Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)m'athair go mbionn-se i aoindígh leat ní fhágadh sé ceánn air chuallain orainn. Caithe mise imtheacht uait anois, tá sé gar go lá.
Níor a d'imthigh sí, chúaidh Mac Rí i nÉirinn a chodhladh, ba gheárr an chodhladh a bhí déanta aige núair a tháinic an Ridire dhá dhúiseacht air maidin go n'ithidh sé a bhricfeasta. Núair a bhí an bricfeasta ite dubhairt an Ridire leis go rachadh sé a deanamh cleamhnas leis indiú. Dúbhairt Mac Rí i nEirínn leis go raibh sé sásta. Thug an Ridire leis an dá ingean déag siar sa seómra agus rinne sé dhá cheánn déag go Choilm gheala dhíob. Tug sé aniar iad agus leag sé air an mbord iad. Chaith se ghlac chruithneacht acab. Thug sé slat go Mhac a Rí agus dúbhairt sé leis a bhúille a bualadh. Dubhairt sé leis an céann a mbuaillidh sé buille ortha go gcaithid sé an ceánn céadna a phioca amac trí h-úaire. "Búaill do búille feasa a Mhic a Rí" adeir sé. "Béidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)