Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)D’éirigh an maighistir na
sheasamh fuair sé é féin na sheasamh in-a chlúdaigh féin.
Pósadh é féin agus nighean an
mhaighistir agus má pósadh féin cá rabh meath na malairte uirthí. Ba doiligh a léithid fhághail agus thóg siad teaghlach iongantach deas. B’eigean do’n mhaighistir
an áit fhágáil aige agus cá rabh aon mhaighistir annsin ariamh a bhí leath féin go maith leis. Tháinig gasúr beag isteach anois agus dubhairt sé gur thuit
cnaipe de na briste agus caithfidh mé a ghabhail agus an cnaipe fhuaghal.
Mar dubhairt Róise Éamonn an uair udaigh "is doiligh spanóg is gugán a tabhairt uilig díobhtha". Is doilig achan chinneal a dhéanamh. Ach sin mo
sgéal-sa anois agus má tá aon
duine agaibh go maith lé Bilí déarfaidh mise gur maith é.