Imleabhar: CBÉ 0376

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0197

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí san go maith is dh’imi’ sé air abhaile agus tháini’
    sé ar maidin lar na mháireach agus tráthnúna
    Dubhairt a’ bhean leis a’ gcailín a’ gabhar a bhí ansan amu’ nuair a bheach sí á chrú bheith á
    dh’fhaire agus nuair a dhéunfach sé chuid uisge, é
    chuir sa stán go gcimeádfach sí do’n ndochtúir é. Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc.
    Tháinig a’ dochtúir lar na mháireach agus
    ghlaoghaig sé ar a’ gcailín chuin a chusóg a chuir ar chrocha agus thug sé síntiús maith dhi
    ach:
    "A dhochtúir," arsan cailín. "uisge
    gabhair atá ’cí siúd, "agus duit-se tháim á dh’ínnsint anois" arsan cailín leis, "agus ná croch mé"
    "Alright a chailín, , 'says' an dochtúir, "ní baol duit."
    Chuai’ sé anáirdir dtí bean na leabtha is d’fhiafhrui’ sé dhi a’ gcinnibh sí ’n t-uisge is dubhairt sí do gcinnibh do raibh sé ansan
    ach d’fhéuch sé ar a’ mbuidéal agus dubhairt sé go raibh dhá mhíonán ’n-a bolg is do
    gcathfaí í dh’oscailt. Ach lig sí sgréuch
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    5 Meitheamh 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0660: The Three Doctors
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir