Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na ngébha, is s'feárr dom eirigh agus é dhúna "ná eirigh" adeir sé dúntha mise é". Chúaidh sé amach agus rug sé ar cloch a chuireadh sé i ndoras an phúithin, ghreamuigh a dhá lámh gon chloc agus a dhá chois gon talamh agus níor fhéad sé corraigh go maidin. Tháinic an gréasaidhe go dtí iad ar maidin ag fiafruigh cén chaoi ar chaith siad an oidhche. "Chúaidh sé amach ag dúna puithín na ngéibhe aréir agus ní fhaca mé ó soin é, féach a bhfuil sé amuigh ar an t-sráid. D'osgail an gréasaidhe an doras agus chonnaic sé amuigh ag doras an phúithín é. "Tá sé cromta annseo" adeir sé "má tá" adeir sí "tóir cic sa túin dhó agus leig abhaile é". Thug an gréasaidhe cic sa túin gon searbhánta agus leig sé abhaile é.
Maidin lar na mháireach fuair an ghréasaidhe chuireadh le dhul ag an gcleamnas ag teach a Rí. Sé an sórt bhealach a bhí leób san ám sin, duine ar bith a geobhfhadh cuireadh le dul ag cleamhnas no bhainis go bhféadfhadh sé duine eile a thabhairt leis. "Réidhtigh thú h-féin" adeir(leanann ar an chéad leathanach eile)