School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Location:
- Dooagh, Co. Mayo
- Teacher: S. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nuair tháinig sé isteach d’fhuagair sé comhrac ar an mBláthmhaileach, agus chuaidh an bheirt aca ar mhachaire an dubhshláin, agus thar éis seal pionnsaidheachta marbhuigheadh an Bláthmhaileach.Seal gearr i n-a dhiaidh sin phós an Maileach an bhaintreabhach, agus bhí ceathrar mach mar mhuirghin aice – sé sin an mach ba shine leis an mBláthmhaileach agus an triúr eile leis an Máilleach.Níor thaithnigh an chéad mhach leis a Máilleach chor ar bith, mar ba Bláthmhaileach a bhí ann agus nuair a mhéaduigheadar, bhíod siad ag imirt i gcuideachta, agus facthas do’n Mháilleach go mba bheodhachta an Bláthmhaileach na a thriúr mac féin agus dubhairt sé go mbuailfeadh sé dó - beart ar an mach ba shine – ‘sé sin a Bláthmaileach acht sul mar eirigh leis sin a déanamh, bhuail taom tinnis é, agus fuair sé bás faoi na sguilthí, agus do hadhlacadh é, agus cuireadar leacht os cionn na huaighe mar chomhartha do na daoine gur uaigh bhí annsin.Bhí annsin an mháthair agus an ceathrar daoine i gcuideachta nó go dtugadar mbá leobhtha cébí áit a bhfuaradar iad agus gur phósadar.Bhí na daoine ag fairsnuighadh agus ag tidheacht go h-Acaill an tráth sin. Tháinig cúram cloinne ar cheathrar mac na baintreabhaighe, agus nuair mhéaduigheadar i n-a mbuachaillibh óga mac mic an Mháilligh, ba ainm dó Diarmuid a’ Reatha Ó Máille, agus mac mic Bláthmhailigh b’ainm dó Gar-lámhach Ó Bláthmhail.Bhí athair Dhiarmuda ag foirgint tighe i mBéal an(continues on next page)
- Collector
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male