Imleabhar: CBÉ 0370

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0287

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seisean lá amháin leis an bean; "Tá eagla orm go gcaithfidh mé mo bhó bheag a dhíol agus gan agam ach í. Tá deireadh na bpighneacha caithte, is fada go Lughnasa go rabh a dhath sa choibhreann agus ní bhéidh na páistí agus muid féin beo leis
    an ochras."
    "Maith go leór," ars an bhean, "creidim go gcaithfear a díol agus is mór an truaighe sgaradh léithe."
    "Níl aon neart air", ar seisean.
    D’imthigh ’un aonaigh ar maidín leis an bhó. Shiubhail leis go socair go dtáinig sé isteach go dtí ceann an mhargaidh. Casadh buachaill air 'na seasamh
    agus buideal in-a lámh.
    "Tá tú a’ gabhail ’un aonaigh lé do bhó duine mhodhamhail," ar seisean.
    "Tá", ars an fear.
    "Goide mar dhéanfá malairt eadar í féin agus an buideal?"
    "Órú thaisgidh", ar seisean, "goide an mhaith a dhéanfadh do bhuideal beag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 Meitheamh 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir