School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Page 02_009
  3. XML “Diarmuid a' Reatha agus an Garlámhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Átha Salaigh, agus nuair a bhí sé ag snaidhmeadh na ngabhlach, bhris an seimhnéire an treathair, agus b’éigin dó stad agus bhí an gabha in-a chomhnaidhe ag droichead na Bairr-Dhéise, deich míle fhichead uaidh agus chaithfeadh duine dul fearsad Acla le dul chuige, agus deis fhagháil air. A Dubhairt an t-athair le Diarmuid – “A mhic caitfid tú dul amach fearsad Acla anocht, agus dul chun an ghabhann, agus deis a chuir ar an treathair”.
    Nuair a mheas Diarmuid go raibh sé in-am aige dul cun na feirste, d’imthigh sé, agus chuaidh sé trasna na feirste agus as go bráthach leis chun na Bairr-Dhéise, agus nuair a shroich sé an áit dhúisigh sé an gabha, agus chuir sé deis ar an treathair dhó, agus tháinig sé a-bhaile an fhearsad chéadna ar imthigh sé.
    Ó d’fhág sé an teach go dtainig sé a-bhaile aríst – timcheall cúig uaire a chluig rinne sé trí fichid míle de shiubhal, agus nuair a dhúisigh a athair ar maidin, dubhairt sé “A Dhiarmuid chodáil tú ar an bhfeirsid”
    Dearc faoi’n leabaidh leig dhom codladh” arsa Diarmuid. Dearc sé faoi’n leabaidh agus fuair sé an treathair deasuighthe agus sin é an t-adhbhar a tugadh Diarmuid a’ Reatha mar ainm air.
    Chuaidh Diarmuid lá go h-Each a Ghabhair ag díol a chuid árnéis, agus dhíol sé iad ar an oiread seo airgid, agus nuair chuaidh na ceannathóirí ghá íoc ba mhian leobhtha gan baoghal ar an oiread airgid thabhairt dhó agus gheall siad agus thoisigheadar ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male