Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)amach é maidean chuin na ba a thúbhairt abhaile. Bhí ’n
bhó dhonn ag ithe as toir go raibh deatach amach
as agus bhí sí a’ géimirig. Tháini’ sé bhaile a’ ruth [rith] agus dubhairt sé lé na mháistir go raibh sí sin ag ithe as thor go raibh deatach as agus go
raibh sí a’ géimrig. Dubhairt an máistir leis árus a bhreith leis agus an bhó do chrú. "Agus ná doirt aon bhraon do".
D’imi' sé agus do chrúig sé ’n bhó agus ní chuaidh
bainne na bó ar fad insa n-árus a bhí ’ge. D’ól sé chuid do’n bhainne chuin a’ bhó do ghlan-
chrú agus tháini’ sé bhaile agus d’fhiafruig an máistir
do ur dhoirt sé aon phioc do’n bhainne. Dubhairt sé leis ná dhin ach gur ól sé chuid do ná raghach bainne na bó ar fad insa n-árus.
"Ó," arsan máistir leis, "ná laitimís fhéin a chéile," ar sisean, "ól é go léir anois". agus is sin é, as bhainne na bó do fuair sé an
fios.
Do bhíoch na sagairt a’ ruagairt ar Mhuiris ar a' sli bhíoc sé a’ cainnt agus á rá ná raibh aon cheart aige a bheith a’ cainnt. Do bhí sé dul lá go dtí(continues on next page)