poll sa talamh san áit go raibh
    a’ daltha agus rouláladar a’ Jar isteach ann agus bhuin
    sé an ceann de annsan. Nuair fhill sé bhíodar
    ’n-a gcodla agus bheir sé leis a’ Jac a’ triall orrth
    i ní raibh aon tiosbach ’á chuir orrtha leis a’
    bhfuil agus dhin sé iad go léir a leigheas ach fái
    Conán Maol.
    [deire fitheáin sag]
    Ó Tosach fitheáin sallad
    Conán bocht. Well, do bhí scata caorach agus beithíd
    i gach aonní dhá fheabhas age Fionn agus do dhin
    sé bochar Conán - nó Oscar a chuir ar chuíora agus a’
    croiceann a chaitheamh di gu é bhualadh isteach ar
    thón ar Chonán Maal bocht mar do fuair sé an
    strachadh diail ’on chloich agus d’fhan a chroiceann go
    léir a bhí ar a thóin - agus bhíodh smiara dúbha
    dho pháistí an bhaile agus adhbhar phéidhre stocaí
    dho’n Féinn d’olann ghlas air i ní raibh aon
    grean ach a’ fréic a bhíodh aca ar chonán Mail