Imleabhar: CBÉ 0232
- Dáta
- 1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)socrú cleamhnais. "Tabhair dhom leath ghalún portair"
adeir sé "agus gabhfha mé siar chucú." "Ní thiubhrfhadh" adeir bean
an Public house "mur buil a luach a’ad." "Well
níl a luach a’am" adeir sé, "agus is iomdhaí punt a
d’fága mise a’ad" adeir sé "leis an fhad seo
bliadhantaí" adeir sé "agus gan m’eiteach faoí leath-ghalún
pórtair. Ach seo" adeir sé "tá léinidh mhaith a’am agus
tiubhrfha mé dhuit í." Chaith sé dho an léine agus
leag sé isteach thar an gcounter í, agus fuair
sé an leath-ghalún pórtair. Bhuail sé siar
sa seomra, agus nuair a fuaidh sé siar ní rabh
goir acú labhairt faoí’n gcleamnas a shocrú
go’n fhear críonna seo. Nuair a bhí an tráthnóna
a’ tigheacht dubhairt an sean bhuachaill go m'feárr
dhófa a thigheacht abhaile agus go socrót siad sa
mbaile an cleamhnas seo. Tháinic agus bhí eólas an
bhaile go maith ag an bfear dithcéillí tháinic sé
leófa. Bhíodar sgatham maith san oidhche sa mbaile
agus dubhairt an sean bhuachaill leófa a ghuil a
chodhladh. D’eirigh an fear dithcéillí seo agus bhí
eólas na seomraí aige agus ghabh sé a chodhladh an
chéad duine. Ghabh an fear críonna siar ina(leanann ar an chéad leathanach eile)